‘Rocky 2’ mar inspioráid do Conlan an bhoinn óir ach éagóir déanta ar O’Reilly

Leagadh an curadh nua chun an chanbháis sa tríú babhta i nDoha, ach d’éirigh sé aníos láithreach agus rinne teacht aniar iontach

2015 AIBA World Boxing Championships, Doha, Qatar 14/10/2015 Bantamweight Final Michael Conlan vs Murodjon Akhmadaliev Ireland's Michael Conlan with his gold medal Mandatory Credit ©INPHO/Francis Myers
Michael Conlan ag fáil blaiseadh dá bhonn óir! ©INPHO/Francis Myers

D’éirigh le Michael Conlan, an coileachmheáchan as Béal Feirste, a lámha a leagan ar an mbonn óir i gCraobhchomórtais Dornálaíochta Amaitéaracha an Domhain i nDoha Chatar tar éis dó an lámh in uachtar a fháil ar Murodjon Akhmadaliev, as an Úisbéiceastáin, i dtroid chrua chorraitheach.

Tá Conlan ar an gcéad fhear as Éirinn a bhfuil bonn óir buaite aige ag na craobhchomórtais seo.

Bhí an chéad bhabhta an-ghar agus ní raibh mórán idir an bheirt dornálaithe. Nocht Conlan tar éis an bhua gur socraíodh le linn an tsosa an plean a athrú agus dul ar an ionsaí. D’éirigh an troid níos oscailte ansin ach ba é Conlan a chuaigh i bhfeidhm ar na moltóirí.

Bhí ar an Úisbéiceastánach Conlan a leagan amach sa tríú babhta agus is ar éigean nár éirigh leis nuair a bhuail sé Conlan glan ar an ngiall. Thit Conlan go talamh ach a bhuíochas lena aclaíocht agus a theacht aniar, léim sé aníos, ghlac sé an comhaireamh agus choinnigh sé air gur chuala sé an clog.

Dúirt sé go raibh sé ag féachaint ar Rocky 2 san oíche aréir agus is dóigh gur chabhraigh a chuimhne ar ghaiscí ‘Rocky’ sa scannán sin leis éirí aníos agus an chraobhchomórtas a bhuachan.

2015 AIBA World Boxing Championships, Doha, Qatar 14/10/2015 Middleweight Olympic Box-Off Michael O'Reilly vs Hosam Abdin Ireland's Michael O'Reilly (Blue) with Hosam Abdin (Red) of Egypt as he is declared the winner Mandatory Credit ©INPHO/Francis Myers
Michael O’Reilly (i ngorm) agus iontas air ag fógra na moltóirí gur ag Hosam Abdin na hÉigipte a bhí an bua ©INPHO/Francis Myers

Faraor, bhí Michael O’Reilly ar an taobh mícheart de chinneadh míchothrom ina throidsean in aghaidh Hossam Abdin as an Éigipt.

Bhí an trodaí meánmheáchan, as Port Laoise, sa tóir ar áit sna cluichí Oilimpeacha i Rio de Janeiro ach cé gur léir gurbh eisean an dornálaí is fearr, níor bronnadh an bua air. Tá seans fós ann go bhfaighidh sé an áit i Rio atá tuillte aige ach caithfidh sé fanacht go dtí an Nollaig nuair a thiocfaidh AIBA ar chinneadh maidir le háit sa bhreis a thairiscint.

Troidfidh Joe Ward amárach in aghaidh Julio La Cruz i roinn an trom-mheáchain éadroime

Fág freagra ar '‘Rocky 2’ mar inspioráid do Conlan an bhoinn óir ach éagóir déanta ar O’Reilly'