Rinne John Stephen Cummins obair mhór le linn na sé bliana fichead a chaith sé ina easpag in Oakland

Choinnigh John Stephen Cummins dlúthcheangal riamh le tír dhúchais a athar agus a mháthar

Rinne John Stephen Cummins obair mhór le linn na sé bliana fichead a chaith sé ina easpag in Oakland

‘Seán an mheán oíche’ a thugadh a mháthair, deirfiúr mo Dhaideo, air mar nach bhféadfaí é a chur a chodladh den teallach san oíche. Aisteach go leor tá an tréith sin a baint le go leor de mhuintir Uí Chonghaile, go fiú sna glúnta a lean.

Rugadh John Stephen Cummins in Berkeley i gCalifornia i 1928. Cuirfear inniu é san áit chéanna ach b’fhear é a choinnigh dlúthcheangal riamh le tír dhúchais a athar agus a mháthar. Máire Stiofán Niocláis Ní Chonghaile as na hAille in Indreabhán a mháthair. Chuaigh sise ar imirce go Meiriceá i dtús an fichiú haois agus lean sí a deirfiúr Jude go dtí California. Phós sí Michael Cummins arbh as Leathardán i gcontae Mhaigh Eo é. Rugadh triúr clainne dóibh, Bernard a bhásaigh le hailse ina fhear óg i 1974, Mary a mhaireann i gcónaí sa teach inar tógadh iad i Woolsey Street, Berkeley agus John.

Bhí cáil an spóirt ar John ina óige – d’imir sé leadóg d’fhoireann na scoile agus bhí sé ar fhoireann snámha na scoile agus an choláiste. Bhí an-suim aige freisin san oideachas agus bhain sé máistreacht sa diagacht amach i gCliarscoil Naomh Pádraig i Menlo Park chomh maith le cáiliú ina mhúinteoir. Oirníodh ina shagart é i San Francisco i 1953, Chaith sé seal ina shéiplíneach i mBaisleach Mission Dolores i San Francisco agus in Ollscoil Stát San Francisco sular ceapadh ar an bhfoireann é i meánscoil Bishop O’Dowd. Ba mhinic le linn a chuairteanna ar Chois Fharraige a cheistíodh sé muid faoin scoil agus b’ábhar bróid dó i gcónaí aon duine sa teaghlach a bhaineadh aitheantas amach i saol an oideachais.

Ceapadh ina sheansailéara é ar an deoise nua-ainmnithe i gcathair Oakland i 1962 agus is ansin a d’fhan sé go lá a bháis. Ceapadh ina easpag ar an deoise é i 1974 agus thaistil a uncail Seán, mo dhaideo, nach raibh i Meiriceá riamh cheana, anonn ag ócáid a choisricthe. Ar fhilleadh go hÉirinn dó is minic a labhraíodh sé ar an turas, go háirithe na sealanna a chaith sé i Lake Tahoe lena dheirfiúr Máire.

Cathair bhocht í Oakland agus tá fadhbanna go leor le drugaí, dífhostaíocht agus easpa dídine ansin. In iarracht aghaidh a thabhairt ar chuid de na deacrachtaí dhíol an tEaspag Cummins pálás an Easpaig agus chuaigh sé chun cónaithe ina éineacht le sagairt eile na deoise. Chuir sé an-bhéim ar chuidiú leis na boicht agus rinne sé a dhícheall i gcónaí d’imircigh mhídhleathacha a bhíodh i gcruachás. Chaith sé blianta mar shéiplíneach ag príosún San Quentin agus le linn na mblianta seo bhí sé gníomhach sa bhfeachtas le deireadh a chur le pionós an bháis i gCalifornia.

Fearacht go leor eile ins an gcliarlathas ag deireadh an chéid seo caite, b’éigean do John Cummins go leor scannai=l faoi mhí-úsáid leanaí ina dheoise a láimhseáil. Cáineadh go forleathan é as an mbealach ar dhéileáil sé le líomhaintí in aghaidh sagairt as deoise Oakland. Mhaígh sé féin gur scríobh sé chuig an Vatacáin i 1982, an t-iarPhápa Benedict nó Joseph Ratzinger a bhí ann ag an am, a luaithe agus a cuireadh líomhaintí faoina bhráid ag iarraidh go gcuirfí comhairle ar fáil faoin mbealach le déileáil leis na sagairt ar cuireadh mí-úsáid ina leith.

De bharr moill an fhreagra ón Vatacáin agus drogall an Easpaig rialacha na hEaglaise a bhriseadh, fágadh sagairt i bparóistí go ndearna siad dochar ar feadh i bhfad. Ghabh sé leithscéal agus é ag tabhairt fianaise i dtriail a bhain le mí-úsáid leanaí in 2004 nach raibh sé níos gníomhaí sa tóir ar dhaoine óga a ndearna sagart Antioch, California ionsaithe mígheanasacha orthu. Tá ciste os cionn $100 milliún curtha i dtoll a chéile ag deoise Oakland le cúiteamh a íoc le daoine óga a d’fhulaing.

Ceapadh é ar go leor de choistí náisiúnta de chuid Chomhairle na nEaspag sna Stáit Aontaithe agus d’fhreastail sé go rialta mar ionadaí de chuid na Stát Aontaithe ag sionaid idirnáisiúnta de chuid na hEaglaise sa Róimh. Is ar a bhealach chun na Róimhe nó ar a bhealach abhaile a thagadh sé ar cuairt go hÉirinn. Trí lá i gCois Fharraige agus trí lá i Maigh Eo – deireadh sé ‘visitors and fish smell after three days’ nuair a chuirtí ceist air cén fáth nach ndéanfadh sé cuairt níos faide.

Labhraíodh sé go minic ar an athrú a tháinig ar an gceantar seo ón gcéad chuairt a thug sé in éineacht lena thuismitheoirí i 1956 go dtí tús an chéid seo. Léigh sé Aifreann i gcuimhne ar m’athair, Nollaig Ó Gadhra, le linn ceann de  na cuairteanna deiridh a thug sé agus an ríméad is mó a bhí air go raibh glúin eile ag fás aníos sa gceantar as ar tháinig a mháthair agus ag labhairt teanga a mháthar.

Duine beannaithe a bhí ann de réir chuile thuairisc a rinne obair mhór le linn na sé bliana fichead a chaith sé ina easpag in Oakland ach nuair a bhíodh sé ina shuí sna gcistin sna hAille níor thug muide riamh air ach John.

Fág freagra ar 'Rinne John Stephen Cummins obair mhór le linn na sé bliana fichead a chaith sé ina easpag in Oakland'