Comhfhreagraí cróga
Cáide [cá fhad] ó fuair tú litir sa bpost, litir cheart, agus airgead istigh ann? Seans nach bhfuil ceann faighte agat ó bhí tú dhá bhliain déag is gur chuir do Mhamó cárta sa bpost agat agus cúpla euro istigh ann.
Cuimhnigh ar an iontas mar sin a bhí ar fhoireann Tuairisc an tseachtain seo nuair a tháinig litir cheart sa bpost, lámhscríofa go néata le biro gorm agus airgead istigh inti.
“Cad sa diabhal é seo?” a d’fhógair an t-eagarthóir, nó rud éigin mar sin.
Céard sa diabhal, go deimhin. Ní ó Mhamó a tháinig sé ach ó fhear i mbaile Chur san Eilvéis a bhí ag iarraidh fógra a cheannacht ar Tuairisc agus é ag lorg cara pinn in Éirinn. Murar chuala tú cheana faoi Chur, is é an t-ábhar gaisce atá acu ná gur ann, nó in aice leis, atá scéalta Heidi suite. Bhí cárta poist agus Heidi air istigh leis an litir freisin.
Deir an comhfhreagraí gur duine de bhunadh ‘Raeto-Roman’ san Eilvéis é agus go bhfuil suim aige sa nGaeilge. Ní raibh aon seoladh rphoist curtha leis, ná aon hánla TikTok ná Instagram. An taibhse a scríobh an litir?
Cé as a tháinig an duine seo? An bhféadfadh gur duine ceart é seo, duine le peannaireacht néata agus fonn air comhfhreagras a dhéanamh ar an tseantstíl le daoine ar fud an domhain?
I ré seo an idirlín agus na nguthán póca, tá an oiread cleachtaidh againn a bheith ar an airdeall don scam seo nó an scam siúd go dtagann sé aniar aduaidh ort nuair a fhaigheann tú litir sa bpost. An bhfuil soineantacht ar bith fágtha ionainn?
Is cosúil nach Tuairisc amháin a fuair an litir seo ón gcomhfhreagraí cróga i gcaitheamh na mblianta. Bhí an litir chéanna, nó leaganacha di, le feiceáil i nuachtáin ar fud an domhain. I measc na n-áiteanna ar foilsíodh na litreacha bhí sí ar MaltaToday sa mbliain 2020, bhí sí sa Jakarta Post in 2009, The Bismarck Tribune in North Dakota sa mbliain 2022, agus áiteanna eile.
Só, an fíordhuine atá ann? Níl a fhios againn. B’fhéidir é. An bhféadfadh go bhfuil sé fíor, nó an é an go bhfuil litir faighte ón cleasaí is béasaí ar domhan?
Bodhraithe ag caint CAO
Tháinig tairiscintí an CAO amach an tseachtain seo agus tá mé bodhraithe ag éisteacht le saineolaithe ar an raidió le seachtain anuas ag cur comhairle ar dhaoine óga gan aon imní a bheith orthu fúthu. Má chloisim duine amháin eile ag rá gur cuma faoi thorthaí na hArdteiste agus nach bhfuil ann ach rud beag, pléascfaidh mé. Más rud beag é, cén fáth go gcuirtear scoláirí trí dhá bhliain pionóis is struis ag réiteach dhó?
An bhfuil aon duine beo ar an saol seo nach mbeadh imní orthu dá mbeidís tar éis dhá bhliain nó tuilleadh a chaitheamh á marú féin ag staidéar is nach bhfaighidís an cúrsa a bhí uathu ag a dheireadh? Is beag duine nach mbeadh blaisín den imní orthu.
Sílim gurb é seo atá i gceist le ‘toxic positivity’, nó dearbhú gangaideach, nuair nach bhfuil cead agat aon mhothúchán diúltach a léiriú ar ábhar. Corruair tarlaíonn rudaí sa saol a thuilleann olc, nó díomá agus nár cheart aitheantas a thabhairt dhó sin? Nár cheart aitheantas a thabhairt don scoláire atá in ísle brí mar nár éirigh leo an cúrsa a bhí siad ag iarraidh a fháil?
Feicim go bhfuil na pointí ardaithe ar roinnt mhaith cúrsaí, cé gur deineadh laghdú arís i mbliana ar an mboilsciú ar mharcanna a tharla de thoradh na paindéime. Tá a fhios againn ar fad go bhféadfadh go n-éireodh go maith le duine sna scrúduithe, ach fós nach bhfaighidís an cúrsa a bhí uathu. Níl sé sin éasca ar aon duine is cuma cé chomh dearfach is atá tú. Tá sé beagáinín dímheasúil ar an iarracht sin a bheith ag rá gur cuma faoi, is go mbeidh gach rud ina cheart sa deireadh.
Ar ndóigh, beidh sé ina cheart sa deireadh ach b’fhéidir nach bhfuil duine ag iarraidh é sin a chloisteáil an nóiméad a bhfaigheann siad an scéala. Ní hé deireadh an tsaoil é, agus tá go leor bealaí éagsúla anois ann le dul isteach ar chúrsaí tríú leibhéal tríd an doras cúil mura n-éiríonn leis an gcéad iarracht. Ach, nach bhfuil cead ag duine a bheith corraithe nó buartha faoi? Ar feadh dhá nóiméad fiú?
***
Tuairiscíodh an tseachtain seo go raibh bábóga Labubu, fíon, airm, tobac, agus drugaí i measc na rudaí a ghabh na Coimisinéirí Ioncaim le deireanas i ruathair éagsúla a rinneadh i mBaile Átha Cliath, i lár tíre agus ag Europhort Ros Láir. I rith na gcuardach, tógadh 200 bábóg Labubu, i measc earraí góchumtha eile ar luach €90,000. Níor thuig mé go raibh an oiread éilimh ar na bábóga céanna agus go bhfuil siad istigh anois sa rannóg chéanna le gunnaí, drugaí, nunchuk-annaí agus sprae piobair.
Mura bhfuil an Labubu feicthe fós agat, is bábóga beaga boga iad agus éadan plaisteach crua orthu. Tá siad sórt cosúil leis an déanamh atá ar na Teletubbies, nó ag dul siar níos faide arís, Na Monchichis. Is geall le heilfeanna beaga iad le dath pastalach orthu. Ealaíontóir as Hong Cong, Kasing Lung, a chruthaigh na carachtair ina leabhar The Monsters a foilsíodh sa mbliain 2015. Thosaigh comhlacht mór bréagáin ón tSín, Pop Mart, ag déanamh na mbábóg ina dhiaidh sin agus á ndíol i mboscaí caocha, is é sin le rá nach bhfeictear cé acu ceann atá faighte agat nó go n-osclaítear an bosca.
Chuimhnigh mé ar na fáinní eochrach atá ag luascadh ar chrúca sa halla. Ní raibh a fhios agam nach cinn chearta a bhí iontu nuair a cheannaigh mé ceann an duine do na cailíní i rith an tsamhraidh. Is gearr gur dúradh liom nach é an rud ceart a bhí ceannaithe agam ar chor ar bith, ach leagan éigin eile, Labuby nó Lababu nó rud éigin mar sin.
***
Fág freagra ar 'DIALANN TUAIRISC: Cara pinn Tuairisc, bodhraithe ag caint CAO; an bhábóg Labubu'