‘Ríméad’ ar údar ‘Diary of a Wimpy Kid’ go bhfuil a shaothar aistrithe go Gaeilge

Beidh Jeff Kinney ag teacht go hÉirinn i mbliana chun tacú leis na heagráin Ghaeilge dá shraith iomráiteach

‘Ríméad’ ar údar ‘Diary of a Wimpy Kid’ go bhfuil a shaothar aistrithe go Gaeilge

Bhí “ríméad” ar Jeff Kinney, údar na sraithe Diary of a Wimpy Kid,Dialann Dúradáin, nuair a chuala sé gur aistríodh a shaothar go Gaeilge.

D’fhoilsigh Futa Fata an chéad leabhar sa tsraith iomráiteach do dhaoine óga mí an Mhárta na bliana seo caite, agus ba í Máirín Ní Mhárta as an gCeathrú Rua a chuir Gaeilge ar an scéal.

Dúirt Kinney in agallamh le RTÉ go raibh “áthas” air nuair a fuair sé an scéala go raibh leagan Gaeilge den leabhar i gcló.

“Bhí ríméad orm nuair a fuair mé amach gur aistríodh The Diary of a Wimpy Kid go Gaeilge mar ba as Éirinn mo shinsear agus bhí [an t-aistriúchán] an-speisialta dom.

“Is breá liom an teideal, is breá liom ainm an charachtair sa leabhar nua, agus is breá liom gur aistríodh níos mó ná leabhar amháin, go bhfuil níos mó agus níos mó leabhair á n-aistriú

. Bhraith mé nasc speisialta le hÉirinn i gcónaí,” a dúirt Kinney.

Foilsíodh an dara leabhar sa tsraith, Dialann Dúradáin: Rodrick Abú, ag deireadh na bliana seo caite agus tá fógartha ag Futa Fata go gcuirfear an tríú leabhar Dialann Dúradáin: Barr an Donais, i gcló mí Mheán Fómhair na bliana seo.

Beidh Kinney ag teacht go hÉirinn roimh an Nollaig leis na heagráin Ghaeilge a d’fhoilsigh Futa Fata a chur chun cinn. Beidh na trí leabhar ar fáil faoin uair sin. Déanann Kinney camchuairt dhomhanda chuile bhliain agus bíonn iomaíocht mhór ann idir na foilsitheoirí sna tíortha éagsúla le go dtiocfaidh sé ar cuairt acusan.

Dúirt Tadhg Mac Dhonnagáin ó Futa Fata le Tuairisc.ie go dtacóidh cuairt an údair mór le rá go mór leis na leaganacha Gaeilge.

“Bhuail mé le Jeff Kinney ag ócáid ag Aonach Leabhar Bologna an mhí seo caite – uaidh siúd a tháinig an smaoineamh teacht go hÉirinn i mbliana agus chuir ionadaí ón teach foilsitheoireachta in iúl dom gur ar mhaithe le tacú leis na heagráin Ghaeilge go sonrach atá sé ag teacht, seachas na heagráin Bhéarla a fhoilsítear i Londain is a dhíoltar in Éirinn.

“Tacaíocht shuntasach don Ghaeilge féin atá i gceist leis an gcuairt speisialta seo, ó scríbhneoir a bhfuil lucht leanúna ollmhór ar fud na cruinne aige. Tá ríméad orainn sa Spidéal go mbeidh muid ag cur fáilte go hÉirinn roimh Jeff agus a chriú roimh Nollaig,” a dúirt sé.

Tá 11 leabhar ar fad foilsithe sa tsraith Bhéarla go dtí seo agus leabhair nua á scríobh ag Jeff Kinney i gcónaí.

Ba í Aisling Ní Fhlatharta as Tír an Fhia i gConamara a chum teideal an leabhair i gcomórtas a reáchtáladh le linn Sheachtain na Gaeilge 2016. Roghnaíodh an teideal a mhol Aisling mar gheall ar a ghonta is a bhí sé agus toisc go raibh “rithim agus fuaim cheolmhar” ann, a dúirt Futa Fata.

Dírithe ar ghasúir idir 8 agus 12 bhliain d’aois atá an leabhar agus insítear an scéal mar chineál dialainne. Tá pictiúir ar bheagnach gach uile leathanach. Tugtar le fios gurb é Greg Heffley féin, príomhcharachtar na sraithe, atá ag tarraingt na bpictiúr.

D’fhoilsigh Jeff Kinney Diary of a Wimpy Kid ar líne ar dtús nuair nár éirigh leis foilsitheoir a aimsiú dó. Sé bliana a chaith sé ag obair ar an saothar sular chroch sé ar líne an chéad lá é, ach ó shin i leith tá 80 milliún cuairt tugtha ar an leagan ar líne agus é á léamh ag os cionn 70,000 gasúr in aghaidh an lae.

Cuireadh an leabhar i gcló sa bhliain 2007 agus bhí rath dochreidte air ó shin. Tháinig leagan scannáin den scéal amach sa bhliain 2010, agus tá an ceathrú scannán sa tsraith sin á dhéanamh i láthair na huaire.