Rhasidat Adeleke tríd go dtí an rás ceannais sa 400m i bPáras

Beidh Adeleke anois ag rith sa bhabhta ceannais oíche Dé hAoine agus deis aici an t-ochtú bonn a bhuachan d’fhoireann na hÉireann ag Cluichí Oilimpeacha 2024

Rhasidat Adeleke tríd go dtí an rás ceannais sa 400m i bPáras

Tá Rhasidat Adeleke cáilithe don bhabhta ceannais i gcomórtas 400m na mban sna Cluichí Oilimpeacha tar éis di teacht slán ó na babhtaí leathcheannais i bPáras anocht. 

Tháinig Adeleke sa dara háit ina rás, an chéad cheann de na trí rás a bhí ar siúl sna babhtaí leathcheannais.  

Cé gur chríochnaigh sí i 49.95, ní raibh cuma chomh láidir ar Adeleke is a bhí sna babhtaí cáilithe níos luaithe sa tseachtain agus bhí sí cuid mhaith chun deiridh ar an mbean sa chéad áit, Salwa Eid Naser ó Bhairéin (49.08).

Beidh Adeleke anois ag rith sa bhabhta ceannais oíche Dé hAoine agus deis aici an t-ochtú bonn a bhuachan d’fhoireann na hÉireann ag Cluichí Oilimpeacha 2024. Beidh lána níos fearr ag Adeleke sa rás ceannais, Lána 4, ná mar a bhí aici anseo agus í lána 8.

Bhí bua gan stró ag Adeleke sna babhtaí cáilithe, a céad rás riamh sna Cluichí Oilimpeacha, agus í ar bogshodar don 30m deireanach.  

Measadh Marileidy Paulino Dhoiminice agus Nickisha Pyrce Iamáice i measc roghanna na coitantachta chun bonn a bhuachan roimh thús na gCluichí agus cé go raibh Paulino ar fheabhas ina rás, theip ar Pryce an babhta ceannais a bhaint amach. 

Bhuaigh Natalia Kaczmarek na Polainne, a fuair an ceann is fearr ar Rhasidat Adeleke i gcraobhacha na hEorpa sa Róimh níos luaithe i mbliana, an tríú rás leathcheannais anocht. 

Bhuaigh Adeleke bonn airgid sa rás 400m sa Róimh ach is ag díriú ar na Cluichí Oilimpeacha a bhí an tÉireannach óg i gcaitheamh na bliana agus í ag glacadh páirt sna cluichí den chéad uair. 

Maidin mhaith a bhí ann maidin inniu do bheirt lúthchleasaithe eile ar fhoireann na hÉireann. D’éirigh go hiontach le Sarah Lavin i mbabhtaí cáilithe an chliathrása 100m agus í tagtha sa dara háit ina rás níos luaithe inniu. Fágann sin go bhfuil áit bainte amach ag bean Luimnigh sna babhtaí leathcheannais maidin Dé hAoine. 

Tá áit sna babhtaí leathcheannais bainte amach chomh maith ag Mark English i gcomórtas 800m na bhfear. Chríochnaigh English díreach chun deiridh ar Gabriel Tual na Fraince ina rás cáilithe ar maidin agus an Conallach ag dul ar aghaidh go dtí na babhtaí leathcheannais, a bheidh á reáchtáil maidin Dé hAoine. 

Níor éirigh chomh maith céanna le Sophie O’Sullivan ná le Sarah Healy sna babhtaí repechage i gcomórtas 1500m na mban. Chríochnaigh an bheirt lasmuigh den chéad trí háit sna ina rásaí, rud a fhágann go bhfuil deireadh déanta acusan i bPáras. 

Sa tseoltóireacht, chríochnaigh Finn Lynch san ochtú háit i rás na mbonn i gcomórtas dingí na bhfear tráthnóna, toradh a d’fhág sa deichiú háit é ar an iomlán. 

I gcomórtas gailf na mban, breathnaíonn sé go bhfuil rás Leona Maguire agus Stephanie Meadow rite cheana féin agus an bheirt críochnaithe sé bhuille os cionn an phar tar éis an chéad bhabhta inniu. Tá Celine Boutir na Fraince chun tosaigh ar chuile dhuine eile faoi láthair ag -7 agus Ashleigh Buhai ón Afraic Theas sa dara háit ag -4. Tá ceathrar eile cothrom ag -2 agus trí bhabhta eile le teacht. 

Is iad Meadow, Maguire agus Kate O’Connor, a bheidh ag glacadh páirt sa heaptatlan, na hÉireannaigh a bheidh san iomaíocht i bPáras amárach. 

Fág freagra ar 'Rhasidat Adeleke tríd go dtí an rás ceannais sa 400m i bPáras'