Tá Cumann Lúthchleas Gael ag tacú le feachtas nua An Fáinne a chur chun cinn i measc bhaill CLG.
Tá captaen sheaimpíní iománaíochta na hÉireann Declan Hannon agus an peileadóir de chuid na Gaillimhe Paul Conroy ina n-ambasadóirí ag an bhfeachtas nua.
Suaitheantas é an Fáinne a chaitheann duine chun a chur in iúl go bhfuil sé sásta Gaeilge a labhairt.
Cainteoir líofa é Conroy a tógadh le Gaeilge agus eisean a ceapadh ina ambasadóir ar an bhFáinne Óir.
‘Tá an Ghaeilge le feiceáil gach áit i gCumann Lúthchleas Gael. Bíonn sí le feiceáil ar na geansaithe, ar na comharthaí timpeall na páirce agus, ar ndóigh, bíonn sí le cloisteáil nuair a chastar Amhrán na bhFiann.
“Is rud annamh é sin agus tá freagracht orainn ár dteanga a spreagadh agus a chur chun cinn. Is minic a thagann daoine suas chugam ag inseacht dom faoin ngrá atá acu don Ghaeilge agus deir siad liom go bhfuil siad ag iarraidh í a fhoghlaim arís,’ a deir Conroy.
Tá Declan Hannon, a bhfuil ‘cúpla focal’ aige, ina ambasadóir ar an bhFáinne Airgid agus é de rún aige daoine ar bheagán Gaeilge a spreagadh chun í a labhairt.
“Ba cheart dúinn uilig a bheith fíorbhródúil as ár dteanga náisiúnta agus as ár dteanga dhúchais,” a deir Hannon. “Is cuid dár n-oidhreacht agus dár gcultúr í. Úsáidigí an ‘cúpla focal’ chomh minic agus is féidir. Beatha teanga í a labhairt.”
Deir CLG go bhfuil imeachtaí agus comórtais beartaithe acu do na míonna amach romhainn chun daoine a spreagadh an Fáinne a chaitheamh agus go spreagfar baill an chumainn le bheith páirteach sa bhfeachtas.
Chuir Uachtarán CLG, Seán Ó hÓráin fáilte roimh an bplean nua ag an seoladh oifigiúil ar maidin. Tá Ó hÓráin féin ag freastal ar ardrang Gaeilge i bPáirc an Chrócaigh faoi láthair.
“Tá ról lárnach ag na nGaeilge i gCumann Lúthchleas Gael agus tá seifteanna dearfacha den chineál seo iontach le daoine a spreagadh chun Gaeilge a labhairt. Gach seachtain, bíonn Gaeilgeoirí ag freastal ar chluichí de chuid an chumainn agus níl aon amhras faoi ach go mbeadh níos mó Gaeilge á labhairt ag na cluichí dá gcaithfí an Fáinne agus dá mbeadh bealach ag daoine le Gaeilgeoirí eile a aithint.”
Is féidir fáinní a cheannach ó Gael Linn agus ó Chonradh na Gaeilge.
Sibéal
Níl sé soiléir céard is brí le Fáinne. Is lógó an-neodrach le breathnú atá sa bhFáinne. Seo bríonna éagsúla a bhain roinnt daoine as:-
Is maith liom an íomhá Gaelach a thugan an Fháinne dom ach ná labhair i nGaeilge liom.
Tá cúpla focal agam.
Ní thuigim mórán ach is maith liom an 100 focal atá agam a chleachtadh le daoine le Gaeilge.
Tá Gaeilge ón Ghaelscoil agam.
Is maith liom 5 nóiméid a chaitheamh ag caint i nGaeilge agus ansin tiontú ar an mBéarla.
Labhraim I nGaeilge le daoine go bhfuil Gaeilge acu ach ní labhraiim i nGaeilge le stóinséir a chaitheann an Fáinne.
Tá fáinne agam a thug an múinteoir Ghaeilge dom ach ní maith í a labhairt taobh amuigh den scoil.
Sorry that’s not a Fáinne it’s a clip button.