Réab na beithígh amach as na páirceanna leis an tart agus bhí uisce á dhíol de réir an bhuicéid…

Is beag ár gcleachtadh ar an teas ach tharla a leithéid cheana. Seo súil ar thriomach na mblianta a caitheadh…

Réab na beithígh amach as na páirceanna leis an tart agus bhí uisce á dhíol de réir an bhuicéid…

Pictiúr: Sasko Lazarov/Photocall Ireland

Tá a lán cainte tarraingthe ag triomach na bliana seo mar gur beag ár gcleachtadh ar an teas ach tharla a leithéid cheana. Is cuimhin le cuid againn samhradh 1975 agus 1976 ach cuimhní eile a bhí ag muintir na ndaltaí a bhí sa bhunscoil sna 1930idí.

Ag tochailt dúinn i mBailiúchán na Scol ar dúchas.ie, b’ábhar suntais gurb iad Béarlóirí na tíre a bhí ag cur síos ar an triomach agus nach raibh ach tagairt amháin den tsoineann as an nGaeltacht. Liam Bhúdhlaer i mBaile an Fheirtéaraigh i gContae Chiarraí agus é ag cur síos ar an triomach a bhí ann i 1921 “ar feadh sé nó seacht de sheachtmhainí”. Rinne an triomach sin “ana-dhíobháil dos na barraí agus dos na prátaí agus don bhféar” i gCorca Dhuibhne.

Scéal Spancel Hill nó Cnoc Uarchoille a bhí ag Michael Corry as an Dún Mór i gContae an Chláir dúinn. Níor chuir sé bliain leis an triomach áirithe sin ach ní raibh deoir uisce le fáil i dtobar ná i sruthán. Nuair a tháinig muintir iarthar an Chláir ar an aonach, bhain muintir an bhaile sin cual airgid díobh ar dheoch uisce do na capaill agus dar le Michael, chuir siad a mallacht ar an lá. Riamh ó shin, deirtear go mbíonn sé ina bháisteach ar Aonach Spancel Hill Lá Fhéile Naomh Eoin, an 24 Meitheamh.

Ba mhaith ba chuimhin le Daniel Cussen as Cromadh i Luimneach, a bhí 70 bliain d’aois i 1939, an triomach a bhí ann in 1886. Bhí an t-eallach ag fánaíocht ar na bóithre ag cuardach braon uisce. Bhí an talamh rua dóite agus é scoilte ag an teas, rud a thug deis do na coiníní a bheith ag pocléim isteach is amach astu.

D’eachtraigh George King i mBaile Iúiliáin i gContae na Mí faoin mbliain 1887 nuair a thriomaigh toibreacha, srutháin agus aibhneacha. Bliain an choirce ghiortaigh a tugadh ar an mbliain sin mar nár fhás gas nó sop an choirce ach naoi n-orlaí agus nárbh fhéidir punann a cheangal. Dúirt Leonard Hayden i gCill Chainnigh gur mhair an triomach sin trí mhí agus go raibh na beithígh ar fad ag búiríl leis an tart agus daoine ag siúl mílte le buicéad uisce a fháil. Mar sin féin is cosúil gurbh an-bhliain prátaí a bhí inti i gCill Chainnigh.

Bhí an-spalladh i gCill Dara an bhliain chéanna. Deir Eilish Crowley linn go mbaintí an féar ar maidin agus go dtugtaí díreach ar an margadh sa gcairt é. Réab na beithígh amach as na páirceanna leis an tart agus bhí uisce á dhíol de réir an bhuicéid.

Bhuail an triomach sin Imleach i gContae Thiobraid Árann in 1887 chomh maith céanna, a deir Daniel Barry. B’éigean do na feirmeoirí na beithígh a dhíol agus ní bhfaigheadh siad ach £3 ar an mbó ab fhearr a bhí ar an margadh. Aon duine a raibh uisce sna móinéir acu cheannaigh siad na beithígh agus rinne siad a saibhreas. Díoladh féar dhá acra ar £100 an bhliain sin de bharr an ghanntanais.

1895 a bhí ina chuimhne ag Pat Groarke i gContae Ros Comáin agus an droch-cháil a tarraingíodh ar fhear as an áit nach ligfeadh d’aon duine braon a thabhairt as a thobar agus an t-eallach spalptha. D’éirídís san oíche leis an uisce a ghoid.

Triomach a bhí acu i 1911 i gCill Chainnigh agus dá bharr bhí na torthaí aibí an-luath sa samhradh agus cailleadh eallach agus caoirigh cheal uisce. Baineadh an fómhar i mí Iúil agus chonaic Elizabeth White crann fíniúna á fhás ag teaghlach amháin sa gceantar.

Luath sa mbliain a bhí an triomach i gContae Longfoirt i 1938 agus níor cuireadh aon síol i dtalamh go raibh sé an-deireanach sa mbliain. Ach, a deir James Molloy, nuair a thosaigh an bháisteach ní raibh aon stopadh ina ceann agus bhí sé fós ag gleadhradh i 1939 nuair a d’inis sé a scéal.

Fág freagra ar 'Réab na beithígh amach as na páirceanna leis an tart agus bhí uisce á dhíol de réir an bhuicéid…'