Rabhadh ardteochta buí eisithe agus teocht chomh hard le 28 céim Celsius á tuar

A bhuíochas don ardbhrú atá i réim beidh bun ar an aimsir don deireadh seachtaine agus é te, tirim agus grianmhar

Rabhadh ardteochta buí eisithe agus teocht chomh hard le 28 céim Celsius á tuar

Tá rabhadh ardteochta buí eisithe ag Met Éireann don Aoine agus don Satharn agus teocht chomh hard le 28 céim Celsius á tuar.

Beidh an rabhadh i bhfeidhm ó mheán lae amárach go dtí 6am maidin Dé Domhnaigh i gCeatharlach, Baile Átha Cliath, Cill Dara, Cill Chainnigh, Laois, an Longfort, Lú, an Mhí, an Iarmhí, an Cabhán, Muineacháin, Ros Comáin agus Tiobraid Árann.

Meán lae Dé Sathairn a thiocfaidh an foláireamh i bhfeidhm do na contaetha eile agus mairfidh sé go dtí 6am Dé Domhnaigh.

A bhuíochas don ardbhrú atá i réim beidh bun ar an aimsir don deireadh seachtaine agus é te, tirim agus grianmhar. D’fhéadfadh an teocht a bheith chomh hard le 28 céim Celsius in áiteanna sa tír.

Tá ceo agus smúit na maidine glanta ag an ngrian agus beidh neart gréine is spéir ghlan againn go tráthnóna. Beidh corrnéal ar an spéir sa taobh ó thuaidh agus san iarthar ach glanfaidh siad amach sa lá. Idir 22 agus 27 céim Celsius atá á thuar agus gan ach leoithne éadrom mar fhuarú beag.

Sa taobh ó dheas den tír a ghealltar an ceo maidine amárach ach grian is teas a thiocfaidh ina dhiaidh. Leoithne éadrom aneas a bheidh chugainn agus an teocht idir 22 agus 27/28 céim.

Beidh an Satharn te nó b’fhéidir an-te ach sa gcuid thoir den tír is grianmhaire a bheidh sé agus é níos scamallaí sa taobh thiar. Idir 23 agus 27/8 a bheidh an teocht agus gaoth mheasartha anoir aneas ag séideadh.
Beidh grian bhreá san oirthear agus sa tuaisceart maidin Dé Domhnaigh. Scaipfidh scamaill agus múraíl bháistí isteach thar muir ar Chúige Mumhan agus ar Chonnachta san iarnóin. Leis an tráthnóna agus i rith na hoíche leathfaidh an salachar báistí sin leis soir ó thuaidh. Seachas sin beidh an lá te nó brothallach agus an teocht fós idir 22 agus 28 céim agus gaoth mheasartha aneas nó anoir aneas.

Is é meabhair lucht meitéareolaíochta faoi láthair go mbeidh an aimsir luaineach go maith i dtús na seachtaine seo chugainn, go mbeidh sé níos fuaire agus an teocht maolaithe go dtí na déaga arda nó b’fhéidir beagán os cionn an 20 céim, agus go mbeidh sé ceathach agus ráigeanna níos seasmhaí báistí againn.

Fág freagra ar 'Rabhadh ardteochta buí eisithe agus teocht chomh hard le 28 céim Celsius á tuar'