Fuaim
Éist leis an ngiota fuaime seo mar a bhfuil sliocht ón mír próis á léamh os ard.
Gníomhaíocht 1:
- Déan leath den ghearrscéal a léamh don duine in aice leat agus déanfaidh sé/sí an leath eile a léamh.
- Déan focail nach dtuigeann sibh a chuardach ar www.tearma.ie, www.teanglann.ie, www.focloir.ie
- Ag obair leis an duine in aice leat déan iarracht scéal/teachtaireacht an ghearrscéil a insint.
Gníomhaíocht 2 – Meaitseáil:
Gníomhaíocht 3 – Líon na Bearnaí:
Gníomhaíocht 4– Ceisteanna Ginearálta
- Déan cur síos ar na nithe a dhéanadh Jimmy agus Sarah le chéile.
- Pléigh an léargas a fhaighimid ar Jimmy.
- Tabhair achoimre ar an méid a tharlaíonn sa bheár.
- Céard í teachtaireacht an ghearrscéil seo?
- An bhfuil an chríoch éifeachtach? An bhfuil codarsnacht i gceist leis an gcuid eile den ghearrscéal?
Gníomhaíocht 5 – Léirthuiscint, tuairimíocht agus ceapadóireacht
- Déan cur síos ar cad a tharla ina dhiaidh seo?
- Déanann cara le Jimmy, Billy, óráid a thabhairt ag a shochraid. Déan an óráid sin a scríobh.
- Cén fáth ar dúnmharaíodh é, meas tú?
- Scríobh giota den chomhrá bhí idir Jimmy agus a chairde sa teach tábhairne.
Gníomhaíocht 6 – Plé agus Míniú
Déan an méid thíos a léamh agus a phlé leis an duine in aice leat.
Tréithe an Ghearrscéil:
- Tá téama láidir sa ghearrscéal seo agus cloíonn an t-údar leis ó thús go deireadh.
- Déantar léiriú iontach ar an bpríomhcharachtar.
- Tá casadh tobann, gan choinne, ag deireadh an ghearrscéil.
- Is minic a bhaineann údair úsáid as cleasa éagsúla chun cur le hatmaisféar an ghearrscéil a bhíonn idir lámha acu.
- Cuireann an foréigean ag an deireadh le hatmaisféar an ghrá sa ghearrscéal.
- Cuireann an eachtra foréigneach béim thruacánta ar an ghrá abhí le mothú sa ghearrscéal go dtí sin.
- Tá codarsnacht láidir ansin.
Gníomhaíocht 7 – Súil Siar – Ceisteanna Ilrogha
Seán Ó Cheallaigh
Ba bhreá liom na nótaí seo a fháil – cuma orthu go mbeidh siad fíor-úsáideach ! go raibh míle