Príosún saoil gearrtha ar Patrick Quirke as dúnmharú Bobby Ryan

Chinn an giúiré, deichniúr in aghaidh beirte, go raibh an feirmeoir leathchéad bliain d’aois ciontach i ndúnmharú an fhir ar dúradh é a bheith in aighneas leis mar gheall ar ghrá do bhean

Príosún saoil gearrtha ar Patrick Quirke as dúnmharú Bobby Ryan

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Tá príosún saoil gearrtha ar Patrick Quirke, feirmeoir ó Thiobraid Árann, as dúnmharú Bobby Ryan, DJ páirtaimseartha a raibh ‘Mr. Moonlight’ mar ainm aige.

Chinn an giúiré, deichniúr in aghaidh beirte, go raibh an feirmeoir leathchéad bliain d’aois ciontach i ndúnmharú an fhir ar dúradh é a bheith in aighneas leis mar gheall ar ghrá do bhean.

Mhair an triail 15 seachtain, rud a d’fhág gurb í an triail dúnmharaithe is faide ó bunaíodh an Stát.

Shéan Quirke as an mBréinseach Mhór i dTiobraid Árann gur mharaigh sé Bobby Ryan tráth éigin idir an 3 Meitheamh 2011 agus Aibreán 2013.

Chuaigh Bobby Ryan ar iarraidh i ndiaidh dó a bheith ar cuairt ar theach a pháirtí Mary Lowry ar an 3 Meitheamh 2011. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, mí Aibreáin 2013, a ghlaoigh Quirke tar na Gardaí chun a insint dóibh gur tháinig sé ar chorp i seantanc a bhí á fholmhú aige.

Maíodh gurbh amhlaidh gur mharaigh Quirke Bobby Ryan ionas go bhféadfadh sé tús a chur athuair leis an gcaidreamh a bhíodh aige le Mary Lowry, an bhaintreach a raibh a cuid talún ar cíos ag Quirke.

Bhí caidreamh idir Bobby Ryan agus Mary Lowry tráth ar imigh sé gan tásc gan tuairisc.

Chaith an giúiré nach mór 21 uair an chloig ar fad i mbun marana ar an gcás.

Ó tharla an oiread sin ama a bheith caite acu ag plé an cháis, dúirt an Breitheamh Eileen Creedon go nglacfaí le cinneadh a mbeadh tromlach 11-2 nó 10-2 ar a shon.

Chuir an Breitheamh a comhbhrón in iúl do mhuintir Bobby Ryan agus chuir sí príosún saoil ar Quirke.

Fág freagra ar 'Príosún saoil gearrtha ar Patrick Quirke as dúnmharú Bobby Ryan'