Prionsabal na hostraise agus na cúiseanna nach mbíonn muid ullamh don tubaiste

Is cosúil go bhfuil sé chlaonadh ionainn a chuireann bac orainn agus muid ag iarraidh réiteach a dhéanamh in aghaidh na dtubaistí

Prionsabal na hostraise agus na cúiseanna nach mbíonn muid ullamh don tubaiste

Céard a bheidh amach romhainn in 2022? Is deacair a rá ach tá an chuma ar an scéal gur tuilleadh den rud céanna a bhí againn in 2021 atá i ndán dúinn.

Níor tháinig aon athrú mór millteach ar chúrsaí na paindéime i mbliana ainneoin na vacsaíní, níl aon dóchas mór i ndán dúinn ó thaobh athrú aeráide ná díothú na bithéagsúlachta. Chaithfeá an cheist a chur, an bhfuil an cine daonna in ann a ghabháil i ngleic leis na tubaistí móra seo?

Chonaic muid i mbliana na deacrachtaí atá againn oibriú le chéile ar bhonn domhanda chun gníomhú in aghaidh na dtubaistí móra. Tá claonadh sa gcine daonna a bheith go dona ag an bpleanáil fhadtéarmach. Bhí muid mar sin riamh anall, ach anois agus fadhbanna móra domhanda sa mhullach orainn, tá an claonadh seo ina bhac mór orainn.

Cé go bhfuil beagnach 5.5 milliúin duine maraithe ag an víreas Covid-19 ar fud an domhain, agus cé go bhfuil an chaidhp pholach ag leá agus cé go bhfuil díothú na bithéagsúlachta ag imeacht in olcas, ní léir go bhfuil muid in ann comhaontú a fháil faoin gcur chuige chun dul i ngleic leis na fadhbanna móra seo agus gníomhú dá réir.

Déantar cur síos ar an gclaonadh seo sa duine neamhaird a dhéanamh den tubaiste fhadtéarmach sa leabhar The Ostrich Principle: Why We Under Prepare for Disasters le Robert Meyer agus Howard Kunreuther. Tá a fhios ag chuile dhuine go bhfuil sé de cháil ar an ostrais go sánn sí a cloigeann síos le talamh nuair a bhíonn an chontúirt ag déanamh uirthi. Is ostraisí uilig muid, is cosúil.

Déanann na húdair cur síos sa leabhar ar thaighde a léiríonn na sé chlaonadh comónta atá ionainn a chuireann bac orainn agus muid ag iarraidh réiteach a dhéanamh in aghaidh na dtubaistí móra fadtéarmacha.

An chéad cheann acu ná go bhfuil muid gearr-radharcach, díríonn muid ar chostais ghearrthréimhseacha agus níl fonn orainn infheistíocht a dhéanamh i rudaí a bhaineann leis an am atá le theacht. Bíonn aimnéise orainn freisin agus déanann muid dearmad ar dhrochrudaí a tharla san am a caitheadh.

An tríú claonadh atá ionainn ná go mbíonn muid ródhóchasach, ní thugann muid a cheart don bhaol a d’fhéadfadh a bheith ann sa todhchaí. In éineacht leis an iomarca dóchais, tá an mharbhántacht ionainn freisin. Deir siad gur fearr linn an rud a chleacht muid riamh a dhéanamh nuair nach bhfuil muid an-chinnte faoin mbuntáiste a bhainfeadh le hathrú.

Déanann muid róshimpliú ar chúrsaí, ní bhreathnaíonn muid ar an bpictiúr mór agus cinntí á ndéanamh againn. An séú claonadh atá ionann ná an tréadaíocht, tá luí ionann pé rud atá na daoine eile thart orainn a dhéanamh a leanúint.

Ní hé gur drochchlaonta iad seo. Cabhraíonn siad linn ó lá go lá, ach cuireann siad bac orainn is muid ag iarraidh dul i ngleic le fadhbanna móra domhanda a airíonn go bhfuil siad i bhfad uainn sa todhchaí.

Má tá rud amháin foghlamtha againn i mbliana is ea go bhfuil na fadhbanna móra domhanda seo linn anois agus nach contúirtí móra éiginnte sa todhchaí iad níos mó.

Tá an phaindéim linn agus an chuma ar an scéal go mbeidh sí linn go ceann roinnt blianta eile, tá an t-athrú aeráide linn agus an díláithriú daoine a tharlaíonn dá bharr is tá  díothú na bithéagsúlachta ag treisiú gach bliain.

An mbeidh muid in ann ceachtanna 2021 a thabhairt linn agus gníomhú dá réir sa mbliain atá amach romhainn? Is deacair a rá, tá claonadh ionam i dtreo an dóchais ach an oiread leat féin. 

Níor baineadh tadaas an lá amárach fós.

Fág freagra ar 'Prionsabal na hostraise agus na cúiseanna nach mbíonn muid ullamh don tubaiste'