Portráid den phop-ealaíontóir mar bhean rialta

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, grianghrafadóir ag filleadh ar Chernoby agus bean rialta a raibh rath uirthi mar phop-ealaíontóir

Portráid den phop-ealaíontóir mar bhean rialta

Ar ais go Chernobyl!

Ba sa bhliain 2014 a foilsíodh an leabhar The Long Shadow of Chernobyl, leabhar trítheangach:  Béarla, Gearmáinis agus Fraincis.(B’fhiú d’fhoilsitheoirí na Gaeilge éalú ó phríosún an aonteangachais im’ thuairimse).

Ar aon nós, mheas an grianghrafadóir Gerd Ludwig go raibh an jab déanta aige agus nár ghá dó dul ar ais ann. Ach d’athraigh an cogadh san Úcráin gach ní. Is mian le Gerd filleadh ar an áit agus tá feachtas Kickstart curtha ar bun anois aige i gcomhar leis na foilsitheoirí Edition Lammerhuber chun cabhrú leis dul ar ais ann. Nasc anseo

 

Portráid den ealaíontóir mar bhean rialta

Ordinary Things Will Be Signs for Us

Grianghraif le Corita Kent

J&L Books/Magic Hour Press, a d’fhoilsigh, 2023.  

144 lch

 Toisí: 7½x10x½”

Bhí cáil ar an tSiúr Corita Kent (1918–86) mar ealaíontóir, mar oide agus mar dhuine a throid ar son an chirt. Ocht mbliana déag d’aois a bhí sí nuair a chuaigh sí leis an Immaculate Heart of Mary in Hollywood, Los Angeles, ord a d’fháiltigh roimh dhaoine cruthaitheacha.

Cuimsíonn bailiúchán sleamhnán léi saol na fógraíochta, ollmhargaí, buidéil, bréagáin, troscán an tsaoil. Bhí an-rath uirthi mar phop-ealaíontóir agus bhí breis is 230 taispeántas ar fad aici.

Ach ní raibh gach éinne ceanúil uirthi. Thug an Cairdinéal James McIntyre (arbh as Cill Tormóir, Co. na Gaillimhe dá mháthair) Cumannach uirthi, Dia ár sábháil, agus dúnadh an scoil úd a raibh sí féin mar phríomh-lóchrann inti.

Fág freagra ar 'Portráid den phop-ealaíontóir mar bhean rialta'