Port eile! – Ceol breá dúchasach ón Hudson Valley, na Déise agus Conamara

Colún nua ar na halbaim cheol traidisiúnta is déanaí…

Dan Gurney agus Dylan Foley

Is as Meiriceá anall a thagann an chéad dlúthcheirnín a mbeidh mé ag trácht air an iarraidh seo.  Tá blas breá dúchasach ar an taifead Irish Music from the Hudson Valley atá curtha le chéile ag an mboscadóir Dan Gurney agus an fidléir Dylan Foley. Beirt cheoltóirí óga iad seo, atá fós sna fichidí, agus iad an-dílis go deo den cheol a fuair siad óna sinsir.  Tá an taifeadadh tiomnaithe acu do bheirt cheoltóirí a bhfuil an-mheas acu orthu, Michael McHale, fliúiteadóir as Ros Comáin, agus an tAthair Charlie Coen as oirthear na Gaillimhe.

Tá an bheirt seo ina gcónaí san gceantar céanna as a dtáinig an bheirt leaids óga seo, i gceantar na Catskills in aice le habhainn an Hudson.  ’Siad Alec Finn agus Brian McGrath atá á dtionlacan agus rinneadh an taifead ar fad le chéile sa stiúideo, rud nach ndéantar rómhinic sa lá atá inniu ann.

Ceol deas staidéarach atá ann ó thús go deireadh agus tá sé ar cheann de na dlúthdhioscaí is dúchasaí a tháinig amach le fada.

Grúpa óg as na Déise Nuadán atá le cloisteáil ar an dlúthcheirnín dar teideal Lá Laindí Lugha.  Tá siad lonnaithe i Rinn Ó gCuanach agus ceathrar atá sa ngrúpa, Cárthach Ó Faoláin a chasann an bosca ceoil, Pax Ó Faoláin ar an bhfidil, Macdara Ó Faoláin ar an basúcaí agus Kevin Kenneally a chasann an bodhrán agus an giotár agus casann siad ar fad amhráin chomh maith. 

Bhí na buachaillí seo ag freastal ar mheánscoil San Nioclás sa Rinn le chéile agus bhí siad páirteach sa ngrúpa Nuada a thug leo craobh Siansa Ghael-Linn in 2013. Tá ceithre rian déag ar an taifead seo, meascán de cheol rince, amhráin agus foinn atá fáiscthe as traidisiún saibhir na nDéise.  Tá roinnt aoicheoltóirí aitheanta as na Déise ina dteannta, Caoimhín agus Seán Ó Fearghail, Dónal Clancy agus Donnchadh Gough. 

Coigil an Tine – Kindle the Fire an teideal atá ar an taifeadadh nua atá ar an margadh ag Marcus Ó hIarnáin as Roisín na Mainiach i gCarna. Tá Marcus ag casadh ceol dúchasach Chonamara mar a fuair sé féin óna shinsir é agus é á chasadh ar na fliúiteanna a rinne sé féin.  Tá roinnt píosaí ceoil casta aige a chum sé féin, ina measc an fonn álainn mall ‘Siolla gon Ghaoth’ a bhfuil cóiriú déanta ag Dáithí Ó Cinnéide air agus dhá válsa álainn nua ‘Waltz Sheáin Simon’ agus ‘Farewell to Dagmar’.

Ina theannta ar an dlúthcheirnín se,  tá a chlann mhac Proinsias agus Breandán ar an mbosca ceoil agus ar an bhfidil, a nia Labhrás ar an bpianó chomh maith le roinnt ceoltóirí eile agus tá dhá amhrán ar an dlúthcheirnín, ceann nuachumtha ag Don Stiffe ‘Connemara My Home’ agus ‘Waterbound’ atá á chasadh ag Mary Éinniú agus ríl bhreá den teideal céanna a chum Marcus ag teacht ina dhiaidh.

Tá tuairimí láidre ag Marcus faoin gceol agus faoin nGaeilge agus tá na tuairimí sin léirithe aige sa leabhrán atá leis an dlúthcheirnín. Dar leis go bhfuil maolú á dhéanamh ar an gceol agus ar an teanga agus deireadh á chur le canúintí áitiúla ceoil agus teanga de bharr an chaighdeánú atá á dhéanamh ar gach aon cheann acu.  Tá an dlúthcheirnín le fáil ar shuíomh idirlín Mharcuis.

– Is í Neansaí Ní Choisdealbha Eagraí Ceoil RTÉ Raidió na Gaeltachta. Agus cuireann sí na cláir ‘Béal Maidine’ agus ‘Ceol Binn ó na Beanna’ i láthair

Fág freagra ar 'Port eile! – Ceol breá dúchasach ón Hudson Valley, na Déise agus Conamara'