Polaiteoir radacach agus peileadóir cumasach, ach ar éigean a chloisimid focal faoi

Bhí Jack McQuillan an-mhór le Noël Browne agus go leor de na mianta polaitiúla agus sóisialta céanna acu

Polaiteoir radacach agus peileadóir cumasach, ach ar éigean a chloisimid focal faoi

Jack McQuillan

‘As Bealach a’ Doirín thú?

‘I gContae Ros Comáin atá an baile sin, nach ea?’

 ‘Sea, ach imríonn muid do Mhaigh Eo.’

Nach minic a bhain mé úsáid as an bpéarla luachmhar eolais sin faoin bpeil Ghaelach chun aithne níos fearr a chur ar dhuine áirithe – nó chun ligean orm go raibh níos mó ar eolas agam faoin gCumann Lúthchleas Gael ná mar a bhí.

Fuair mé amach le linn mo shaoil iriseoireachta go mba mhór an chabhair é a bheith in ann cúpla abairt faoin gcluiche is deireanaí a chaitheamh isteach sa gcomhrá chun daoine a chur ar a suaimhneas. Agus ar ndóigh, dá mba rud é go raibh tú in ann a rá go raibh aithne phearsanta agat ar pheileadóirí, bhí an lá leat.

Bhí roinnt mhaith peileadóirí aitheanta ina gcónaí ar an mbaile i rith na mblianta. John Morley, a bhí ar dhuine de na peileadóirí ab fhearr riamh a d’imir le Maigh Eo agus a dúnmharaíodh i 1980 tar éis robáil bainc ar an mbaile, Sean Kilbride, a d’imir le Maigh Eo agus Ros Comáin, John O’Mahony, Teachta Dála, imreoir agus bainisteoir a stiúraigh Gaillimh go Craobh Uile-Éireann faoi dhó, Andy Moran a bhí ina chaptaen ar Mhaigh Eo in 2012 agus ar ndóigh Seán Flanagan TD agus Aire Rialtais, a bhí ina chaptaen ar fhoireann cháiliúil Mhaigh Eo i 1951.

Toisc go mbíodh ár n-aird go huile agus go hiomlán ar fhoireann Mhaigh Eo, níl mórán blúirí eolais agam faoi fhoireann Ros Comáin ach amháin go bhfuair mé síob uair amháin ó Dermot Earley – ba ghnách linn a bheith amuigh ar an mbóthar an t-am sin ‘ar an ordóg’.

Bhí mé ag smaoineamh ar na laochra peile sin le linn chraoladh an Chluiche Ceannais idir Bhaile Átha Cliath agus Ciarraí. Agus an oíche dár gcionn, chuir clár teilifíse eile ag smaoineamh ar pheil agus ar pholaitíocht arís mé.

Agus mé ag féachaint ar an gclár faisnéise faoin Dr Noël Browne an oíche cheana, chuala mé tagairt don pholaiteoir agus peileadóir Jack McQuillan. Agus an chéad rud a chuir iontas orm nuair a chuaigh mé á fhiosrú ná gur bhuaigh Ros Comáin an Chraobh Peile faoi dhó sna 1940idí, agus Jack McQuillan, as Béal Átha Feorainne, ar an bhfoireann.

Ar nós Dermot Earley agus Sean Kilbride, b’oifigeach airm a bhí in Jack McQuillan. Ba chosúil gur duine an-aclaí ar fad a bhí ann – dhéanadh sé traenáil corpfhorbartha nuair nach mbíodh mórán cainte faoina leithéid.

Ghnóthaigh Ros Comáin an Chraobh Uile-Éireann faoi dhó – uair amháin in aghaidh an Chabháin i 1943 agus uair eile in aghaidh Chiarraí i 1944. Bhí athimirt ann i 1946 agus ghnóthaigh Ciarraí an cluiche sin. Ochtó bliain go ham seo, ba é Jack McQuillan a scóráil an cúl cinniúnach a bhuaigh an cluiche do Ros Comáin in aghaidh an Chabháin i 1943.

Sheas a cháil mar pheileadóir dhó nuair a chuaigh sé leis an bpolaitíocht le Clann na Poblachta. Agus seo an áit a dtagann an Dr Noël Browne isteach sa scéal.

D’éirigh siad beirt an-mhór le chéile toisc, is dócha, go raibh na haidhmeanna céanna polaitíochta acu, dálaí maireachtála a fheabhsú agus leasuithe a dhéanamh ar na polasaithe sóisialta. D’éirigh McQuillan as an bPáirtí i 1951, i ngeall ar an gcaoi ar chaith siad leis an Dr Browne, tar éis dó an Scéim Máithreacha agus Leanaí a chur chun cinn.

Deirtear gur cuireadh i leith McQuillan go raibh sé i gcoinne na hEaglaise, ach ina ainneoin sin d’éirigh leis mar Neamhspleách sa gcéad Olltoghchán eile i 1951. Ba dhrochrud é go gceapfaí go raibh duine in aghaidh na hEaglaise (Caitlicí) an uair sin.

Noel Browne

Chuaigh Browne isteach i bhFianna Fáil ach níor lean McQuillan é. Agus bhí drochmheas aige ar Éamon de Valera. Blianta ina dhiaidh sin agus é i bpáirtí polaitíochta eile chuir sé féin agus Browne diancheistiú ar de Valera maidir le cúrsaí airgeadais sa nuachtán an Irish Press. Cheannaigh McQuillan roinnt scaireanna sa gcomhlacht, rud a thug deis dhó breathnú ar leabhair an chomhlachta. Bhí an tuairim ann go raibh an scrúdú sa Dáil chomh géar sin, gur éirigh de Valera as a bheith gníomhach sa bpolaitíocht agus gur chinn sé dul i dtreo na hUachtaránachta.

Ba iad Browne agus McQuillan an t-aon bheirt Teachta Dála a bhí ag an bPáirtí Náisiúnta Daonlathach Forásach, (NPD) i 1958, ach bhí scileanna agus taithí na mblianta acu ar bhain siad an-úsáid astu i dTeach Laighean. Chuireadar an-bhrú ar rialtas Fhianna Fáil ag cur ceisteanna agus ag iarraidh díospóireachtaí go dtí gur athraíodh na rialacha d’aon turas chun a leithéid a chosc ar aon pháirtí nach raibh seachtar teachtaí acu.

I 1963 chuaigh an bheirt acu isteach i bPáirtí an Lucht Oibre. Ba mhinic an masla ‘Ask Khrushchev’ a chaitheamh leo sa Dáil – tagairt do cheannaire an Aontais Shóivéadaigh. Chuir McQuillan an dlí ar an Roscommon Herald nuair a thuairisc siad gur dhúirt polaiteoir áitiúil gur Cumannach a bhí ann. Bhuaigh sé an cás clúmhillte ach níor cheadaigh an breitheamh ach cúiteamh leathphingine dó.

Ach de réir a chéile, chuaigh an droch-cháil a bhain le bheith ina radacach agus an phoiblíocht ón gcás cúirte i bhfeidhm ar na vótóirí agus chaill sé a shuíochán i 1965.

Níor chuir sin deireadh leis, bhuaigh sé suíochán sa Seanad agus choinnigh sé air ag brú polasaithe maidir le dul chun cinn na tuaithe agus cúrsaí tionsclaíochta. Ach chaill sé a mhuinín sa bpolaitíocht, d’éirigh sé as Páirtí an Lucht Oibre agus bhog sé féin agus a chlann go Alicante na Spáinne mar ar chaith siad seacht mbliana. Chaitheadar bliain i bPáras ina dhiaidh sin.

Sin rud nach ndearna mórán daoine as an tír seo sna seascaidí. Ní raibh an t-uafás cainte ar chor ar bith ar an Spáinn, mar ionad saoire ná mar ionad cónaithe.

Ach ní raibh deireadh déanta ag Jack fós. Ar nós peileadóir a choinníonn air ag imirt don chontae, don chlub, d’éinne a ghlacfaidh leis, bhí suim aige fós sa bpolaitíocht náisiúnta. I 1977 bhí sé ar dhuine den dream a bhunaigh Páirtí Sóisialach an Lucht Oibre ach d’éirigh sé as i 1979 toisc go raibh siad ag tacú leis an bpoblachtánachas míleata ina gcuid polasaithe maidir le Tuaisceart Éireann.

I 1998, bhásaigh sé i mBaile Átha Cliath. Bhí Noël Browne básaithe ón mbliain roimhe sin.

Polaiteoir radacach agus peileadóir cumasach a bhí i Jack McQuillan a raibh a chur amach féin aige ar chúrsaí sóisialta agus cúrsaí forbartha sa tír seo, ach nach raibh compordach ar deireadh in aon pháirtí polaitíochta. Agus is ar éigean a chloisimid focal faoi.

 

 

 

 

 

 

 

 

Fág freagra ar 'Polaiteoir radacach agus peileadóir cumasach, ach ar éigean a chloisimid focal faoi'

  • Peadar mac Mághnais

    Cloistear neart cainte fós faoi Jack Mc Quillan i Ros Comáin mar pheileadóir agus mar
    pholaiteoir. Bhí a bhean cheile, Angela, – Ros Comáineach eile- ina comh-rúnaí ar an
    Irish – Soviet Friendship Society thar na blianta. Cainteoir líofa Rúisise abea í Fuair sí bás
    le déanaí.
    Peadar Mac Mághnais

  • Mairéad Ní Nuadháin

    An-suimiúil! Go raibh maith agat, a Pheadair. Mairéad