Tá daoine as pobal na Siria in Éirinn ina measc siúd atá ag baint sult as Seachtain na Gaeilge.
Tá ‘Lá na bPobal Nua’ á eagrú inniu ag Conradh na Gaeilge agus Mother Tongues mar chuid de Sheachtain na Gaeilge.
Dúirt Hafi Saad, áisitheoir leis an bpobal Siriach i nDún Pádraig, go bhfuiltear ar bís chun an teanga a fhoghlaim.
“Tá na teaghlaigh Shiriacha, idir óg agus sean, ag baint an-sult as a bheith ag foghlaim faoin nGaeilge agus cultúr na hÉireann,” arsa Saad. “Is é seo a mbaile anois agus tá siad an-tógtha le bheith mar chuid den phobal anseo agus iad ag dul i dtaithí ar gach réimse den chultúr anseo.”
Tá ceardlanna á n-eagrú ag Conradh na Gaeilge ó thús na bliana mar chuid de thionscadal píolótach, ‘Céad Míle Fáilte’. Is é sprioc an tionscadail eolas faoin nGaeilge a scaipeadh i measc na nÉireannach nua. Reáchtáiltear ceardlann feasachta faoin nGaeilge, ceardlann faoin ilteangachas agus ceardlann damhsa ar an sean-nós leis an damhsóir aitheanta Sibéal Davitt.
Thug an Dr Francesca la Morgia, stiúrthóir na heagraíochta Mother Tongues, ceardlann faoin ilteangachas agus deir sí go bhfuiltear ag iarraidh aird a tharraingt ar bhuntáistí an ilteangachais.
“Bímid mar eagraíocht ag plé le teaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí i dteangacha ar fud an domhain agus trí Ghaeilge anseo in Éirinn. An teachtaireacht atá againn i Máthairtheangacha ná go bhfuil an dátheangachas ar leas teaghlaigh agus go gcabhraíonn teangacha dúchais na dteaghlach le forbairt na bpáistí.”
Dúirt Seán Ó Murchadha, Feidhmeannach Feachtas Feasachta agus Ilmheán le Conradh na Gaeilge, go bhfuil súil aige go mbeifear in ann tuilleadh ceardlann a reáchtáil amach anseo. Dúirt sé gur chóir “go mbeadh gach deis ar fáil do gach duine chun sult agus tairbhe a bhaint as an Ghaeilge”.
Fág freagra ar 'Pobal na Siria in Éirinn ag baint an-sult as Seachtain na Gaeilge'