Pleananna teanga ceadaithe do chathair na Gaillimhe agus do Bhearna

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta inniu go raibh pleananna teanga ceadaithe do chathair na Gaillimhe agus do limistéar Bhearna agus Chnoc na Cathrach

Pleananna teanga ceadaithe do chathair na Gaillimhe agus do Bhearna

Sráid na Céibhe i gcathair na Gaillimhe. Pictiúr: Peter Gorman

Tá plean teanga do chathair na Gaillimhe ceadaithe faoi dheireadh ag Aire Stáit na Gaeltachta.

Léiríodh frustrachas roimhe seo faoin moill a bhain le ceadú an phlean, a cuireadh faoi bhráid Roinn na Gaeltachta mí Dheireadh Fómhair 2019, ach d’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers inniu agus é ar cuairt ar Ghaillimh le Gaeilge go raibh an plean ceadaithe ag an Roinn.

Beidh an eagraíocht Gaillimh le Gaeilge freagrach as an bplean a chur i bhfeidhm agus tá sé i gceist €100,000 sa mbliain a chur ar fáil thar thréimhse seacht mbliana chun tacú le feidhmiú an phlean.

Tá an chathair aitheanta mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta agus Foras na Gaeilge a chuirfidh tacaíocht ar fáil chun an plean a chur i bhfeidhm.

Thréaslaigh an tAire Stáit Chambers leo siúd a bhí páirteach in ullmhú an phlean agus dúirt sé go raibh tábhacht faoi leith le cathair na Gaillimhe ó thaobh na Gaeilge de, ós rud é go mbíonn sí ag freastal ar an gceantar Gaeltachta is mó sa tír.

“Mar gheall go n-aithnítear go forleathan sa chathair agus sa cheantar máguaird an luach agus an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge mar theanga bheo i dtéarmaí cultúir agus geilleagair de, beidh ‘cóir gaoithe’ taobh thiar d’fheidhmiú an phlean teanga seo gan amhras,” a dúirt an tAire Stáit.

Tá Gaillimh ar an tríú Baile Seirbhíse Gaeltachta a bhfuil plean ceadaithe dó. Ceadaíodh pleananna An Daingin agus Leitir Ceanainn roimhe seo, cé gurb é dréachtphlean chathair na Gaillimhe an chéad cheann a ullmhaíodh agus go rabhthas ag súil gurb í an chéad phlean dá leithéid a sheolfaí.

Bhí an Teachta Dála áitiúil Catherine Connolly agus údair an phlean, John Walsh agus Dorothy Ní Uigín ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ina measc siúd a léirigh míshástacht faoin moill a bhí lena cheadú.

Is éard atá i gceist leis na Bailte Seirbhíse Gaeltachta ná bailte atá suite i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta nó taobh leo agus a bhfuil ról suntasach acu maidir le seirbhísí poiblí, saoráidí áineasa, sóisialta agus tráchtála a sholáthar do na pobail sna limistéir sin.

16 Baile Seirbhíse Gaeltachta ar fad a bheidh ar fud na tíre. Tá plean teanga An Chlocháin Léith á bhreithniú ag an Roinn faoi láthair agus tá pleananna teanga á n-ullmhú i gcúig bhailte faoi láthair – Caisleán an Bharraigh, Cathair Saidhbhín, Corcaigh, Dún Garbhán agus Trá Lí. Ceaptar go bhféadfar tús a chur go luath le hullmhú plean teanga don Chlochán.

Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta freisin inniu go raibh plean teanga ceadaithe do limistéir Bhearna agus Chnoc na Cathrach – an 22ú plean teanga Gaeltachta atá ceadaithe go dtí seo.

D’fhógair an tAire Stáit go mbeidh allúntas bliantúil suas le €100,000 á chur ar fáil chun tacú le cur i bhfeidhm an phlean agus ionas go mbeidh ar chumas Choiste Stiúrtha Pleanála Teanga Bhearna agus Chnoc na Cathrach, an cheanneagraíocht a d’ullmhaigh an phlean, Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú.

“Is cúis cheiliúrtha don Phróiseas Pleanála Teanga agus do phobal Bhearna agus Chnoc na Cathrach é ceadú an phlean teanga seo. Tréaslaím leis an gceanneagraíocht as ucht an tsárobair atá déanta acu, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, chun ceadú an phlean seo a thabhairt go ceann scríbe,” a dúirt an tAire Stáit.

Tá trí phlean Gaeltachta eile á meas ag an Roinn faoi láthair – Cléire i gCorcaigh; Maigh Eo Thiar; agus Oileáin Árann i gcontae na Gaillimhe – agus plean amháin eile le cur faoi bhráid na Roinne go fóill, An Ghaeltacht Láir i nDún na nGall.

Tá 22 Oifigeach Pleanála Teanga fostaithe sna Limistéir Pleanála Teanga, 18 Oifigeach Pleanála Teanga agus ceathrar Oifigeach Pleanála Teanga Cúnta.

Fág freagra ar 'Pleananna teanga ceadaithe do chathair na Gaillimhe agus do Bhearna'