‘Tá mé tuirseach de bheith ag caint faoin nGaeilge’ – díomá faoin moill ar phlean teanga do chathair na Gaillimhe

Cuireadh dréachtphlean chathair na Gaillimhe, an chéad phlean a ullmhaíodh do limistéir lasmuigh den Ghaeltacht, faoi bhráid Roinn na Gaeltachta breis is bliain ó shin

‘Tá mé tuirseach de bheith ag caint faoin nGaeilge’ – díomá faoin moill ar phlean teanga do chathair na Gaillimhe

Tá díomá agus frustrachas léirithe ag lucht pleanála teanga agus ag polaiteoirí faoin moill atá ag baint le haontú agus cur i bhfeidhm phlean teanga chathair na Gaillimhe.

Cuireadh an dréachtphlean, an chéad cheann a ullmhaíodh faoi scáth Acht na Gaeltachta do bhaile seirbhíse Gaeltachta, faoi bhráid Roinn na Gaeltachta mí Dheireadh Fómhair 2019 ach níl aon dul chun cinn déanta ó shin.

Ach dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go raibh “tuilleadh plé” le déanamh faoin bplean sula mbeifí in ann é a fhaomhadh agus tosú ar é a chur i bhfeidhm.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách agus LeasCheann Comhairle na Dála, Catherine Connolly, a cheistigh an tAire faoin moill ar an bplean, go raibh an port céanna cloiste cheana aici ón Roinn agus go raibh sé “práinneach” go gcuirfí an plean teanga i bhfeidhm i gcathair na Gaillimhe. Dúirt sí gur léiriú cás an phlean ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta i gcoitinne agus ar an bhfrustrachas a bhaineann le bheith ag plé le ceist na teanga.

“Tá díomá orm go bhfuil an freagra céanna á fháil arís agam,” a dúirt an Teachta Dála neamhspleách le Tuairisc.ie.

“Is cathair dhátheangach í Gaillimh agus tá sé práinneach go mbeadh plean teanga ann agus go mbeadh muid ag feidhmiú de réir an phlean sin,” ar sí.

“Tá mé tuirseach a bheith ag caint faoin nGaeilge, ba chóir go mbeadh muid ag úsáid na Gaeilge mar theanga chumarsáide i nGaillimh agus beidh an plean thar a bheith tábhachtach chun é sin a chinntiú.”

Tá a míshástacht faoin scéal léirithe chomh maith ag John Walsh agus Dorothy Ní Uigín ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a chuir an plean i dtoll a chéile do Ghaillimh Le Gaeilge.

“Ní bhfuaireamar aon mhíniú ná léargas ar an moilleadóireacht ach ní mó ná sásta atáimid léi. Tá sé sin curtha in iúl againn d’Fhoras na Gaeilge lena rabhamar ag plé agus an plean á ullmhú,” a dúirt siad i ráiteas a chuir siad ar fáil do Tuairisc.ie.

Dheimhnigh an t-iar-aire stáit Gaeltachta Seán Kyne do Catherine Connolly mí na Samhna 2019 go raibh an dréachtphlean curtha faoi bhráid na Roinne agus go raibh sé á bhreithniú ag oifigigh na Roinne.

Cuireadh an dréachtphlean, an chéad cheann a ullmhaíodh faoi scáth Acht na Gaeltachta do limistéir lasmuigh den Ghaeltacht, faoi bhráid Roinn na Gaeltachta mí Dheireadh Fómhair 2019 ach níl aon dul chun cinn déanta ó shin.

Dúirt Catherine Connolly go gcoinneodh sí ag cur brú ar an Roinn agus ar Aire na Gaeltachta an plean a chur i bhfeidhm.

“Tá an t-uafás oibre curtha isteach ag an Ollscoil, ag Gaillimh le Gaeilge agus ag daoine eile chun an plean seo a chur le chéile agus níl an locht orthu. Tá an locht ar an Roinn.”

Cuireadh an dréachtphlean chuig Foras na Gaeilge anuraidh agus chuir an Foras faoi bhráid na Roinne é ar an 24 Deireadh Fómhair 2019. Foras na Gaeilge a bheidh freagrach as maoiniú a sholáthar d’fheidhmiú an phlean teanga nuair a bheidh sé faofa ag Aire Stáit na Gaeltachta.

Dúirt Bríd Ní Chonghóile, Ardfheidhmeannach Ghaillimh Le Gaeilge go bhfuil “obair na gcapall” déanta ag muintir na cathrach chun an plean a chur le chéile agus go bhfuiltear ag súil leis an bplean a bheith curtha i bhfeidhm.

“Tá muid féin agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe an-bhródúil as an bplean agus a leithéid a bheith ann don chathair agus tá muid ag súil go mór tabhairt faoi leis na páirtithe leasmhara sa phlean. Bheadh muid ag súil len é sin a dhéanamh gan a thuilleadh moille.”

Tuigtear go bhfuil beagnach dhá scór moladh déanta sa dréachtphlean maidir le cur chun cinn na teanga i gcathair na Gaillimhe. Tá na moltaí sin roinnte i réimsí éagsúla, ina measc ‘tuismitheoirí agus an óige’, ‘gnó agus teicneolaíocht’, ‘seirbhísí poiblí agus na healaíona’.

Tuigtear freisin go moltar sa phlean go gceapfaí ar a laghad oifigeach pleanála teanga amháin do chathair na Gaillimhe leis an bplean teanga a chur i bhfeidhm.

Fág freagra ar '‘Tá mé tuirseach de bheith ag caint faoin nGaeilge’ – díomá faoin moill ar phlean teanga do chathair na Gaillimhe'

  • MVO

    Nach leor comharthaíocht ag rá “Fáilte” agus ansin duais a thabhairt don té a chuireann in airde ceann? Nach b’shin modh oibre Ghaillimh le Gaeilge go hiondúil?

  • Pól Ó Braoin

    Beag Gaeilge a bhí i gcathair na Gaillimhe riamh. Is cuimhin liom fear ar m’aithne ab éigean dó a neacht a thabhairt leis ag siopadóireacht ann sna seachtóidí mar nach raibh a dhóthain béarla aige. Ba mhaith an rud é an plean teanga seo ach ar nós dalladh pleananna Gaeilge mar é ní bheidh ann ach cur i gcéill agus moilleadóireacht ón seandream ceanann céanna a bhfuil na cúraimí sin orthu, cheapfainn, agus mar a dúirt an fear a dúirt fadó “níl aon chíos ar an gcaint”.

  • Séamas Mac Coitir

    Ní haon ionadh go bhfuil díomá agus frustrachas ar Catherine Connolly, maidir le drochstaid na Gaeilge i nGaillimh. Dá mbeadh gach duine atá fostaithe san earnáil phoiblí chomh dílis don nGaeilge agus atá Catherine, ní bheadh sí in umar na haimléise mar atá sí anois.

    Tá cónaí ormsa ar an mbaile le beagnach trí scór bliain. Is é mo thuairim mheáite gan frapa gan tapa, go bhfuil cibé Gaeilge a bhí á labhairt blianta ó shin, ag meath go tréan de réir a chéile. /

    Tá aisling bhréige ag iad siúd atá ag píobáireacht maidir le cur cinn na Gaeilge ag snámh in aghaidh an tsrutha! Níl sruth cainteoirí maithe Gaeilge ag teacht as áit ar bith, agus is léir dom nach bhfuil forás ná rath i ndán di um an dtaca seo. Aon duine a dhéanann Gaeilge a labhairt ar an mbaile seo atá in ainm is a bheith “dátheangach”, ní fada go dtabharfadh sé/sí faoi deara go mbeadh sé/sí ag brú ar an doicheall, agus gur diomailt ama a bheadh ann!

  • micheál de Róiste

    Is mó cuairteoir a thagann ó Shasana anois a deireann go haiféalach go rabhadar ag súil le tír níos difriúla ná an Bhreatain. Dúirt Gaol liom a tháinig ó Mheiriceá don chéad uair gurb iad Gaillimh agus Daingean Uí Chuis an dá bhaile ab ansa leis i dtaobh chuma agus féiniúlacht de agus an meascán d’fhógraí agus sloinnte Gaeilge le feiscint.