Plean Rialtas na Breataine Bige fáil réidh le hoifig an Choimisinéara Teanga caite i dtraipisí

Chuir Cathaoirleach Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga, coimisinéir teanga na hÉireann, Rónán Ó Domhnaill, fáilte roimh an gcinneadh nach mbeidh oifig na Breataine Bige á dúnadh

Plean Rialtas na Breataine Bige fáil réidh le hoifig an Choimisinéara Teanga caite i dtraipisí

Aled Roberts agus Meri Hews

Tá an plean a bhí ag Rialtas na Breataine Bige deireadh a chur le hOifig an Choimisinéara Teanga sa tír sin in 2021 caite i dtraipisí acu.

Fógraíodh in 2017 go raibh freagracht iomlán as cur chun cinn na Breatnaise á glacadh chucu féin ag Rialtas na Breataine Bige agus deireadh á chur le hOifig an Choimisinéara Teanga, ach tá deireadh anois leis an bplean sin.

Dúirt an tAire Breatnaise Eluned Morgan ag deireadh na bliana seo caite go bhféadfadh moill a bheith ar fhoilsiú na reachtaíocht a chuirfeadh deireadh le hoifig an Choimisinéara Teanga mar gheall ar an mBreatimeacht, ach fógraíodh tráthnóna nach bhfuil sé i gceist an reachtaíocht sin a fhoilsiú ar chor ar bith anois.

Chuir Cathaoirleach Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga, coimisinéir teanga na hÉireann, Rónán Ó Domhnaill, fáilte roimh an gcinneadh.

“Tá a neamhspleáchas  ríthábhachtach d’aon Choimisinéir Teanga agus is dea-scéala é do chás na gceart teanga go hidirnáisiúnta go mbeidh Coimisinéir Teanga neamhspleách i gcónaí ag an mBreatain Bheag,” arsa Rónán Ó Domhnaill le Tuairisc.ie tráthnóna.

Bhí sé i gceist ag Rialtas na Breataine deireadh a chur le hOifig an Choimisinéara Teanga in 2021 agus  ‘Coimisiún na Breatnaise’ a chur ar bun ina háit leis an teanga a chur chun cinn agus leis na “caighdeáin teanga”, a leagann dualgais ó thaobh na Breatnaise ar chomhlachtaí, a chur i bhfeidhm.

Fógraíodh mí na Samhna seo caite go raibh Aled Roberts, iarpholaiteoir de chuid na Liberal Democrats, ceaptha le bheith ina chomharba ar Meri Huws mar Choimisinéir Teanga na Breataine Bige.

Beidh Roberts ar an dara duine riamh sa phost sin sa Bhreatain Bheag, ach is cosúil anois nach mbeidh sé ar an gCoimisinéir Teanga deireanach chomh maith. 

I mí an Mhárta a rachaidh Roberts, a bhí ina bhall de thionól na Breataine Bige idir 2011-2016, i gcomharbacht ar Huws, a bhfuil aithne mhór uirthi sa tír seo i measc lucht léinn agus cearta teanga.

Fág freagra ar 'Plean Rialtas na Breataine Bige fáil réidh le hoifig an Choimisinéara Teanga caite i dtraipisí'