Coimisinéir Teanga nua ceaptha sa Bhreatain Bheag mar chomharba ar Meri Huws

Beidh Aled Roberts ar an dara duine riamh sa phost sin sa Bhreatain Bheag, ach d’fhéadfadh go mbeidh sé ar an gCoimisinéir Teanga deireanach chomh maith agus é i gceist ag an Rialtas deireadh a chur leis an oifig

Coimisinéir Teanga nua ceaptha sa Bhreatain Bheag mar chomharba ar Meri Huws

Aled Roberts agus Meri Hews

Tá Aled Roberts, iarpholaiteoir de chuid na Liberal Democrats, ceaptha le bheith ina chomharba ar Meri Huws mar Choimisinéir Teanga na Breataine Bige.

Beidh Roberts ar an dara duine riamh sa phost sin sa Bhreatain Bheag, ach d’fhéadfadh go mbeidh sé ar an gCoimisinéir Teanga deireanach chomh maith agus é i gceist ag an Rialtas deireadh a chur leis an oifig.

I mí an Mhárta seo chugainn a rachaidh Roberts, a bhí ina bhall de thionól na Breataine Bige idir 2011-2016, i gcomharbacht ar Huws, a bhfuil aithne mhór uirthi sa tír seo i measc lucht léinn agus cearta teanga.

Dúirt Aled Roberts gur maith a thuigeann sé “na dúshláin atá roimhe” agus dúirt an ChéadAire Carwyn Jones gurb é an duine ceart don phost é.

Dúirt Roberts go raibh a chroí agus a anam sa Bhreatnais riamh agus gur bhain sé an-taitneamh as an obair a bhí ar siúl aige le tamall, ag plé pleananna don oideachas Breatnaise leis na húdaráis áitiúla agus leis an Rialtas.

Tamall gearr i ndiaidh gur toghadh é chun tionól na Breataine Bige, fuair Roberts féin éachtaint ar chuid de na dúshláin a bhaineann leis an dátheangachas agus an soláthar a dhéantar dó.

Nuair a fuarthas amach go raibh Roberts ina bhall den Valuation Tribunal for Wales dícháilíodh é ón Tionól toisc go raibh cosc ar bhaill tionóil a bheith ina mbaill den eagraíocht sin ar fhaitíos coimhlint leasa. Is amhlaidh go raibh Roberts ag brath ar leagan Breatnaise de threoracha an Choimisiúin Toghcháin ó 2006 agus go ndearnadh leasuithe ar an leagan Béarla de na treoracha sin in 2010 nár aistríodh iad. I mí Iúil 2011 cuireadh an dícháiliú a bhí déanta ar Roberts ar ceal i ndiaidh vóta sa Tionól.

Fógraíodh i mí Lúnasa na bliana seo caite go raibh freagracht iomlán as cur chun cinn na Breatnaise á glacadh chucu féin ag Rialtas na Breataine Bige agus deireadh á chur le hOifig an Choimisinéara Teanga sa tír sin.

Tá sé i gceist ag Rialtas na Breataine deireadh a chur le hOifig an Choimisinéara Teanga in 2021 agus  ‘Coimisiún na Breatnaise’ a chur ar bun ina háit leis an teanga a chur chun cinn agus leis na “caighdeáin teanga”, a leagann dualgais ó thaobh na Breatnaise ar chomhlachtaí, a chur i bhfeidhm.

Dúirt an tAire Breatnaise Eluned Morgan an tseachtain seo caite go bhféadfadh moill a bheith ar fhoilsiú na reachtaíocht a chuirfeadh deireadh le hoifig an Choimisinéara Teanga mar gheall ar an mBreatimeacht. Bhíothas ag súil le Bille a fhoilsiú in 2020 ach bhí gach rud anois “idir dhá cheann na meá”, arsa Morgan.

Fág freagra ar 'Coimisinéir Teanga nua ceaptha sa Bhreatain Bheag mar chomharba ar Meri Huws'