Plé le déanamh ag Sinn Féin maidir le cé a bheidh i gcomhrialtas leo

De réir na bpobalbhreitheanna, ní leor tacaíocht na bpáirtithe ar an eite chlé má tá Sinn Féin chun comhrialtas seasmhach a bhunú i ndiaidh an olltoghcháin

Plé le déanamh ag Sinn Féin maidir le cé a bheidh i gcomhrialtas leo

Tá Teachtaí Dála á searradh féin sara dtugann siad aghaidh ar a chéile arís i nDáil Éireann seachtain ón gCéadaoin seo chugainn.

Sara gcuirfidh tú an cheist, a léitheoir dhil, beidh an Dáil tar éis a bheith ar saoire faoin am sin ar feadh breis agus naoi seachtainí roimhe – coicis sa bhreis ar shaoire na parlaiminte i Westminster.

Deirtear linn, ar ndóigh, nach mbaineann dualgais Teachta Dála le cruinnithe Dála amháin. Bíonn obair thábhachtach á déanamh ag coistí an Oireachtais mar shampla. Ceart go leor, ach is léir ó sceideal na gcoistí nach bhfuil a gcruinnithe ag cur brú róghéar ar Theachtaí faoi láthair.

Bhí cruinniú ar líne ag coiste amháin an tseachtain seo caite. Bhí cruinniú ar líne ag coiste amháin an tseachtain seo. Níl ach cruinniú amháin ar chlár oibre na seachtaine seo chugainn luaite ar shuíomh an Oireachtais agus an colún seo á scríobh.

Beidh go leor Teachtaí Dála cruógach, ar ndóigh, lasmuigh agus laistigh de Theach Laighean as seo go ceann bliana ar a laghad, ionas go mbeidh siad faoi réir le haghaidh an olltoghcháin a chaithfear a fhógairt faoi mhí Feabhra 2025 ar a dheireanaí.

Is léir cheana féin nach beag an dream a bheidh saor ó chruóg agus ó imní. Thug an t-iar-aire Richard Bruton le fios Dé Máirt nach mbeidh sé ina iarrthóir san olltoghchán – mar a d’fhógair na Teachtaí Brendan Griffin, John Paul Phelan, Joe McHugh agus David Stanton roimhe.

Ní bhronnfar duais, faraor, ar an léitheoir a thug faoi deara láithreach ar fheiceáil an liosta thuas gur toghadh iad go léir mar chomhaltaí den pháirtí céanna. Dúirt Leo Varadkar Déardaoin gur shíl sé go n-éireodh ‘duine nó beirt’ Teachtaí Dála eile de chuid Fhine Gael as an bpolaitíocht roimh an toghchán.

Cá bhfios cén tionchar a bheidh ag athrú suntasach ar bhallraíocht an pháirtí sa Dáil, idir theacht agus imeacht, tar éis an toghcháin, ar dhearcadh an pháirtí ar rannpháirtíocht i gcomhrialtas le Sinn Féin dá mbeadh an uimhríocht oiriúnach?

Glactar leis nach bhfuil seans ar bith ann go mbeadh Fine Gael toilteanach dul i gcomhrialtas le Sinn Féin. Is fiú cuimhneamh i gcónaí, áfach, ar an bhfreagra a thug Bertie Ahern tráth nuair a fiafraíodh de céard a theastaíonn chun comhrialtas a bhunú. “Ar an gcéad dul síos, ní foláir a bheith ábalta comhaireamh,” a dúirt an t-iarThaoiseach.

Ar ndóigh, ní margadh iarthoghcháin le Fine Gael ná le Fine Gael a theastaíonn ó Shinn Féin. Deir lucht ceannais an pháirtí gur móramh iomlán atá mar aidhm acu ach gur comhréiteach a theastódh uathu dá uireasa le páirtithe eile ar an eite chlé – na Daonlathaithe Sóisialta, an Lucht Oibre, an Comhaontas Glas, agus (b’fhéidir) Teachta Dála nó dhó eile. Ní fiú Pobal Roimh Bhrabach a chur san áireamh toisc nach léir go dtí seo go bhfuil aon spéis acu i rannpháirtíocht rialtais.

Cuideoidh méadú na Dála ó 160 suíochán go 174 le fás Shinn Féin, a bhfuil 36 suíochán Dála acu faoi láthair. Níl aon chosúlacht ar chlaonadh na bpobalbhreitheanna faoi láthair, áfach, go mbeidh an páirtí agus páirtithe na heite clé ábalta dóthain suíochán Dála (87 ar a laghad) a ghnóthú chun comhrialtas seasmhach a chur le chéile sa Dáil nua.

Bhunaigh Ireland Thinks, a rinne an phobalbhreith pholaitiúil is deireanaí (a foilsíodh sa Sunday Independent seachtain ó shin) meastachán dá réir ar chomhdhéanamh na chéad Dáil eile. Ní bhíonn ballraíocht pháirtí sa Dáil i gcomhréir iomlán lena vótaí chéad rogha, ach tá éirim an mheastacháin a rinne Ireland Thinks réasúnta soiléir.

Seo mar a bheadh ballraíocht na bpáirtithe sa Dáil nua, dar leo, agus a dtacaíocht reatha de réir na pobalbhreithe céanna curtha idir lúibíní:

Sinn Féin: 67 suíochán (33%)

Fine Gael: 40 suíochán (21%)

Fianna Fáil: 35 suíochán (18%)

Daonlathaithe Sóisialta: naoi suíochán (6%)

An Lucht Oibre: trí shuíochán (3%)

Pobal Roimh Bhrabach: trí shuíochán (3%)

An Comhaontas Glas: suíochán amháin (2%)

Aontú: suíochán amháin (2%)

Iarrthóirí eile: 15 suíochán (10%)

Fiú dá mbainfeadh Sinn Féin barr ar ardtairbhe as tacaíocht mar a thaispeántar thuas, agus fiú dá mbeadh fonn ar an eite chlé go léir (lúide Pobal Roimh Bhrabach) dul i gcomhrialtas leo, ní bheadh na vótaí a theastódh i nDáil Éireann acu.

Bheadh dhá lag-rogha iarthoghcháin acu gan dabht. D’fhéadfaí tacaíocht a lorg ó neamhspleáigh nó ó ghrúpaí neamhspleácha, nó d’fhéadfaí rialtas mionlaigh a bhunú. Chuirfeadh socruithe dá leithéid srian ar scóip agus ar chumhacht Shinn Féin sa Dáil nua. Bheadh baol ann freisin go spreagfadh míshásamh teannas doleigheasta tar éis tamaill – rud a fhágann an rogha is simplí agus is seasmhaí, de réir uimhreacha: comhrialtas le Fianna Fáil.

Tá féidearthacht dá leithéid pléite go minic ag an scríbhneoir seo le Micheál Martin. I bhfianaise na gcomhráite sin agus a bhfuil ráite aige faoi Shinn Féin, tá sé ionann agus cinnte nach mbeidh sé toilteanach suí ag bord an rialtais le Sinn Féin am ar bith.

Ach dá mbeadh Micheál Martin sa Bhruiséil, duine eile i gceannas ar Fhianna Fáil, agus Sinn Féin toilteanach margadh a dhéanamh, cá bhfios?

Bíonn drogall ar gach ceannaire cúrsaí comhrialtais a phlé roimh lá na vótála, go háirithe más comhrialtas le naimhde atá faoi chaibidil. Cuimhnigh, áfach, ar na comhrialtais gan choinne a bhunaigh Fianna Fáil agus na Daonlathaigh i 1989, Fianna Fáil agus an Lucht Oibre i 1992, agus Fianna Fáil agus Fine Gael in 2020.

Níor admhaigh ceannaire ar bith sna páirtithe sin roimh lá na vótála go mbeidís toilteanach socruithe dá leithéid a dhéanamh ina dhiaidh.

Táthar ag súil go mbeidh Mary Lou McDonald ar fónamh tar éis obráide go luath, ach ní bheidh fonn uirthi ceisteanna faoi roghanna mar seo a fhreagairt. Déan talamh slán de freisin go seachnóidh sí ceisteanna faoin tionchar a bheadh ag margadh iarthoghcháin ar na polasaithe a gheallfaidh a páirtí roimh ré.

Ní cóir ligean di, ná do cheannaire ar bith, éalú go hiomlán ó cheisteanna faoina gcur chuige iarthoghcháin. Tá an rogha a ndearna an t-eacnamaí John Kenneth Galbraith cur síos air ag teannadh le Sinn Féin.

Ní bhaineann cúrsaí polaitíochta uaireanta le rudaí atá indéanta, a dúirt Galbraith, ach le rogha idir rud atá uafásach agus rud atá míthaitneamhach.

Fág freagra ar 'Plé le déanamh ag Sinn Féin maidir le cé a bheidh i gcomhrialtas leo'