Pinginí beaga agus pinginí móra an rugbaí á gcomhaireamh…

Tá an rabhadh tugtha ag Philip Browne a bheith barainneach agus is mór is fiú dúinn ar fad gur duine stuama fadbhreathnaitheach é

Pinginí beaga agus pinginí móra an rugbaí á gcomhaireamh…

Níl a fhios agam cé mhéad dá theanga a bhí ina phluc ag Príomhfheidhmeannach an IRFU, Philip Browne, cúpla seachtain ó shin nuair a luaigh sé ag lainseáil tuarascáil bhliantúil na heagraíochta go mb’fhéidir go raibh sé in am aghaidh a thabhairt ar na Stáit Aontaithe agus pleanáil á déanamh don fhorbairt a theastaíonn chomh géar sin ón tSraith Rugbaí Pro 12.

Le laethanta beaga anuas tá Cathaoirleach USA Rugby, Bob Latham, tar éis a dheimhniú go bhfuil caidreamh de chineál éigin tosaithe idir iad agus lucht eagair na sraithe.

Ní hé seo ar ndóigh an chéad uair an nasc Tras-Atlantach a bheith luaite. Cúpla bliain ó shin nuair a bhí Premiership Rugby mar aon le Sraith Top 14 na Fraince sáite in aighneas leis na heagraíochtaí náisiúnta ina dtíortha féin, bhíodarsan freisin ag caint ar fhoirne Meiriceánacha a thabhairt isteach. Go deimhin cé nach raibh aon toradh air sin, imríodh cluiche sa Premiership idir London Irish agus Saracens i Nua-Eabhrac i dtús na bliana seo.

Premiership Rugby agus LNR (a eagraíonn an Top 14) a bhuaigh an choimhlint chumhachta úd agus sin ceann de na cúiseanna a bhfuil an Brúnach agus lucht ceannais an WRU sa mBreatain Bhig agus an SRU in Albain i sáinn anois, gan fágtha acusan ach ‘cuid Pháidín den mheacan’.

€14 milliún is fiú an conradh teilifíse atá ag an PRO 12 i gcomparáid le €51 milliún i gcás an Premiership agus €97 milliún don Top 14.

Tá clubanna na hÉireann, na hAlban agus na Breataine Bige ag cailleadh airgid as éadan. I gcás Chúige Mumhan fágann gan iad a bheith ag déanamh chomh maith agus a bhí i gComórtais na hEorpa go bhfuil laghdú suntasach ar an líon daoine atá ag teacht go Páirc Thuamhan. Cén bhrí ach níor theastaigh an t-airgead chomh géar riamh le híoc as na fiacha a bhaineann le tógáil na staide céanna. Thug an IRFU iasacht €5 milliún dóibh anuraidh – ní móide go bhfuil siad ag súil le pingin rua de a fháil ar ais.

Bhí caillteanas €2 milliún ar Scarlets an séasúr seo caite – a hocht n-oiread sin fiacha orthu ina iomláine. Dhá fhoireann ghairmiúla atá in Albain anois san áit a mbíodh ceithre cinn agus is ar éigean go mbíonn a fhios ó shéasúr go séasúr céard é an scéal le foirne na hIodáile.

Sa mhullach ar sin, cuir san áireamh go bhfuil de dhualgas ar eagraíochtaí na hÉireann, na hAlban agus na Breataine Bige maoirseacht agus forbairt a dhéanamh ar an gcluiche amaitéarach atá faoina réimse agus tuigfidh tú cén fáth ar dhúirt Philip Brown ag an gcruinniú cinn bhliana nach mbeidh ar chumas an IRFU a bheith ag tabhairt síneadh láimhe do na cúigí go deo na ndeor.

Is iad foireann idirnáisiúnta na hÉireann is cúis le 80% den teacht isteach atá ag an IRFU agus go dtí seo chinntigh dea-riarthóirí na heagraíochta go bhfuil cúrsaí faoi smacht.

Chuidigh sé leo gur fhág an socrú a rinneadh leis na Cigirí Cánach go mbeadh 40% den cháin a d’íocadar as airgead a thuilleadar in Éirinn le fáil ar ais ag lúthchleasaithe gairmiúla. Chuir sin stop leis an méid acu a bhí ag fágáil na tíre. Agus bíonn an IRFU thar a bheith glórach nuair a bhagraítear bac ar chomhlachtaí dí a bheith ag déanamh urraíochta ar spóirt, nó nuair a thráchtann Airí Cumarsáide ar chluichí idirnáisiúnta a bheith ar fáil ar chainéil theilifíse atá ‘saor go haer’.

Ach beidh fadhbanna móra le sárú ag na heagraíochtaí náisiúnta sna tíortha Ceilteacha agus ag an PRO 12 gan mórán achair agus iad ag iarraidh a chinntiú nach é an ceart atá acu siúd a deir go bhfuil an comórtas sin tite go mór chun deiridh ar an Premiership agus ar an Top 14 ó thaobh iomaíochta agus caighdeáin.

Ní nach ionadh, is le hairgead a bhaineann sé go huile agus go hiomlán, de Brún agus a chomhghleacaithe ag cur margadh ina bhfuil 15 milliún duine ar fáil do chomhlachtaí teilifíse i gcomparáid leis an 120 milliún atá sna tíortha ina bhfuil an Premiership agus an Top 14.

Níl fáil ag na Ceiltigh ach an oiread ar na milliúnaithe atá sásta a gcuid airgid féin a chaitheamh ag ceannach agus ag rith clubanna i Sasana agus sa bhFrainc, dream atá ag cur bonn faoi na clubanna ansiúd, rud atá fós ag teastáil ainneoin airgead na teilifíse.

Cé gur €6 milliún sa mbliain an uasmhéid atá ceadaithe do chlubanna an Premiership a íoc mar thuarastal lena gcuid imreoirí, meastar gur chaith Saracens a dhá oiread sin anuraidh nuair a bhuaigh siad Corn na hEorpa. Ní hiontas go bhfuil fiacha os cionn €50 milliún orthu, ach beidh siad féin agus na foirne eile os cionn a bhfiach fad agus atá an billiúnaí Nigel Wray sásta a chuir airgid féin a chaitheamh leo.

Beidh Bristol ar ais sa Premiership an séasúr seo ag teacht. Is leis an airgeadaí Stephen Lansdown iad siúd, fear a bhfuil €55 milliún caite aige ar an staid ina n-imreoidh siad. Is leis an fhoireann sacair, Bristol City freisin.

Tá an rabhadh tugtha ag Philip Browne a bheith barainneach. Ní baileach to bhfuil a bhundún siúd sioctha ag an ngaoth atá ag séideadh i hallaí rugbaí na tíre seo, ach is mór is fiú dúinn ar fad gur duine stuama fadbhreathnaitheach é.

B’fhéidir go bhfuil amharc faighte aige ar Mheiriceá fiú.

Fág freagra ar 'Pinginí beaga agus pinginí móra an rugbaí á gcomhaireamh…'