‘Peaca marfach’ é gan do scuaba smididh a ghlanadh agus deiseanna saora ar fáil

Dhá tháirge aimsithe ag ár gcomhfhreagraí atá thar cionn le scuaba salacha smididh a ghlanadh agus gan orthu ach €11.50

‘Peaca marfach’ é gan do scuaba smididh a ghlanadh agus deiseanna saora ar fáil

Déarfaidh saineolaithe a bhfuil scil acu i gcúrsaí smididh go bhfuil scuaba ar fáil do gach cúram agus cúram do gach scuab. Ní fheicfeá riamh oibrí smididh i salún áilleachta nó i siopa gan scór nó níos mó scuab a bheith ina mbeilt acu agus cúram ar leith le déanamh ag gach ceann acu.

Don té a bhfuil bailiúchán maith scuaba smididh curtha le chéile acu féin is dúshlán ar leith iad a choinneáil glan.

Deirtear gur cheart iad a ní gach seachtain ach is beag duine againn a mbeadh an t-am nó an fhoighne againn sin a dhéanamh. Measaim féin go mbeimis ag déanamh maith go leor dá nífí iad uair gach trí seachtaine.

Tá dhá dheis bheag aimsithe agam féin le gairid leis an obair sin a shimpliú go mór agus tá siad fíorréasúnta le ceannach. €10 atá ar cheann acu agus €1.50 ar an gceann eile agus an péire acu le fáil i siopaí Penneys ar fud na tíre.  

Glantóir agus triomadóir leictreonach do scuaba smididh atá sa cheann is daoire acu, PS…PRO Electric Brush Cleaner and Dryer. Dhá chadhnra beag a chuireann cumhacht ann agus is féidir leis déileáil le réimse leathan scuab. Líonann tú an soitheach beag le leacht níocháin do scuaba smididh agus ansin tumann tú an meaisín beag ar a bhfuil do scuab fáiscthe isteach sa leacht. Le gach cor agus casadh ansin glantar an scuab smididh.

Ní cúis imní ar bith é mura bhfuil leacht níocháin ar leith do scuaba smididh agat – is féidir leat seampú leanaí in uisce te a úsáid ina áit agus tá sé gach pioc chomh héifeachtach le leacht speisialta na scuab smididh.

Tá an fearas beag seo an-mhaith ach thug mé féin faoi deara go mbíonn deacracht aige dul i ngleic go hiomlán le spotaí crua de smideadh a bhíonn triomaithe ar scuaba. Ar ndóigh, déarfadh na saineolaithe gur ‘peaca marfach’ é ligean do smideadh triomú ar scuab ar chor ar bith ach sin scéal eile!

Ach buntáiste ollmhór leis an nglantóir agus triomadóir leictreonach ná go ndéanann sé na scuaba nite a thriomú go han-sciobtha ar fad. Is iondúil go dtógann sé lá ar scuab smididh triomú mar is ceart faoin aer ach bíonn sin déanta ag an ngléas beag seo i gcúpla nóiméad. Is fiú é a cheannach ar mhaithe leis sin amháin.

‘PS…Make up brush cleansing mitt’ an dara táirge a cheannaigh mé, an ceann seo ar €1.50. Ní féidir a rá gur miotóg í sa ghnáthchiall ach is blúire de rubar bog é lena ndéanann tú na scuaba a chuimilt lena nglanadh. Teastaíonn leacht níocháin do scuaba smididh nó seampú leanaí don níochán ach tá an uirlis bheag seo ar fheabhas ar fad le gach spota den smideadh a ghlanadh ó na scuaba.

Feictear dom gur cheart go mbeadh spás don dá tháirge seo in aon áit a bhfuil scuaba smididh le glanadh. Bainfidh mé féin úsáid as an ‘mitt’ don ghlanadh agus as an nglantóir agus triomadóir leictreonach don triomú. Margadh maith iad le chéile ar €11.50 ó shiopaí Penneys.

Fág freagra ar '‘Peaca marfach’ é gan do scuaba smididh a ghlanadh agus deiseanna saora ar fáil'

  • wtf

    Cén tionchar a bhíonn ag an ‘smidiú’ (péinteáil) seo uileag ar an timpeallacht? Gan ach an méid níocháin is gá a dhéanamh ar éadaí, éadaí leapan, aghaidheanna srl a chur san áireamh? Gan trácht ar a mhinice is gá dul faoin gcith (má théitear) chun an screamh ar fad uileag a ligean le sruth? ‘Screamh’ is gá a athrú faoi dhó ar a laghad chuile lá beo? An níocháin intinne seo atáthar a dhéanamh ar mhná ba cheart cur ina aghaidh. Glac le do aghaidh, le do chraiceann agus LEAT FÉIN mar atá, tá tú go hálainn. Scanradh Dé is ea an cúram seo ar fad.