Páras, Beirlín, Béal Feirste – úrscéal Gaeilge nua atá idirnáisiúnta agus fíorthaitneamhach

Ina chéad úrscéal meallann Fionntán de Brún leis muid ó chaiféanna Pháras go Beirlín na Naitsithe agus abhaile go Béal Feirste na cogaíochta

Páras, Beirlín, Béal Feirste – úrscéal Gaeilge nua atá idirnáisiúnta agus fíorthaitneamhach

...
Béal na Péiste
Fionntán de Brún
Cló Iar-Chonnacht €15
...

Ní mé an bhfuil dáimh ar leith ag glúin áirithe Gael le húrscéalta staire ach seo chugainn úrscéal breá Gaeilge eile agus imeachtaí a tharla sa bhfichiú haois lárnach ann.

Tugann fear óg a aghaidh ar “eachtraí agus ealaín” an domhain mhóir agus é meáite nach bhfillfeadh sé “ar bhaile beag suarach Bhéal Feirste go mblaisfinn fíonta as coirn óir na cruinne”.

Ón gcinneadh sin i 1939 go dtí 1988, meallann Réamonn Prút leis muid ina theannta. Faighimid blaiseadh beag den saol i bPáras, saol an chaifé agus na hoibre. Ó bhí na Gearmánaigh ag teacht le Páras a ghabháil cá dtabharfadh fear óg a aghaidh ach ar an nGearmáin fhéin, áit a raibh oibrithe ag teastáil!

Is iontach agus is aisteach spléachadh a fháil ar thrí shaol faoi réimeas na Naitsithe – cinedhíothú na nGiúdach, fleadh is féasta na gceannairí agus peiríocha na n-ealaíontóirí faoi choim.

Agus dúil ag an Ultach óg i bpost níos taitneamhaí, santaíonn sé stáisiún raidió na Naitsithe – mar a raibh Francis Stuart ag obair chomh maith le Róisín Ní Mheara agus Seoigheach na Gaillimhe. Ní mór an ghlóir a thuill sé ansiúd ach gur léigh sé Beatha Wolfe Tone go haoibhinn ar fad! Níor ghlac sé le comhairle Frank Ryan ach oiread, fear ar cheart dó cleachtadh maith a bheith aige ar mheon na Naitsithe.

Paraisiút a thugann ar thalamh na hÉireann arís muid agus as sin linn go brocais i mBaile Átha Cliath agus Príosún Bhóthar Chromghlinne.

Seo linn arís go 1988 agus airm agus uisce faoi thalamh eile roimh ár ndeoraí agus é ar ais ar a dhúchas, dúchas a fheicimid trí súile an té a chonaic malairt saoil thar toinn. Ach áit choimhthíoch atá sa gcathair seo anois, áit a mbítear ag síorfhaire ar gach éinne agus pointí seiceála, faitíos agus cuardach ina ngnáthchuid den saol. Áit é seo nach bhfaigheann aon duine sochar an amhrais.

Ba thráthúil mar a bhí an leabhar seo á léamh agam tráth a raibh na críocha gafa go mór faoi chaibidil arís – sa tír seo agus sa talamh naofa araon. Rith sé liom arís nach aon dochar a dhéanfadh sé do lucht fuatha, míthuisceana agus foréigin agus dá soláthróirí airm cúpla úrscéal a léamh, súil eile ar a ngníomhartha.

Amhail an t-iománaí ar an gclaí is grinn agus glé súil an scríbhneora seo. Dá scaollmhar dá raibh eachtraí a chonaic mé ar an Nuacht, ba ghéire a chuaigh siad i mo chroí agus aithne á cur agam ar ainmneacha sin na nuachta nó ar a ndaoine gaoil.

Más duine thú atá tinn den éadrócaire agus d’fhuil an tírghrá, ná bíodh doicheall ort tabhairt faoin leabhar seo. Tá aithne agat ar Réamonn, b’fhéidir gur tú fhéin atá ann. Amhail gach réabhlóid, istigh ina lár tá scéal an duine aonair agus é ina bhreathnóir cuid mhaith ar a chomhdhaoine. Sinne nár theagmhaigh an t-uafás linn, is maith linn na boscaí – daoine uaisle maithe i mbosca amháin agus gealta gránna dúra sa mbosca eile. Is mithid dúinn éisteacht leis na healaíontóirí  a mheabhraíonn dúinn go dteastaíonn lear mór boscaí más linn an duine a bhrandáil, go háirithe daoine atá i lár an áir.

Meabhrú atá i dteideal an leabhair gur deacair don duine an chinniúint a shárú mar a fuair Ióna amach nuair nár thaithnigh dea-chroí agus maithiúnas Dé leis.

Bhain mé féin an-taitneamh go deo as an leabhar seo agus ar nós aon bhleachtaire pluide bhí bís orm go bhfaighinn amach céard a tharla agus baineadh siar asam. Gan dabht chuir sé go mór le mo spéis san úrscéal go raibh ról ann ag daoine agus eachtraí a tharla agus atá ar an taifead. Stíl an dialannaí agus é ag cúlfhéachaint ar an saol atá feicthe aige, feileann sí don scéal agus neart comhrá ann le cur le nádúr na hócáide.

Páras, Beirlín, Béal Feirste – tá an t-úrscéal Gaeilge idirnáisiúnta, náisiúnta agus áitiúil. Nach maith sin agus is maith freisin go bhféadfadh Áine an t-údar seo a mhealladh léi ar a haistear arís.

Is beag an t-iontas go bhfuair an leabhar seo duais úrscéalaíochta an Oireachtais agus tá mé ag súil go mór le scéal eile ón údar.

Fág freagra ar 'Páras, Beirlín, Béal Feirste – úrscéal Gaeilge nua atá idirnáisiúnta agus fíorthaitneamhach'