Páirc spraoi don duine fásta atá sa Phicnic Leictreach

Is iomaí ceantar agus cineál duine a bhíonn ag an bPicnic Aibhléiseach, ach iad a aimsiú

Páirc spraoi don duine fásta atá sa Phicnic Leictreach

Luí na Gréine ar an oíche dheireanach. Pictiúr: Poilín Níc Géidigh

Bhí mé gafa leis an gceol agus mé óg. Bhínn ag brionglóidí faoi Glastonbury agus a bheith ag damhsa agus ag canadh i measc na sluaite spleodracha. Ar ndóigh ní fheictear ach an chuid is fearr agus is folláine d’fhéile ar fhíseáin mhealltacha an BBC. Sílim gur chuir an íomhá sin dallamullóg éicint orm faoin méid ba cheart dom bheith ag súil leis ó fhéile cheoil.

D’fhreastail mé ar an bPicnic Leictreach den chéad uair roinnt mhaith blianta ó shin, agus is féidir liom a rá nach í an fhéile chéanna í agus Electric Picnic na linne seo. Tá fás agus forbairt leanúnach théis teacht ar an deireadh seachtaine, agus is fada ón gcóisir chiúin shéimh i measc na dteaghlach óg agus cúpla míle duine in 2013 atá sí anois.

D’fhill mé in 2014 agus mé 21 bliain d’aois. Seanbhean chríonna a bhí ionam faoin tráth sin ar ndóigh, agus bhraith mé go mb’fhéidir go raibh mé beagáinín róshean don slua agus don chlampar: déagóirí agus lucht an drabhláis, campaí fiáine agus an alltacht san aer.

Ag cuimhneamh siar anois ar an bhféile sin, táim ag ceapadh nár bhain an fhadhb leis an bhféile ach le mo mheon féin ina leith.

I dtús báire, bhí mé théis sceideal na féile a chíoradh agus chuile leid ar leithéidí The Irish Times agus Joe.ie a bhreacadh síos maidir leis na himeachtaí ab fhearr. Botún amach is amach é sin toisc gur threoraigh a leithéid mé chuig na háiteacha is gnóthaí, iad urraithe ag cibé beoir nó manglam is ansa le daoine faoi láthair. Dá bharr sin, is dócha gur chaith mé an deireadh seachtaine i measc na dtreibheanna míchearta. Is iomaí ceantar agus cineál duine a bhíonn ag an bPicnic Aibhléiseach, ach iad a aimsiú.

An dara míthuiscint ná gur cheap mé gur féile cheoil a bhí inti, agus ní fíor sin go baileach.

Slua ag an bPriomhardán. Pictiúr: Poilín Níc Géidigh

Díoltar na ticéid uilig sula bhfógraítear liosta na mbannaí clúiteacha a bheidh i láthair fiú – is dócha go bhfreastalódh na sluaite uirthi, ba chuma cé a bheadh ar an bpríomhardán le linn na féile.

D’fhéadfadh an ghné sin den fhéile cur as d’andúilí ceoil de mo leithéidse, ach nuair a ghéilleann tú gur mar sin atá ag an bhféile seo, níl bealach ar bith níos fearr le deireadh seachtaine a chaitheamh.

Is páirc spraoi don duine fásta atá inti. Agus don déagóir. Agus don ghasúr, má bhíonn siad i láthair.

Dar liomsa gurb é an rud is fearr faoin bPicnic Leictreach ná gur dócha go mbíonn eispéireas éagsúil ag gach uile dhuine den bhreis is 50,000 duine a chruinníonn sa Sráidbhaile ag deireadh an tsamhraidh. Ní fhéadfá gach rud atá ar tairiscint ann a thriail, agus is dócha go bhfuil cúinní faoi leith de na coillte agus an t-iliomad seomraí rúnda ar fud na láithreach nach bhfuil feicthe agam féin fós, cé go raibh mé ag freastal ar an bhféile le roinnt mhaith blianta anuas.

Bíonn buntáiste ag na Gaeil ag na himeachtaí seo. Mar Ghael d’fhéadfá teacht ar an láthair i d’aonar agus gan a bheith buartha faoi chairde ná comhluadar a aimsiú. Beidh aithne agat ar dhuine éicint sa bPuball Gaeilge, nó sa gCollchoill. Bhí an t-ádh linn i mbliana trí phríomhláthair chruinnithe a bheith againn, an Chollcoill, an Puball Gaeilge agus an láthair champála Ghaeltachta. D’éirigh le gach láthair acu sin slua maith a mhealladh agus ardán a thabhairt do phlúr na gceoltóirí, siamsóirí, fuirseoirí agus cainteoirí Gaeilge.

Bhí mé ag obair ag an bhféile ach b’fhiú go mór sleamhnú amach cúldoras an phubaill ar feadh cúpla uair an chloig chun dul ag spaisteoireacht. Bhí an t-ádh liom a bheith i láthair do chuid de bhuaicphointí na féile – seó Dermot Kennedy, mar shampla Dé hAoine, mar a raibh na mílte duine cruinnithe le ceiliúradh a dhéanamh ar dhuine de na réalta óga is fearr in Éirinn faoi láthair. Athrú mór do dhuine a bhíodh ag buscáil ar Shráid Grafton cúpla bliain ó shin. Ócáid chorraitheach agus speisialta.

Bhain réalta óg eile siar asam freisin Dé hAoine. Shíl mé ar dtús go raibh rud éicint tubaisteach théis tarlú, ach ní tine ná timpiste ba chúis leis an scaoll, ach feiniméan de chineál eile. Bhí Billie Eilish théis tús a seala ar an ardán a fhógairt le grafaicí dorcha aisteacha ar na scáileáin mhóra. Mheall sí nach mór chuile dheoraí go dtí an príomhardán, agus bhí ciúnas aisteach ag láithreacha eile na féile. Ní fhaca mé a leithéid ag ócáid chomh mór sin riamh cheana.

Bhí daoine an-tógtha freisin le seó Hozier, a raibh Lisa Hannigan ina haoi speisialta aige ar an bpríomhardán, agus teachtaireachtaí láidre polaitiúla aige don lucht féachana. Mheall Kneecap slua mór chuig Freetown chomh maith.

D’éirigh liom deireadh seó The Strokes a fheiceáil, ach bhí míshuaimhneas faoi leith le brath sa slua. Ba léir go raibh príomhamhránaí an bhanna Julian Casablancas míshásta go raibh slua níos lú cruinnithe dó ná mar a bhí do The 1975 roimhe, agus rinne sé cúpla tagairt shearbhasach don scéal agus an chuma air go raibh braon maith ólta aige. Níor thaitin cantaireacht ‘Olé olé’ na ndaoine leis ach an oiread, agus i ndiaidh don bhanna filleadh i gcomhar encore nár iarr an slua orthu, d’fhág siad an t-ardán gan slán a fhágáil leis an lucht féachana. Sách aisteach agus díomách.

D’fhéadfá do chuid ama uilig a chaitheamh agus tú faoi gheasa ag iontais agus ag ealaín na féile. D’fhéadfá go leor ama a chaitheamh freisin ag breathnú ar lucht freastail na féile féin, iad galánta spleodrach, gléasta go péacach, sona sásta agus saor ó bhuairt agus fadhbanna an tsaoil.

Anois agus na gormacha iarfhéile buailte orm, táim ag ceapadh go mbeadh sé deas a bheith ag tarraingt ar chuid den tsaoirse agus den sonas sin an chuid eile den bhliain. Nár dheas an rud meon sin na bhféilte a bheith ina rud buan sa saol? Nár dheas an rud é ann dá mbeadh an fhiosracht, an spreagadh, an chruthaitheacht agus an tsaoirse ina gcuid lárnach den saol seachas ina rudaí a mblaistear díobh uair sa bhliain nuair a éalaítear chuig féile?

Fág freagra ar 'Páirc spraoi don duine fásta atá sa Phicnic Leictreach'

  • Campa na nGael

    Cén mí-ádh atá orainne Gaeil go bhfuilimid ag braith ar Electric Picnic chun an Chollcoill, an Puball Gaeilge agus an láthair champála Ghaeltachta a bheith againn?
    Cé mhéid uair a chuala tú daoine ag Electric Picnic a rá go bhfuil gá le “Campa na nGael” a bhunú dúinn fhéin áit éigin. Ní mór feirm a chuartú i gcondae lártíre chun “Campa na nGael” a bhunú.

  • Gealach Lán

    A Champa na nGael, tá Féile na Gealaí ann cheana :-)