Inis Mór i lár an aonaigh i bhfíseán duine de nuacheoltóirí móra 2019

Measann leithéidí an BBC agus MTV gealladh mór a bheith faoi Dermot Kennedy, amhránaí ar mór aige a cheangal le hInis Mór

Inis Mór i lár an aonaigh i bhfíseán duine de nuacheoltóirí móra 2019

Bunaithe ar radharcanna áille d’Inis Mór, Árainn, atá an físéan is déanaí ag ceoltóir óg a measann leithéidí an BBC agus MTV go bhféadfadh sé a bheith i measc réalta móra idirnáisiúnta an cheoil in 2019.

Tá na céadta milliún sruthú déanta cheana féin ar shaothar Dermot Kennedy agus beidh sé ag seinm ag mórfhéile cheoil Coachella i Meiriceá i mí Aibreáin.

Is ar a cheangal Gaeltachta, áfach,  a dhéanann an t-amhránaí as Baile Átha Cliath ceiliúradh ina fhíseán nua don amhrán ‘For Island Fires and Family’.

Tá go leor ama caite ag Kennedy ar Inis Mór, mar a bhfuil cónaí ar a aintín, an t-amhránaí Deirdre Ní Chinnéide. Aintín leis chomh maith Mary Kennedy, an craoltóir le RTÉ agus cainteoir líofa Gaeilge.

Ag labhairt dó faoin bhfíseán nua ar fhéach nach mór 150,000 duine air ar Youtube cheana féin, dúirt Dermot Kennedy gur údar áthais ar leith dó gur ar Inis Mór a taifeadadh é.

“Amhrán é seo a bhí an-tábhachtach dom le fada an lá agus bhí sé thar a bheith speisialta an físeán a dhéanamh ar Inis Mór. Is áit an-tábhachtach an t-oileán i scéal mo bheatha agus tá cuimhní an-gheanúil agam air,” ar sé.

Ba é Brendan Canty, a stiúir an físeán don amhrán ‘Take Me to Church’ a rinne réalta de Hozier in 2013, a stiúir an físeán ar Inis Mór do ‘For Island Fires and Family’.

Ba é Colm Hogan, a d’oibrigh ar an scannán is déanaí sa tsraith Terminator, atá le cur amach i mbliana, an stiúrthóir fótagrafaíochta. I measc na dtograí eile a ndearna Hogan an chineamatagrafaíocht ón aer dóibh bhí scannán faisnéise TG4 Murdair Mhám Trasna.

 

Fág freagra ar 'Inis Mór i lár an aonaigh i bhfíseán duine de nuacheoltóirí móra 2019'