Pacáiste cúitimh do choláistí samhraidh agus mná tí faofa agus réidh le fógairt

Tá a beannacht tugtha ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe don phacáiste cúitimh a fhógróidh Roinn na Gaeltachta go luath

Pacáiste cúitimh do choláistí samhraidh agus mná tí faofa agus réidh le fógairt

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil pacáiste cúitimh Roinn na Gaeltachta do choláistí samhraidh agus mná tí na Gaeltachta réidh le fógairt.

Tá a leithéid de phacáiste á éileamh ó fógraíodh mí Aibreáin nach mbeadh na cúrsaí Gaeltachta ar siúl i mbliana de bharr an choróinvíris.

Tuigtear go bhfuil a beannacht tugtha ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe don phacáiste cúitimh a fhógróidh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta go luath. 

Bhí Roinn na Gaeltachta ag plé scéal an chúitimh do choláistí samhraidh leis an Roinn Caiteachais Phoiblí le tamall agus bhí iarratas déanta acu ar chead a fháil cúiteamh a íoc. Tá an cead sin tugtha anois. 

Pacáiste cúitimh don “bhean an tí” agus do na coláistí a bhí á phlé ag an dá roinn.

Dúirt Máire Denvir, ball de bhord CONCOS, an eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar na coláistí samhraidh, gur pléadh “gach gné” de na coláistí samhraidh le linn na gcruinnithe a bhí acu leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Dúirt sí go bhfanfadh CONCOS go dtí go bhfeicfidís sonraí an phacáiste sula ndéanfadh siad aon ráiteas faoi.

Sa bhliain 1904 a bunaíodh na chéad choláistí samhraidh agus cuireadh ar ceal iad den chéad uair i mbliana de bharr na paindéime domhanda.

Pléadh cás na gcoláistí samhraidh sa Dáil cúpla uair ó fógraíodh mí Aibreáin nach mbeadh aon chúrsaí ann i mbliana.

D’éiligh CONCOS, páirtithe an fhreasúra agus Conradh na Gaeilge go n-íocfaí cúiteamh leis na coláistí.

Meastar gur fiú €50 milliúin an tionscal do cheantair Ghaeltachta ar fud na tíre.

Fág freagra ar 'Pacáiste cúitimh do choláistí samhraidh agus mná tí faofa agus réidh le fógairt'