Pá ag dul le ról Oifigeach Gaeilge aontas na mac léinn in OÉ Gaillimh den chéad uair

Thacaigh breis is ceathrar as gach cúigear a vótáil i reifreann le ról lánaimseartha, a bhfuil pá le dul leis, a dhéanamh den oifigeach Gaeilge

Pá ag dul le ról Oifigeach Gaeilge aontas na mac léinn in OÉ Gaillimh den chéad uair

Íocfaidh aontas na mac léinn in OÉ Gaillimh Oifigeach Gaeilge lánaimseartha i mbliana agus mic léinn na hollscoile tar éis tacú go láidir le bunú an phoist nua.

I reifreann a reáchtáladh an tseachtain seo caite, bhí beagnach 84% díobh siúd a chaith vóta ar son ról do Leas-Uachtarán don Ghaeilge a bhunú. 1,046 mac léinn ar fad a vótáil ar son an rúin, agus gan ach 204 ina choinne.

Fágann sin go mbeidh toghchán le reáchtáil ag Comhaltas na Mac Léinn in OÉ Gaillimh faoi cheann roinnt seachtainí chun an Leas-Uachtarán don Ghaeilge a thoghadh.

Meastar go mbeidh an toghchán ann i ndiaidh na Cásca agus rachaidh an Leas-Uachtarán don Ghaeilge i mbun oibre ag tús mhí Iúil i mbliana. Beifear ag glacadh le hainmniúcháin don ról nua ar an 4 Aibreán.

I measc na gcúraimí a bheidh ar an Leas-Uachtarán nua don Ghaeilge, beidh cur chun cinn na teanga i measc mhic léinn na hollscoile, cathaoirleacht a dhéanamh ar Choiste Gaeilge, agus tuarascáil faoin obair atá ar bun a ullmhú do chruinnithe fheidhmeannas Chomhaltas na Mac Léinn.

In 2017 a vótáil Aontas na Mac Léinn in Éirinn ar son post lánaimseartha ar phá a dhéanamh den oifigeach Gaeilge.

Fág freagra ar 'Pá ag dul le ról Oifigeach Gaeilge aontas na mac léinn in OÉ Gaillimh den chéad uair'