Os cionn míle duine le Covid-19 básaithe ó dheas, idir cásanna deimhnithe agus cinn ar dócha go raibh an galar i gceist

De réir na bhfigiúirí is déanaí, 1,292 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 278 duine ó thuaidh agus 1,014 ó dheas

Os cionn míle duine le Covid-19 básaithe ó dheas, idir cásanna deimhnithe agus cinn ar dócha go raibh an galar i gceist

Tá os cionn míle duine a raibh Covid-19 orthu básaithe ó dheas, nuair a chuirtear san áireamh líon na gcásanna a deimhníodh agus líon na gcásanna a mheastar go raibh an galar ar an té a bhásaigh.

I dteannta a chéile atá an Roinn Sláinte ag cur na bhfigiúirí ar fáil anois do na daoine ar deimhníodh Covid-19 mar shiocair bháis acu agus na daoine gur dócha le dochtúir gurbh é. Fágann sin go bhfuil 1,014 duine ar fad básaithe sa ráig seo.

Fógraíodh bás 37 duine eile ó dheas tráthnóna agus deimhníodh go raibh 577 cás nua den ghalar ann.

829 duine a bhfuil sé deimhnithe i saotharlann gur chuir an coróinvíreas den saol iad agus tá dhá bhás eile a bhfuil sé deimhnithe fúthu anois nach é ba chúis lena mbás.

Tá sé curtha in iúl don Ionad Faireachais Cosanta Sláinte go bhfuair 185 duine eile bás go dtí seo a bhfuil amhras ann gur dócha gurbh é an coróinvíreas ba chionsiocair lena mbás.

I gcás bás dá leithéid ní dhearnadh tástáil saotharlainne, ach creideann dochtúir go raibh baint ag an ráig den Covid-19 leis an mbás.

Fágann sin gur 1,292 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 278 duine ó thuaidh agus 1,014 ó dheas.

21,306 cás den choróinvíreas atá deimhnithe, 18,184 cás ó dheas agus 3,122 cás ó thuaidh.

Daoine in ionaid chúraim a bhí i gceist le 577 den 1,014 bás, idir cásanna deimhnithe agus cásanna a mheastar Covid-19 a bheith i gceist. Is ionann sin agus 57% de líon iomlán na gcásanna.

Tugadh le fios chomh maith tráthnóna gur cúigear oibrithe sláinte atá básaithe go dtí seo de thoradh an ghalair.

Dúirt an Dr Tony Holohan tráthnóna go mbeadh sainmhíniú nua á dhéanamh ar na critéir thástála do chásanna den víreas i dtús na seachtaine seo chugainn.

Ón tráth sin ar aghaidh beidh duine nach bhfuil air ach ceann amháin de na comharthaí sóirt den Covid-19, giorra anála nó fiabhras mar shampla, in ann iarraidh ar an dochtúir teaghlaigh iad a chur ar aghaidh i gcomhair tástála. Tabharfar tús áite do dhaoine atá leochaileach agus nach bhfuil aon acmhainn acu ar aon ionfhabhtú.

An Taoiseach, Leo Varadkar. Pictiúr Leon Farrell/Photocall Ireland

Dúradh go bhfuil beagnach 8,000 tástáil don ghalar á dhéanamh in aghaidh an lae.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Holohan, go mbainfí amach faoin 5 Bealtaine na spriocanna atá leagtha síos maidir leis an ngalar a choinneáil faoi chois má chloíonn daoine leis na srianta.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar tráthnóna gurb amhlaidh go gcaithfí síneadh ama trí seachtaine eile a chur leis an dianghlasáil má bhíonn daoine ag sárú na srianta Covid-19, fiú ar feadh cúpla uair an chloig.

Dúirt sé go raibh greim maith againn ar an ngalar sa phobal agus go raibh seans maith go maolófaí na srianta ar an 5 Bealtaine. 

“Fúinne go léir atá sé,” a dúirt sé.

Éinne a bheadh ag cuimhneamh ar neamhaird a dhéanamh ar na srianta, ba chóir dóibh cuimhneamh go mbeadh praghas le híoc ar a gcinneadh, arsa an Taoiseach Leo Varadkar.

Thug Bus Átha Cliath le fios níos luaithe inniu go bhfuil an líon paisinéirí ar na busanna ag ardú ó lá go lá le seachtain agus go raibh níos mó daoine ar an mbus gach lá an tseachtain seo ná a bhí ó ordaíodh do dhaoine fanacht sa mbaile. 

Ag preasócáid an Rialtais, dúradh go raibh an Garda Síochána ag coinneáil súil ar an leibhéal tráchta agus ag tathant ar an bpobal cloí go hiomlán leis na treoirlínte sláinte phoiblí atá i bhfeidhm i gcónaí. 

Idir an dá linn, léiríonn figiúirí nua atá eisithe ag Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA) gur in ionaid chúraim a bhásaigh an tríú cuid de na daoine a bhásaigh ansin de bharr an choróinvíris. 

De réir na staitisticí seo 276 duine a chuir an coróinvíreas den saol sa Tuaisceart roimh an 17 Aibreán agus bhí 93 duine acu sin nó 33.7% in ionaid chúraim.

Fógraíodh chomh maith inniu go raibh cúigear déag eile a raibh Covid-19 orthu básaithe sa Tuaisceart.

Léiríonn figiúirí go bhfuil suas le 100 cás nua den choróinvíreas á ndeimhniú in ionaid chúraim ó dheas gach lá agus gur ag ardú atá an figiúr i gcónaí. 

A mhalairt atá ag tarlú sa bpobal, tá an líon cásanna a dheimhnítear sa bpobal beagán faoi 500 sa lá ach is ag ísliú atá sé.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, go gcaithfeadh laghdú suntasach a bheith ar líon na gcásanna in ionaid chúraim chónaithe sula bhféadfaí aon scaoileadh nó maolú a dhéanamh ar na srianta. 

Tá sé ráite ag Paul Reid, Príomhfheidhmeannach an HSE, go bhfuil an-dlús curtha leis an tástáil sna hionaid chúraim agus go bhfuil tástáil curtha faoin tráth seo ar 18,000 den fhoireann agus na daoine atá ag cur fúthu sna hionaid.

Dúirt an Dr Tony Holohan, go scrúdófaí inniu cibé athrú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na critéir chun tástáil a chur ar dhuine sa bpobal don ghalar agus faoi cén uair a dhéanfaí an tástáil sin.

Idir an dá linn, tá rabhadh láidir eisithe ag Reckitt Benckiser, an dream ar leo Dettol, nár cheart  “is cuma céard a tharlaíonn” instealladh dá gcuid táirgí féin a thógáil ná iad a ithe ná a ól.

Fág freagra ar 'Os cionn míle duine le Covid-19 básaithe ó dheas, idir cásanna deimhnithe agus cinn ar dócha go raibh an galar i gceist'

  • Maitiú Ó Murchú

    Cad é tá i gceist le ‘ó dheas’ sa cheann teidil?