Os cionn 400 Palaistíneach maraithe ag aerionsaithe Iosrael ar Gaza, sos cogaidh scriosta

Dúradh i ráiteas ó oifig Phríomh-Aire Iosrael go gcuirfí le neart a gcuid ionsaithe agus é ina imní go mbeidh sé ina chogadh dearg arís

Os cionn 400 Palaistíneach maraithe ag aerionsaithe Iosrael ar Gaza, sos cogaidh scriosta

Tá na céadta maraithe ag Iosrael in Gaza sa chéad mhór-ionsaí ar an stráice ó cuireadh tús leis an sos cogaidh ansin dhá mhí ó shin.

Deir údaráis sláinte Gaza gur maraíodh os cionn 400 duine sna haerionsaithe agus é ina imní anois go mbeidh sé ina chogadh dearg arís.

Díreach roimh 2:30 a.m., am na háite, a cuireadh tús leis na “ionsaithe fairsinge” a d’ordaigh  Príomh-Aire Iosrael, Benjamin Netanyahu.

Mhaígh Hamas gur ionsaí a bhí ann ar “shibhialtaigh gan chosaint” agus gur chóir do lucht idirbheartaíochta an fhreagracht iomlán a chur ar Iosrael as an sos cogaidh “a shárú agus a chealú”.

Dúirt Hamas gur léirigh na hionsaithe gur bréag a bhí i maíomh Iosrael go raibh fonn orthu go ndéanfaí an choimhlint a mhaolú.

“Iarrtar ar an bpobal idirnáisiúnta gníomh a dhéanamh láithreach i dtaca le freagracht a leagan ar lucht na forghabhála agus a lucht tacaíochta as na coireanna seo in aghaidh na daonnachta,” a dúradh i ráiteas Hamas.

Dúirt Hamas go raibh lánfhreagracht freisin ar Stáit Aontaithe Mheiriceá as an scrios ar mhuintir Gaza tiosc gur chuir Iosrael lucht an Tí Bháin ar an eolas faoi na hionsaithe roimhe ré.

Dúirt Ard-Rúnaí na Náisiúin Aontaithe António Guterres gur údar alltachta a bhí sna hionsaithe agus d’iarr sé go léireofaí meas ar an sos cogaígh.

Dúradh i ráiteas ó oifig Phríomh-Aire Iosrael go gcuirfí le neart a gcuid ionsaithe agus chuir siad i leith Hamas “gur dhiúltaigh siad arís is arís eile” gialla a scaoileadh saor agus glacadh le moltaí maidir le fad a chur leis an sos cogaidh.

Deir Iosrael go bhfuil 59 giall fós á gcoimeád in Gaza agus go meastar go bhfuil 24 díobh fós beo.

Dúirt grúpa a bhfuil ionadaíocht á déanamh acu ar mhuintir na ngiall go raibh tugtha suas ag rialtas Iosrael ar na gialla.

“Tháinig an tuar faoin tairngreacht maidir leis an imní is mó a bhí ar na teaghlaigh, na daoine a fuadaíodh agus muintir Iosrael. Shocraigh rialtas Iosrael a hata a chaitheamh leis na gialla,” a dúirt Fóram na nGiall agus na dTeaghlach atá ar Iarraidh.

Fág freagra ar 'Os cionn 400 Palaistíneach maraithe ag aerionsaithe Iosrael ar Gaza, sos cogaidh scriosta'