Orla Ní Fhinneadha ceaptha ina hamhránaí cónaitheach in Ollscoil na Gaillimhe

Bhain Orla Ní Fhinneadha, arb as an Chloich Mhóir i mBaile na hAbhann di, comórtas na mban ag Oireachtas na Gaeilge in 2024

Orla Ní Fhinneadha ceaptha ina hamhránaí cónaitheach in Ollscoil na Gaillimhe

Tá Orla Ní Fhinneadha, amhránaí as Gaeltacht Chonamara, ceaptha ina hAmhránaí Cónaitheach ag Ollscoil na Gaillimhe.

Is as an Chloich Mhóir, Baile na hAbhann i nGaeltacht Chonamara d’Orla, a bhain comórtas na mban ag Oireachtas na Gaeilge anuraidh. Tháinig sí sa tríú háit i gCorn Uí Riada in 2016.

Thosaigh sí ag freastal ar ranganna sean-nóis le Máire Pheitir Uí Dhroighneáin nuair a bhí sí ar an bhunscoil agus bhí tionchar mór ag Máire uirthi, chomh maith lena hathair, Jimí.

Tá aithne mhór uirthi chomh maith mar láithreoir aimsire le TG4.

Dúirt Orla go raibh sí “thar a bheith bródúil agus buíoch” gur iarradh uirthi an ról seo a ghlacadh don bhliain, agus gur “onóir mhór mhillteach é” go bhfuil a hainm luaite le daoine amhail Máire Pheitir, Sarah Ghriallais agus Mairéad Ní Fhlatharta a bhí sa ról seo roimhe seo.

“Tá an sean-nós speisialta, is dócha aon uair a chuimhním ar an sean-nós, cuimhním ar phíosa craic, am a chaitheamh le daoine a bhfuil suim acu sa rud céanna agus bród tíre, is dóigh ar bhealach freisin, [mar] go mbíonn muid ag casadh trí Ghaeilge agus ag coinneáil na n-amhrán seo beo.”

“Níl a fhios agam cén fáth, ach casaim An Chaora Ghlas go minic, is maith liom an t-amhrán, sílim go bhfuil sé barrúil, tá scéal deas ann agus is maith liom an fonn,” a dúirt sí.

Deir Orla gur dúradh léi agus í ag fás aníos, gurb é “an scéal an rud is tábhachtaí” nuair a bhíonn tú ag plé leis an sean-nós. Caithfear “suí síos agus éisteacht leis na focail” agus a bheith “binn agus ceolmhar” agus tú i mbun ceoil.

Dúirt an Dr Nessa Cronin, gur “cúis áthais” é don ollscoil go bhfuil Orla Ní Fhinneadha ceaptha ina hamhránaí cónaitheach in Ollscoil na Gaillimhe.

“Is duine í a bhfuil stór eolais aici atá in ann inspioráid a thabhairt don chéad ghlúin eile ar thraidisiún amhránaíochta an tsean-nóis, agus táimid ag tnúth go mór leis an bhliain atá amach romhainn.”

Beidh sraith ceardlann saor in aisce á múineadh ag Orla Ní Fhinneadha san Ollscoil sa bhfómhar agus arís san earrach.

Fág freagra ar 'Orla Ní Fhinneadha ceaptha ina hamhránaí cónaitheach in Ollscoil na Gaillimhe'

  • Peigí Ní Chonghaile

    Comhghairdeachas leat Orla, go n’éirí leat!