Ordú le déanamh ag Aire na Gaeltachta maidir le húsáid an tsínidh fhada ach beidh tamall eile ann sula mbeidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí glacadh leis

Cé go bhfuil an dualgas a bheidh ar chomhlachtaí poiblí glacadh leis an síneadh fada leagtha amach go soiléir sa reachtaíocht ó 2021, dúirt Aire na Gaeltachta go gcaithfí deis a thabhairt dóibh a gcórais a chur in oiriúint

Ordú le déanamh ag Aire na Gaeltachta maidir le húsáid an tsínidh fhada ach beidh tamall eile ann sula mbeidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí glacadh leis

Deir Aire na Gaeltachta go bhfuil súil aige dualgas a chur ar chomhlachtaí poiblí an síneadh fada a úsáid i gceart in ainmneacha agus seoltaí roimh dheireadh an tsamhraidh ach go bhféadfadh tamall eile a bheith ann sula dtiocfaidh an dualgas i bhfeidhm i gceart.

Tá an dualgas ar chomhlachtaí poiblí glacadh leis an síneadh fada i measc na bhforálacha sa reachtaíocht teanga leasaithe ach caithfidh an tAire ordú a thabhairt chun go mbeadh feidhm leis.

Ceithre bliana ar aghaidh ó ritheadh an reachtaíocht sin, níl aon dualgas go fóill ar chomhlachtaí poiblí glacadh leis an síneadh fada ach deir an tAire Dara Calleary go bhfuil sé i gceist aige é sin a athrú.

Deir an tAire go bhfuil súil aige “roinnt fógraí móra” maidir leis an reachtaíocht sin a dhéanamh roimh dheireadh mhí an Mheithimh agus go mbeadh an t-ordú faoin síneadh fada san áireamh.

“Cuirfidh an fhoráil seo dualgas ar chomhlachtaí poiblí ainmneacha, seoltaí agus teidil i nGaeilge a úsáid agus a thaifeadadh i gceart, lena n-áirítear úsáid an tsínidh fhada,” a dúirt an tAire Calleary.

Mar sin féin, thug an tAire le fios nach dtiocfaidh an dualgas i bhfeidhm láithreach. Cé go bhfuil an dualgas leagtha amach go soiléir sa reachtaíocht le breis is ceithre bliana anuas, dúirt an tAire go gcaithfí deis a thabhairt do na comhlachtaí poiblí a gcórais a chur in oiriúint chun go mbeadh siad in ann glacadh leis an síneadh fada. Níor dhúirt an tAire cé chomh fada is a bheadh an tréimhse sin.

“Áirítear leis an bhforáil seo freisin a chinntiú go bhfuil córais TFC a úsáideann comhlachtaí poiblí in ann glacadh leis an méid sin. B’fhiú a nótáil, sa chás go bhfuil gá córas a chur in oiriúint, beidh tréimhse tugtha do na comhlachtaí poiblí comhlíontacht leis an bhforáil a bhaint amach tar éis dóibh a bheith forordaithe,” a dúirt sé.

Is mar fhreagra ar cheist ón Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh ó Shinn Féin a dúradh an méid sin.

Thionscain an Teachta Ó Snodaigh bille an mhí seo caite a bhain le cearta maidir le taifead cruinn ar ainmneacha agus seoltaí i nGaeilge. Bhí an bille sin agus ceann eile a thionscain an Teachta Ó Snodaigh chun cosaint sa dlí a thabhairt do labhairt na Gaeilge ar na chéad phíosaí reachtaíochta a dréachtaíodh i nGaeilge amháin.

D’éirigh le billí Uí Shnodaigh dul tríd an chéad chéim dá n-aistear trí Thithe an Oireachtais ach dúirt an tAire Dara Calleary go bhfeictear dó go mbeidh roinnt do na nithe atá leagtha amach sna billí clúdaithe ag na caighdeáin teanga.

Dúirt an tAire go bhfuil súil aige fógra aa dhéanamh “go luath” go bhfuil tús curtha leis an gcomhairliúchán ar na dréachtchaighdeáin teanga tríd an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge.

Is faoi na caighdeáin a leagfar dualgais ar chomhlachtaí poiblí seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil. Bhí na caighdeáin, atá le teacht in áit chóras na scéimeanna teanga, le bheith i bhfeidhm roimh dheireadh 2024 ach tá sé ráite ag Roinn na Gaeltachta go bhfuil forbairt an chórais níos casta ná mar a ceapadh ar dtús.

Bhí Aire na Gaeltachta freisin le dáta a shonrú ag tús 2025 faoi cén uair a mbeadh dualgas ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil sa nGaeltacht ach níl sé sin déanta go fóill. Meastar go mbeidh an dáta sin anois ag brath cuid mhór ar na caighdeáin.

Fág freagra ar 'Ordú le déanamh ag Aire na Gaeltachta maidir le húsáid an tsínidh fhada ach beidh tamall eile ann sula mbeidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí glacadh leis'