Ordú cúirte tugtha bean as Conamara a mharaigh a hiarpháirtí a ghabháil

Ciontaíodh Maura Thornton as Conamara in 2013 i marú a hiarpháirtí taobh amuigh dá hárasán i mBóthar na Trá i nGaillimh

Ordú cúirte tugtha bean as Conamara a mharaigh a hiarpháirtí a ghabháil

Tá barántas eisithe ag an gcúirt le bean as Gaeltacht Chonamara a ghabháil toisc gur sháraigh sí na coinníollacha a cuireadh uirthi nuair a scaoileadh as an bpríosún í.

Cuireadh príosún ar Maura Thornton as Indreabhán i gConamara as a hiarpháirtí a mharú.

Ciontaíodh Maura Thornton (38) as Conamara in 2013 i marú a hiarpháirtí Kevin Joyce (59) taobh amuigh dá hárasán i mBóthar na Trá i nGaillimh, an 3 Iúil 2011. Gearradh deich mbliana príosúin uirthi as an marú in 2013 ach cuireadh trí bliana den phianbhreith sin ar fionraí.

Bhí sí ceaptha a bheith os comhair na Príomh-Chúirte Coiriúla maidin inniu agus an Breitheamh Paul McDermott chun déileáil leis an gcás mar gur theip uirthi cloí leis na coinníollacha a cuireadh uirthi agus trí bliana dá pianbhreith á gcur ar fionraí.

Nuair nár tháinig sí i láthair na cúirte ar maidin d’eisigh an Breitheamh Paul McDermott barántas a gabhála. Dúirt a habhcóide Blaise O’Carroll sa chúirt nach bhfuair sé féin aon scéala ó Maura Thornton agus nach raibh a fhios aige cá raibh sí.

Cuireadh an Phríomh-Chúirt Choiriúil ar an eolas ó scaoileadh saor as an bpríosún Thornton gur sháraigh sí an coinníoll nach n-ólfadh sí aon alcól. Ag éisteacht eile sa gcúirt roimhe seo, d’admhaigh Thornton sa chúirt gur “ghéill sí don ól” agus gur cuid den chúis a bhí leis sin go raibh sí an-uaigneach de bharr srianta an Covid-19. Dúirt Paul Carroll, Abhcóide Sinsearach an Stáit sa gcúirt inniu “de bharr mí-úsáid drugaí agus alcóil” go raibh drochbhail ar Maura Thornton.

Dúirt an Breitheamh McDermott nach raibh “cuma ná caoi” ar shaol Thornton agus gur theastaigh staidéar a chur inti ach go gcaithfeadh sí teacht chun na cúirte le go gcuirfeadh sé ina luí uirthi a thábhachtaí atá sé go dtosódh sí ag plé arís leis na seirbhísí promhaidh agus go bhfaigheadh sí cóir leighis dá cuid andúile.

Fág freagra ar 'Ordú cúirte tugtha bean as Conamara a mharaigh a hiarpháirtí a ghabháil'