Oráistí, anainn agus bananaí á n-úsáid le snáithíní éadaigh a dhéanamh

Fáiltíonn ár gcomhfhreagraí roimh bhealaí nua atá aimsithe le snáithíní éadaigh a dhéanamh as torthaí

Oráistí, anainn agus bananaí á n-úsáid le snáithíní éadaigh a dhéanamh

Chuir alt sa nuachtán The Guardian le gairid faoi éadach a bheith á tháirgeadh as craiceann oráiste iontas orm.

Beirt bhan ón Iodáil, Adriana Santanocito agus Enrica Arena, a bhí i mbun staidéir ar chúrsaí faisin i Milan cúig bliana ó shin, a thosaigh ar thaighde a dhéanamh ar shlí chun snáithíní éadaigh a dhéanamh as an bhfarasbarr craicinn a bhíonn fágtha thart nuair a fháisctear an sú as oráistí.

Is cosúil go mbíonn 700,000 tonna craiceann oráistí caite ar leataobh san Iodáil gach bliain agus ba é sin a spreag na mná leis an gcomhlacht Orange Fiber a bhunú. D’éirigh leo infheistíocht €500,000 a mhealladh dá dtionscnamh agus anois tá snáithíní á dtáirgeadh acu atá cosúil go maith le síoda. Tá bealach eolaíoch agus rúnda aimsithe ag na mná leis an ceallalós a bhaint as craiceann na n-oráistí le snáithíní a dhéanamh as. Is féidir na snáithíní sin a dhathú agus a úsáid go héasca i dtionscal an fhaisin.

Tá an tionscal céanna ar cheann de na truaillitheoirí is measa ar domhan agus ní dhéantar ach 1% d’éadach na cruinne a athchúrsáil mar éadach nua.  Meastar go dtéann leathmhilliún tonna micreashnáithíní isteach i bhfarraigí an domhain gach bliain ón éadach a chaithimid agus go n-úsáidtear céatadán suntasach d’fhuinneamh an domhain i ndéantús éadaigh. Is cosúil freisin go n-úsáidtear trí chileagram ceimiceán ar gach aon chileagram cadáis a ullmhaítear don mhargadh.

Sin iad na cúiseanna go mbeadh oiread fáilte roimh aon iarracht a dhéanfaí bealaí nua a aimsiú le snáithíní éadaigh a fhorbairt, go háirithe nuair atá sin bunaithe ar fhuílleach a bheadh le dumpáil mar a bhíonn i gceist le craiceann oráiste. Ar ndóigh, leáfadh craiceann oráiste in imeacht ama ach fós féin tá costas ag baint lena dhumpáil mar is ceart.

Agus is cosúil nach é an t-oráiste an t-aon toradh gur féidir leas a bhaint as le snáithíní éadaigh a tháirgeadh.  I gcúinní eile den domhan tá an cineál céanna oibre á dhéanamh le bananaí, anainn agus cnó cócó.

Sna hOileáin Fhilipíneacha agus i Neipeal atá an obair ar siúl maidir le gas na bplandaí banana a úsáid chun snáithíní a tháirgeadh. Bíonn míle milliún tonna den amhábhar seo ar fáil gach bliain agus is cosúil gur féidir cileagram amháin snáithíní a dhéanamh as 37 cileagram de ghas an phlanda banana.

D’fhéadfadh na hOileáin Fhilipíneacha 300,000 tonna fabraice a sholáthar ar an mbealach sin gach bliain.

Sna hoileáin chéanna, tá dul chun cinn suntasach déanta freisin maidir le fabraic atá cosúil go maith le leathar a fhorbairt as duilleoga anainn.

Agus is cosúil gurbh é an cnó cócó rogha na gcomhlachtaí Tog 4 agus North Face, dhá chomhlacht a dhéanann éadach do ghníomhaíochtaí faoin aer, le snáithíní nua a fhorbairt.

Is iontach an rud é go bhfuil an taighde eolaíochta ag dul i ngleic leis na cásanna seo agus buntáiste á bhaint as an bhfarasbarr nó an fuílleach a bheadh caite i  láithreán líonta talún nó fágtha ag lobhadh leis.

Seans go bhfeabhsóidh sé a bheag nó a mhór an droch-cháil atá ar thionscal an fhaisin mar thruaillitheoir mór domhanda.

Fág freagra ar 'Oráistí, anainn agus bananaí á n-úsáid le snáithíní éadaigh a dhéanamh'