‘Onóir dhochreidte’ – Gradam Filíochta Mhichael Hartnett buaite ag Ceaití Ní Bheildiúin

Deir Ceaití Ní Bheildiúin gur ‘onóir dhochreidte’ di Gradam Filíochta in ómós an Airtnéidigh a thabhairt léi

‘Onóir dhochreidte’ – Gradam Filíochta Mhichael Hartnett buaite ag Ceaití Ní Bheildiúin

Tá Gradam Filíochta i gcuimhne ar Mhichael Hartnett buaite ag an fhile Ceaití Ní Bheildiúin dá bailiúchán Agallamh Sa Cheo, Cnoc Bhréanainn a d’fhoilsigh Coiscéim.

Gradam é seo, a bhfuil €4,000 ag gabháil leis, a bhronntar ar chnuasach filíochta Béarla agus cnuasach Gaeilge gach re bliain i gcuimhne ar an fhile dátheangach Michael Hartnett as an gCaisleán Nua i Luimneach.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Ceaití Ní Bheildiúin gur “onóir dhochreidte” Gradam Filíochta an Airtnéidigh a thabhairt léi, toisc an “dáimh mhór” atá aici lena chuid filíochta.

“Tá an-mheas agam ar an duais seo, ar an stair a bhaineann léi agus ar an té a bhfuil sí ainmnithe ina dhiaidh.

“Ana-ana-fhile ab ea Micheál Ó hAirtnéide agus ba mhór an chailliúint é a bheith imithe chomh hóg. Is dóigh liom go ndearna sé rud iontach, ina shlí féin, rud difriúil ó na filí a tháinig roimhe. Is minic agus mé ag léamh a chuid dánta nach mbíonn a fhios agam ar chum sé na dánta i mBéarla nó i nGaeilge ar an gcéad dul síos.”

An sliabh mórga in iarthar Chiarraí, a spreag cuid mhaith de na dánta sa chnuasach Agallamh Sa Cheo, Cnoc Bhréanainn. 

“Caitheas laethanta fada ag breathnú ar Chnoc Bhréanainn, bhíos ag breathnú air, ag siúl air agus ag campáil air agus thosaigh mé ag scríobh.

“Nuair a bhíos ag siúl ar an gcnoc bhíos i gcónaí ag smaoineamh faoi cad a bhí thíos faoi mo chosa. Bhraitheas na cnámha, an stair, brí na logainmneacha, bhíos ag fiosrú gach rud. Diaidh ar ndiaidh, bhíos ag teacht ar thuiscintí. Uaireanta bhraitheas go raibh an cnoc do mo fhreagairt agus tá cuid de na dánta sa leabhar bunaithe ar na comhráite idir mé féin agus an cnoc.”

Agus buaiteoir an ghradaim á fhógairt, dúirt na moltóirí, Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus Seosamh Ó Murchú, gur cnuasach é Agallamh Sa Cheo, Cnoc Bhréanainn “a sheas amach” agus a léiríonn “misneach agus máistreacht” an fhile.

“Tá uaillmhian agus fís an chnuasaigh le moladh, ach ar aon dul leis sin, tá éagsúlacht foirme agus sárcheardaíocht sna dánta a chruthaíonn ealaín don tsúil.

“Cartagrafaíocht mhothála an tsléibhe a rianaítear anseo: cór guthanna a chuireann síos ar mhioneachtraí agus mórdhrámaí an tsaoil. Bíonn a chúis féin ag gach éinne an sliabh a dhreapadh, a scéal féin ag gach uile dhuine acu. Tá lón machnaimh anseo freisin ar ‘mheon’ an tsléibhe agus ar a mbronnann sé ar an gcine daonna.”

Dúirt na moltóirí chomh maith go bhfuil “blas na hársaíochta” ar dhánta Ní Bheildiúin agus go bhféadfaí Agallamh sa Cheo a áireamh i measc na mórshaothar Gaeilge “a rianaíonn an caidreamh atá idir an duine is an dúlra”.

Rugadh Ceaití Ní Bheildiúin i Ros Eo, i dtuaisceart chontae Bhaile Átha Cliath agus tá cónaí uirthi i nGaeltacht Chorca Duibhne le beagnach scór bliain. Foilsíodh ceithre chnuasach filíochta léi go dtí seo agus léiríodh dhá ghearrdhráma léi.

Ghnóthaigh an cnuasach filíochta seo, Agallamh sa Cheo, Cnoc Bhréanainn Duais an Oireachtais in 2018, agus bhuaigh An Teorainn Bheo (Coiscéim 2007) an chéad chnuasach dá cuid, duais Oireachtais 2007 don chéad chnuasach is fearr.

Bronnfar Gradam Filíochta Michael Hartnett, atá á mhaoiniú ag an Chomhairle Ealaíon agus ag Oifig Ealaíon agus Cultúir Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, ag Éigse Michael Hartnett sa Chaisleán Nua in iarthar Luimnigh ag deireadh na míosa.

Fág freagra ar '‘Onóir dhochreidte’ – Gradam Filíochta Mhichael Hartnett buaite ag Ceaití Ní Bheildiúin'

  • Bríd Rogha Bhríde Ní Mhaoileoin

    Comhghairdeas leat a Cheaití Ní Bheildiúin!

  • Mícheál Ó Ruairc

    Treise leat, a Cheaití. É tuillte agat. Mícheál Ó Ruairc

  • Ssndra Ní Gharbháin

    Comhghairdeas ó chroí Ceaití. Nach iontach céard atá bainte amach agat. Tá moladh mór ag dul duit. Go néirí leat le do chuid scríbhneoireachta .

  • Pádraig Mac Fhearghusa

    An-leabhar, a Cheaití. Comhghairdeas ó chroí leat.