Onóir ab ea é ullmhú do chluiche ceannais na hÉireann mar imreoir, roghnóir agus bainisteoir

Is iontach an phribhléid í d’iománaithe Chill Chainnigh agus Thiobraid Árann a bheith ag prapáil don ócáid is tábhachtaí i séasúr na hiomána

Onóir ab ea é ullmhú do chluiche ceannais na hÉireann mar imreoir, roghnóir agus bainisteoir

John Allen agus é ina bhainisteoir ar Chorcaigh i gcluiche ceannais na hÉireann. Pictiúr: INPHO/Tom Honan

Bhí sé de phribhléid agus d’onóir agam a bheith ag súil le cluiche ceannais na hÉireann mar imreoir, mar roghnóir agus mar bhainisteoir. Is iontach í an choicís roimh an lá cinniúnach. An ócáid an t-ábhar mór cainte sa chontae agus na himreoirí mar a bheadh VIPanna aon áit a dtéann siad.

Dar ndóigh tá an saol athraithe go mór ón gcéad uair ar ghlac mise páirt san ócáid i lár na seachtóidí. Sna laethanta sin bhíodh traenáil againn gach Máirt, Déardaoin agus Domhnach agus lucht féachana ansin ag coimeád súil ar chúrsaí. Tháinig cuid mhaith den díospóireacht a bhí ar siúl ar fud an chontae ó na hoícheanta sin. Thagadh iriseoir agus grianghrafadóir nó dhó chuig an traenáil aon oíche ba mhian leo.

I 1976, i ndiaidh na traenála, bhíodh béile ag na himreoirí in Óstán an Victoria sa chathair. Stéig agus sceallóga nó griolladh measctha a bhíodh ar an mbiachlár. Is beag aird a thugtaí ar an aiste bia nó an cothú cothrom sna laethanta sin.

D’fhaigheadh na himreoirí agus na roghnóirí culaith éadaigh nua don dinnéar oifigiúil i ndiaidh an chluiche ceannais. Dar ndóigh bhíodh fadhbanna faoi thicéid ann sna seachtóidí freisin.

Is mór atá athraithe in 2019 agus foirne ag prapáil don lá mór. Tá na himreoirí amaitéaracha seo ag ullmhú mar a bheadh imreoirí gairmiúla ann. Tá an eolaíocht spóirt ina bunchloch faoi gach a ndéanann na himreoirí ar an bpáirc agus lasmuigh di. Tugann eolaíocht an bhia treoir dóibh faoi gach greim a chuireann siad ina mbéal.

Go ginearálta ní cheadaítear lucht féachana isteach chun féachaint ar an traenáil anois.

Bíonn oíche ann do na meáin coicís roimh an gcluiche agus an dualgas curtha ar chúpla imreoir agus ar an mbainisteoir na ceisteanna a fhreagairt slí amháin nó slí eile.

Faigheann na himreoirí feistis nua traenála agus éadaí le caitheamh roimh agus i ndiaidh an chluiche. Dar ndóigh, is cuid riachtanach den réiteach don chluiche ceannais sa lá atá inniu ann an bearradh gruaige, cúpla lá roimh an lá mór.

Tríd is tríd coinníonn na himreoirí amach ón bpobal. Is minic caint ann faoi bheith i mbolgán don choicís roimh an gcluiche agus gan dabht tá sé sin fíor.

Is beag eile a bhíonn ar a n-intinn ag na himreoirí agus ag lucht an chúlseomra seachas teaicticí agus cúrsaí ullmhúcháin don lá mór.

Ach bíonn cúraimí eile ann freisin go háirithe an tréan-iarracht a bhíonn ar siúl dóthain ticéad a bheith ag na himreoirí. Uaireanta cuireann fadhb na dticéad an-bhrú ar na himreoirí céanna. Bíonn sciob sceab freisin ar thicéid don dinnéar oifigiúil i ndiaidh an chluiche agus an contae agus a mháthair ag iarraidh a bheith i láthair.

É sin go léir ráite is iontach an onóir dos na hiománaithe ó Chill Chainnigh agus ó Thiobraid Árann, idir óg agus aibí, a bheith ag prapáil don ócáid is tábhachtaí i séasúr na hiomána.

Tá seantaithí ar an mbua agus ar an díomua ag scata imreoirí ón dá thaobh. Agus, bí lándeimhin de, go bhfuil bearna ollmhór idir an dá scéal.

Is folamh agus is gránna an áit í an pháirc imeartha nuair a shéidtear an fheadóg dheiridh agus d’fhoireann caillteach. 

Díreach i ndiaidh an chluiche, ar an bhfoireann bhuacach a bhíonn an spotsolas agus is orthu sin a fhanfaidh sé go dtí aimsir na Nollag. Cloistear amhrán an chontae bhuacaigh ar an gcóras fógartha poiblí. Is mór idir neamh an bhuaiteora agus ifreann an chaillteora.

Tá an tseachtain dheireanach buailte linn anois. Tá an obair chrua go léir déanta ag na himreoirí.

Ní fada uathu an turas deireanach bus go dtí an staid agus an spleodar a bhíonn ar na sráideanna mórthimpeall Pháirc an Chrócaigh an tráthnóna Domhnaigh speisialta sin.

Agus ansin ‘Sinne Fianna Fáil…’

Fág freagra ar 'Onóir ab ea é ullmhú do chluiche ceannais na hÉireann mar imreoir, roghnóir agus bainisteoir'