Ómós le tabhairt i gConamara d’fhir na gcaorach in Oregon agus Idaho

Beidh ócáid ómóis i gcuimhne na n-imirceach as Conamara a bhíodh ag aoireacht caorach in Idaho agus Oregon in Ionad na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltachta i gCarna tráthnóna

Ómós le tabhairt i gConamara d’fhir na gcaorach in Oregon agus Idaho

Fear trom téagartha a bhí ann.  Fear láidir.  Máirtín Woods as Inis Leacan, oileán atá ar an imeall idir Cuan na Beirtrí Buí agus Cuan Chloch na Rón amach ó chósta thiar Chonamara.  Col ceathracha ab ea é féin agus mo mháthair.  Seoigeach a bhí ina mháthair, Baba Choilm Seoige as baile fearainn Ghabhla ar an taobh ó dheas de Chuan na Beirtrí Buí.

Sean-aintin liomsa ab ea Baba.

Tá cuimhne agam air ag inseacht do mo mháthair gur chaoin sé amanta leis an uaigneas amuigh ina champa ag breathnú amach do chaoirigh ar shéibhte Oregon agus Idaho.  Bhí sé féin agus beirt dearthár leis i measc na bhfear as Conamara a chuaigh ar imirce go Státaí iarthar Mheiriceá ag déanamh aoireacht ar chaoirigh.

Saol uaigneach agus saol contúirteach a bhíodh ann scaití.  Is minic go mbíodh fear leis féin i bhfad amach sna sléibhte agus na céadta caorach faoina chúram.  Campa a bhíodh aige mar dhídean.  Na cairde a bhí aige – an capall, an gadhar agus an gunna.  Bhíodh na haoirí amuigh ar feadh trí nó ceathair de sheachtainí scaití gan casadh le haon duine eile.

Ba é an béar an chontúirt ba mhó don chaora agus don duine.  Ní raibh an chadhóit le trust ach an oiread agus ní raibh tú slán ó chaismirt leis an gcine dhaonna.  Maraíodh fear as ceantar na gcnoc ar an Sraith Salach amuigh ann.  Argóint faoi chúrsaí claí teorann a bhí ar bun.  Scaoileadh leis agus maraíodh é.

Bhí an t-aoire ar imeall na háite a dtugtaí an ‘Wild West’ air.

Níl aon duine in ann a rá go cruinn cén uair a thosaigh imirce sin na gcaorach ach d’fhéadfadh go raibh sé chomh fada siar le 1870.  Lean sé ar aghaidh amach go maith sa bhfichiú haois nó gur athraigh cúrsaí feilméarachta in Idaho agus in Oregon.

Ag labhairt dó anall as Boise in Idaho an lá cheana, thug Kevin Arrien míniú ar an scéal.   De bhunadh Dhúiche Sheoigheach agus de bhunadh Thír na mBascach é Kevin.  Tháinig a shinsir ar chaon taobh den teaghlach go Oregon agus go Idaho ag déanamh aoireacht ar chaoirigh.

“Thug an Rialtas Feidearálach isteach dlí ar ar tugadh an Homestead Act i 1936,” a deir Kevin Arrien.   “Iarracht a bhí ann le daoine a thabhairt ag cónaí sna réimsí fada fairsing taobh tíre in iarthar Mheiriceá.  Bhí go leor den chineál sin tíreolaíochta in Oregon agus in Idaho.   Má bhí fonn ort bualadh fút sa gcineál sin áite, fuair tú 130 acra agus teach.  Ghlac go leor daoine leis an tairiscint.”

Talamh nach raibh úinéireacht [oifigiúil] ar bith air – ach go mba leis an Rialtas é dá rachfaí go bun an údair – a bhíodh sna sléibhte in Oregon agus in Idaho roimhe sin.  D’fhéadfá do chuid caorach a sheoladh in do rogha áite agus ba ansin a theastaigh fir Chonamara agus a leithéidí – na haoirí. Thug na haoirí na caoirigh go dtí na háiteacha ab fhearr a raibh féarach le fáil acu.  Choinníodar slán iad freisin ó ionsaithe, chomh maith agus ab fhéidir.  Bhí dualgas orthu de ló agus d’oíche.

Nuair a tugadh isteach an Homestead Act d’athraigh saol na feilméarachta de réir a chéile in iarthar Mheiriceá.

D’athraigh na feilméaraí móra ó chaoirigh go beithígh.

Níorbh fhiú le go leor feilméaraí caoirigh a choinneáil ar an 130 acra mar b’fhacthas dóibh go mbeadh na caoirigh róchoiscthe ar an méid sin talún.  B’fhearr a d’fheilfeadh beithígh.  Ní raibh fir Chonamara, ná a gcomhghleacaíthe as Tír na mBascach, cleachtach ar an mbealach a ndéantaí láimhsiú ar bheithígh in Iarthar Mheiriceá.

Mhair tionscal na gcaorach láidir go maith ar feadh scór blianta agus tuilleadh ina dhiaidh sin ach go raibh sé ag dul chun deiridh.  Ní dheachaigh mórán duine ar bith as Conamara amach ann ina dhiaidh sin.

Mhínigh Kevin Arrien go bhfuil ceangal idir sliocht mhuintir Chonamara ann i gcónaí.  In oirthear Stát Oregon i nGleann an Juntura is mó atá san ceangal sin le tabhairt faoi deara fós, a deir sé.  Ach, deir Kevin Arrien go brónach, gur pobal agus bealach maireachtála é nach mairfidh i bhfad eile.  “Tá an ceangal cine ag lagan le chuile ghlúin,” arsa seisean.

Bhí an-cháil ar na Clancy Brothers agus ceoltóirí Éireannacha eile i measc shliocht na nÉireannach i nGleann an Juntura, a deir Kevin.  Chasaidís féin amhráin ar nós Roddy McCorley.  Go deimhin, chasaidís amhráin as Conamara.  “I guess they used to sing that song about the Bogs in Shanakeever!” a deir Kevin.

Ar bhealaí go leor imirce Ghaeltachta a bhí in imirce na bhfear caorach amach go Oregon agus go Idaho.  Ba as Dúiche Sheoigheach agus as Bun na gCnoc ba thréine a chuadar anonn, ceantair a raibh an Ghaeilge go láidir iontu an tráth sin den tsaol.  Bhí fir ann freisin as an gCaiseal, as Iorras Aithneach agus as Ros Muc.

Beidh ócáid ómóis ina gcuimhne in Ionad na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltachta i gCarna i gConamara trathnóna inniu.  Bheadh sé chomh dóigh céanna go gcasfaí amhrán phortaigh Sheanadh Chiamhair ansin!

Fir agus teaghlaigh de bhunadh Chonamara a bhí iontu.  Thógadar dualgas trom orthu féin i réimsí de Mheiriceá a bhí sách coimhthíoch san aimsir a caitheadh.  Chuireadar airgead abhaile go Conamara.  Rinne siad a mbealach idir na cadhóití, na béaranna agus treampán an tsléibhe.  Agus chaoineadar deora uaignis i nduibheagán na gcnoc.

Fág freagra ar 'Ómós le tabhairt i gConamara d’fhir na gcaorach in Oregon agus Idaho'

  • Cristine ni Labhra

    Chuimhnim m’uncail Mairtin,Michael &Dave Woods nuair a Thainig said abhaile go Cloch na Ron.Thosigh siad ag feilemearoirt,&iascaireacht .Bhi neart scealtai acu Che go raibh an saol thall cruaidh bhain siad taithneamh as freisin