‘Old age is a Curse’ – sin nó aistriú chun an bhaile mhóir

Vóta mímhuiníne i saol na tuaithe é moladh Aire na nAosach go mbogfadh seandaoine faoin tuath isteach sna bailte

‘Old age is a Curse’ – sin nó aistriú chun an bhaile mhóir

Tógann muid tithe móra agus ní theastaíonn siad sa deireadh thiar.  Sin é a dúirt Mick O’Dwyer agus é ag guairdeall go mallchosach ó sheomra go seomra sa gclár faisnéise Micko a ’speánadh ar theilifís RTE 1 le gairid.  Dúirt sé níos mó ná sin faoi chás an duine atá ag dul amach sna blianta:  ‘Old age is a curse,’ arsa Micko agus é ag machnamh ar chúrsaí agus ar chosáin an tsaoil.  Bhí an chuid sin den chlár brónach, ba léir nach raibh na ‘laethanta órga’ ag taitneachtáil chomh mór sin le laoch peile Chiarraí.   

82 bliain d’aois atá Mick O’Dwyer anois.  Tá a bhean imithe ar shlí na firinne agus tá a cheathrar mac gafa ar a gcosán féin sa saol.  Níl sa teach ach é féin. Ach, níl sé ina aonar sa mbád sin.

Ar fud na tuaithe is minice le daoine a bhíonn ag dul in aois a bheith ina n-aonar.  Mórán mar atá tarlaithe i gcás Mhick O’Dwyer, imíonn na gasúir agus imíonn duine de na tuismitheoirí le himeacht na haimsire – sin nó cailleann duine nó an bheirt acu an aclaíocht.  Creideann an tAire Stáit a bhfuil cúraimí Sláinte Intinne agus na nAosach air, Jim Daly, gurbh fhearr do na daoine seo teannadh isteach in eastáit tithe san áit a mbeadh cúnamh agus comhluadar acu.

D’fhéadfaí a rá gur vóta mímhuiníne i saol na tuaithe í caint an Aire Daly, ar bhealach.   Is minic ráite é gur dona an plean do dhaoine athrú mór a dhéanamh nuair a théann siad amach sna blianta agus is mór an t-athrú é an baile mór do dhuine a chleacht spás agus saoirse na tuaithe i gcaitheamh a shaoil.  Ach, is athrú mór é an teach altranais freisin agus creideann an tAire go bhféadfadh daoine fanacht glan ar thithe altranais níos faide dá mbeidís gar do sheirbhísí is cúnamh leighis agus imeachtaí sóisialta. 

I mbeagán focal, tá sé ag caint ar athrú isteach as ceantar tuaithe chun dul i do chónaí i sráidbhaile nó i mbaile mór.  Go deimhin, gan ugach ón Aire ná ón Stát, tá an t-athrú sin déanta ag cuid mhaith daoine atá ag teannadh amach sna blianta le fada an lá.   Ach, tá polasaí níos fadbhreathnaithí ag an Aire Daly.

Creideann sé gur cheart scéimeanna tithíochta a fhorbairt in aon turas le freastal ar na daoine atá gafa in aois.  Compord, éascaíocht fhisiciúil, comhluadar daonna agus aire, sin é a bheadh acu sna háiteanna cónaithe seo.  Laghdófaí, a deir sé, an brú a bhíonn ar thithe altranais dá bharr seo.  B’fhéidir go mbeadh cuid de na daoine in ann an teach altranais a sheachaint uilig agus bheadh tuilleadh acu in ann an teach altranais a choinneáil ó dhoras níos faide.    Ar ndóigh, bheadh sábháil airgead Stáit ina thoradh air sin, ceaptar.

Is léir go bhfuil ceist na seanaoise casta agus costasach agus tá aird tarraingthe ag Mick O’Dwyer agus Jim Daly ar an ábhar ar bhealaí éagsúla.

Tá an Roinn Leighis in Ollscoil Harvard i Meiriceá ag tairiscint comhairle anois do dhaoine faoin gcaoi ab fhearr le laigí na haoise a sheachaint. De réir an eolais atá ag an dream eolach seo in Harvard, cailleann duine beagnach 30% dá chuid matán faoin am a mbíonn sé deich mbliana agus trí fichid d’aois.  Ach, a deirtear linn, ní gá gur mar sin a bheadh.  Tá comhairle acu faoin mbeatha, faoin aclaíocht agus faoin gcineál saoil ab fhearr a d’fheilfeadh le cóir cheart a choinneáil ar an gcolainn.  Agus is léir gur féidir  é a dhéanamh, Donald Trump cuirim i gcás!

Cé nach ndearna Harvard tagairt dó, féach ar an gcaoi ar éirigh le hUachtarán Mheiriceá Donald Trump nuair a cuireadh faoi dhianscrúdú leighis é an lá faoi dheireadh.  De réir cosúlachta ní raibh gearán ná casaoid aige.  Gan dabht is maith láidir ag breathnú an fear é Trump agus 72 bliain slánaithe aige.  Ní fear é a chuirfeá isteach i scéim tithe do dhaoine aosta.

Agus tá samplaí ann, beag beann ar chaint Mhick O’Dwyer, de dhaoine a bhfuil neart fuadair fúthu agus na ceithre scór caite acu.  Fanann an tréidlia a raibh aithne ollmhór air i gConamara i m’intinn féin, b’in é Peadar Ó Scanaill.  Thug mé suas dó é nuair a chonaic mé Peadar agus é ag coilleadh stumpa láidir de tharbh óg agus é dó nó trí de bhlianta le cois na gceithre scór san am.  Anois, ba chóir a rá gur chuir Peadar an beithíoch chun suain leis an tsnáthaid roimh ré ach, má rinne féin, bhí obair throm go leor le déanamh aige ina dhiaidh sin.   

Ach, déanta na fírinne, ní bheadh ach corrdhuine a mbeadh an aois sin sroichte aige in ann beart chomh trom sin, ná a mhacasamhail d’obair, a dhéanamh.   Caitear géilleadh a bheag nó a mhór d’imeacht na mblianta agus creideann an tAire Stáit, Jim Daly, gur fearr teannadh isteach i dteach níos lú sa mbaile mór nuair a imíonn lúth na gcos amuigh faoin tuath.  Tá daoine ann a déarfadh gurbh é sin díol an mhí-áidh tar éis an tsaoil; is dóigh gur mar sin a facthas é do laoch peile Chiarraí, Chill Mhantáin, Chill Dara agus Laoise. ‘Old Age is a Curse’. 

Ach mar a dúirt an fear grinn nuair a fiafraíodh de cén chaoi ar thaitnigh leis a bheith 96:  ‘Well it’s not bad when you think of the alternative!’.     

Fág freagra ar '‘Old age is a Curse’ – sin nó aistriú chun an bhaile mhóir'

  • Learraí

    Mair an fhaid a fhéadfair, is mura bhféadfair, ní fhéadfair. Aon lá gur féidir leat do dhá chois a chur fút is lá maith agat é. Cuir do dhá láimh timpeall ar gach aon lá dá dtagann agus fáisc amhail dá mba é an lá deireanach ar an saol seo agat é, mar tiocfaidh an lá sin luath nó mall. Gaibh leor leis an saol má tá do shláinte agat agus gaibh buíochas le Dia.

  • Learraí

    Éalaionn an solas ó do shúil
    Tréigeann an luisne do
    ghrua
    Imíonn an phlúir as do phóig
    Is titeann do mhún ar do
    bhróig.