Ar chreid éinne againne atá ag déanamh isteach ar a bheith cnagaosta anois, go dtiocfadh an lá go deo go mbeadh mná rialta ag impí ar a gcomharsain, gan trácht ar an ndomhan mór, teacht i gcabhair orthu agus fíon a cheannach uathu?
Mná rialta agus fíon!
Nár chaith Siúracha na Trócaire, nó na Siúracha Éadrócaireacha mar a thugadh cailíní beaga ‘dána’ orthu uair dá raibh, nár chaitheadar a saol ag fógairt orainne déagóirí saonta fanacht glan den ól?
Nár thóg gach aon ógánach a chuaigh fé lámh easpaig fadó, móid go staonfaidís ó alcól go mbeidís bliain is fiche?
Nach sinn a ghreamaigh ár mbiorán leis an gCroí Rónaofa greanta air, go cráifeach mórtasach ar ár mblúsanna scoile.
Peaca mór millteach ab ea é, a buaileadh isteach inár gcloigne, an mhóid san a bhriseadh.
No pressure in aon chor, mar a deir an dream óg inniu.
Pé scéal é, na femmes formidables seo, mná rialta i gclochar Oosterhout i ndeisceart na hÍsiltíre, nach bhfuil fíonghort acu atá ag cur thar maoil i mbliana.
Shocraíodar dul i mbun na hoibre san, fómhar fíona a fhás, níos lú ná deich mbliana ó shin chun teacht isteach beag a chothú dóibh féin.
Chreideadar go raibh séala an Bhíobla agus dlúthcheangal le hÍosa Críost i ngnó seo na fíona.
Caithfimid go léir cuimhneamh ar an méid sin, an chéad uair eile a thiocfaidh spalladh orainn.
Ach ní foláir nó tá fírinne éigin ann, mar d’éirigh thar barr leo, a bhuíochas chomh maith don dea-aimsir a bhí acu anuraidh.
Farasbarr seasca a ceathair míle buidéal fíona atá acu, agus iad suite meáite cúpla pingin a shaothrú ar gach ceann acu.
Ní haon ‘Seán Saor’ an fíon seo, ach oiread, bíodh a fhios agat. Tabharfaidh tú suas le cúig euro déag ar thaoscán de, gan trácht ar chostas iompair.
I ndomhan na fíona, ní bheadh cáil na maitheasa ar vino na hÍsiltíre, is mó de cháil atá ar a cuid beorach, ach tá mná rialta Oosterhout beag beann ar an méid sin.
Nach bhfuil líne dhíreach go dtí na Flaithis acu, áit ina bhféadfadh Bacchus é féin, gan trácht ar Mhac Dé, a bheith mar phátrúin acu.
Bímis ag ól, is ag adhradh Dé, agus a’ cur pinginí i bpócaí mhná rialta na fíona.
Sláinte mhaith!
jpmorley0@gmail.com
Oosterhoot?