Céard is cuimhin leat faoi do chéad Oireachtas?
An chuimhne is faide siar im’ ceann ar ócáid Oireachtais ná a bheith ar choirm cheoil na Féile. Caithfidh go raibh sé ar siúl i Halla Frances Xavier, más cruinn mo chuimhne. Bhíos ag obair i mBaile Átha Cliath ag an am sna seascaidí déanacha. Bhíos in éineacht le hAodh Ó Domhnaill, drámadóir, beannacht Dé leis, agus Mairéad Ní Chinnéide agus a gcairde, agus sinn ag baint an-spraoi as an ócáid. Is cuimhin liom nach raibh Aodh róshásta leis an teicneoir de chuid RTÉ, a tháinig amach ar stáitse agus a thosnaigh ag labhairt leis an slua as Béarla. Ní hé nár thug sé íde na bhfocal dána dó. Cár mhiste?
An rud is fearr faoin Oireachtas
An rud is fearr faoin Oireachtas ná an ceol agus an comhluadar breá spraíúil. Agus ní gá duit a bheith ag dul ar thóir na Gaeilge: tá sí beo beathach id’ thimpeall ar bhéalaibh daoine ó cheann ceann na tíre.
An rud is measa faoin Oireachtas
An rud is measa faoin Oireachtas ná go dtagann sé chun deiridh agus ansan bíonn tú in umar na haimléise ar feadh tréimhse. Focail iadsan a chuala ar bheola sagairt bhreá Ghaelaigh ar an gCarraig i gCorca Dhuibhne fadó. Oireann siad go breá don chúram.
Cill Airne arís?
Is dócha go bhfuil go leor daoine ag éirí tuirseach den turas ar Chill Airne faoi seo, cé go bhfuil na hóstáin Gleneagle agus Brehon an-áisiúil, agus ní do mhuintir na Mumhan amháin atáid amhlaidh.
Braithimse gur fearr le muintir Chonamara an fhéile a bheith ar siúl i gCill Airne ná i nGaillimh fiú. Turas i gcéin as a ndúthaigh féin atá ann. Tá saoire as baile acu. Tá cathair na Gaillimhe róghairid dóibh.
Tá líon na mbailte a bhfuil na háiseanna riachtanacha iontu d’fhéile chomh mór leis an Oireachtas teoranta go leor. An bhliain seo chugainn, beidh deis ag Béal Feirste a léiriú go bhfuil sárú áiseanna Chill Airne ar fáil ann. Ní miste san. Is do na Conallaigh is mó atá trua agam. Tá an traein ag muintir na hardchathrach. Ní thógann an turas ach trí uair a chloig agus ceathrú ó Stáisiún Heuston.
Comhairle don té atá ag freastal ar a chéad Oireachtas.
Ní hé go bhfuiltear chun aird ar bith a thabhairt ar chomhairle ó mo leithéidse, ach mholfainn é a thógaint go breá bog. Is maratón é an tOireachtas, ní rás céad méadar, in ainneoin nach bhfuil ann ach deireadh seachtaine amháin anois, seachas dhá dheireadh seachtaine, féile deich lá, mar a bhíodh fadó. É sin ráite, bhí aithne agam ar dhuine a tháinig go dtí Oireachtas an Daingin fadó de bhotún seachtain róluath. Bímis inár dtost!
Club na Féile nó Corn Uí Riada
Corn Uí Riada is dóigh liom, seachas polcaí, ag an aois ag a bhfuilimse. Is breá liom na sean-amhráin. Tá uaisleacht iontu, uaigneas na mara, uaigneas na staire, uaigneas an cheana. Beidh plúr na n-amhránaithe le clos ag Corn Uí Riada agat, agus deis agat codladh na hoíche a dhéanamh ina dhiaidh agus do chuid fuinnimh d’athnuachan.
Dá mbeifeá i bhfeighil ar an Oireachtas, céard iad na hathruithe a dhéanfá?
Dhéanfainn machnamh ar chomórtais na gcór a athnuachan. Tá costas thar a bheith mór ar chór a thabhairt ag an Oireachtas anois ar ndóigh, agus bíonn scata comórtas dá gcuid féin ag comhluadair na gcór i gcaitheamh na bliana pé ní. Ach is dream luachmhar ar leith iad seo.
N’fheadar an bhféadfaí rud éigin a dhéanamh i bpáirt le RnaG, TG4, agus fiú Raidió 1 nó Lyric FM, chun casadh na n-amhrán Gaeilge, idir mhór agus mhion, a spreagadh i measc na mórghrúpaí fonnadóirí gur amhráin i mBéarla a bhíonn á gcasadh acu de ghnáth. Sraith de chláir, mar shampla, ach go mbeadh an trí chór is fearr, abair, ar stáitse ag craobhchomórtas an Oireachtais.
Céard is comhartha “Oireachtas maith” ann?
Tuirse dá thoradh, uaigneas dá éis, agus buíochas nach gcaitheann tú cur suas lena leithéid de scrios gach seachtain.
Céard iad na seifteanna atá agat le teacht slán as an Oireachtas?
Mo bhealachsa le teacht slán ná codladh na hoíche a fháil, codladh le dealramh, oíche amháin sa tréimhse ar a laghad; go leor uisce a ól idir na deochanna meisciúla; agus duine nó beirt ar m’aithne, nach n-ainmneod, a sheachaint ó thráth go chéile toisc gur comhluadar rómhaith iad.
Cén tOireachtas ab fhearr leat agus cén fáth?
Cuimhním ar imeachtaí éagsúla ag go leor acu. Fós féin, cuimhne a mhaireann liom ná Caisleán a’ Bharraigh, agus mar a bhuail Odi Ní Chéilleachair agus a comhluadar isteach sa tábhairne ina rabhamarna. Táim a’ rá leat, idir Ghaelainn agus ceol, níor thuig an tábhairneoir cad a bhí buailte chuige isteach, ach ní hé nach raibh sé sona. Mar a bhreac an tOileánach faoi thuras áirithe a thug muintir an Oileáin ar an Daingean fadó: “Do chrochadar suas amhráin mhóra na Mumhan.”
Fág freagra ar 'OIREACHTAS NA SAMHNA: ‘Ní gá duit dul ar thóir na Gaeilge: tá sí beo beathach id’ thimpeall…’'