Oifigigh Ghaeilge le fostú sa Ghaeltacht chun cabhrú le pleananna teanga

Bainfear úsáid as an maoiniú €850,000 a d’fhógair an tAire inné don phleanáil teanga chun oifigigh Ghaeilge a fhostú, a dúirt an tAire Stáit Seán Kyne ar maidin

Oifigigh Ghaeilge le fostú sa Ghaeltacht chun cabhrú le pleananna teanga

Tá sé fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta go bhfostófar oifigigh sa Ghaeltacht “chun  cabhrú le feidhmiú pleananna teanga a bheidh aontaithe faoin bpróiseas pleanála teanga”.

Bainfear úsáid as an maoiniú €850,000 a fógraíodh inné don phleanáil teanga chun na hoifigigh a fhostú, a dúirt an tAire Stáit Kyne ar maidin.

D’fhógair an tAire Stáit inné go mbeidh €735,000 ag Údarás na Gaeltachta agus €115,000 ag Foras na Gaeilge san iomlán “chun cur ar a gcumas an próiseas pleanála teanga a bhrú chun cinn”.

Dúirt an tAire Stáit Kyne go mbainfear leas as an gciste pleanála teanga atá á chur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta i mbliana chun oifigigh Ghaeilge a fhostú le cúram a dhéanamh d’fheidhmiú na bpleananna teanga a bheidh aontaithe ag an Aire Stáit i mbliana.

Thug an tAire Kyne le fios go bhféadfadh go mbeadh suas le 13 plean teanga aontaithe faoi dheireadh na bliana seo.

“Le ceapadh Oifigigh Ghaeilge ar bhonn áitiúil sa Ghaeltacht chun tacú le feidhmiú pleananna aontaithe faoin Acht, ní hamháin go gcabhrófar le feidhmiú an phróisis ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta ach cuirfear deiseanna fostaíochta ar fáil chomh maith in earnáil na Gaeilge agus na pleanála teanga,” a dúirt an tAire Stáit Kyne.

Is ar scála tuarastail Oifigeach Feidhmiúcháin sa státseirbhís a bheidh tuarastal na nOifigeach Gaeilge bunaithe. 

Dúirt an tAire Stáit chomh maith go n-úsáidfear cuid de chiste pleanála teanga an Údaráis chun “a chinntiú” go gcuirfear tús roimh dheireadh na bliana seo leis an bpróiseas pleanála teanga i mBearna, i gCnoc na Cathrach, in oirthear chathair na Gaillimhe agus ar an Eachréidh.

Caithfear sciar eile de chiste an Údaráis ar ullmhú pleananna teanga sna bailte seirbhíse Gaeltachta, Daingean Uí Chúis, Béal an Mhuirthead agus An Clochán Liath.

Tá an maoiniú atá á thabhairt d’Fhoras na Gaeilge le caitheamh ar phleananna teanga “a bhrú chun cinn” i gcathair na Gaillimhe, i gcathair Chorcaí, i Leitir Ceanainn, i dTrá Lí agus i nDún Garbhán agus sna ‘líonraí Gaeilge’, Cluain Dolcáin; Inis, agus Baile Locha Riach.

Dúirt an tAire Stáit “gur léir” i bhfianaise thorthaí Gaeilge an daonáirimh a foilsíodh inné  “go leanann na dúshláin shíoraí atá roimh an nGaeilge mar theanga mhionlaigh ar bhonn domhanda”.

“Is gá ár gcuid iarrachtaí a threisiú tuilleadh – mar fhorais stáit, mar eagraíochtaí Gaeilge agus mar phobal i gcoitinne chun na dúshláin sin a cheansú.

“Is ea is mó seans go mbeidh toradh bisiúil ar ár gcuid iarrachtaí ar fad má ghlacann gach páirtí leasmhar go fonnmhar leis an deis chun a gcion a dhéanamh ar son na Gaeilge mar chuid d’fheidhmiú na Straitéise, a bhfuil an próiseas pleanála teanga agus an polasaí don oideachas Gaeltachta mar chuid lárnach de,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Oifigigh Ghaeilge le fostú sa Ghaeltacht chun cabhrú le pleananna teanga'

  • Gníomhaí

    “…go n-úsáidfear cuid de chiste pleanála teanga an Údaráis chun “a chinntiú” go gcuirfear tús roimh dheireadh na bliana seo leis an bpróiseas pleanála teanga i mBearna, i gCnoc na Cathrach, in oirthear chathair na Gaillimhe agus ar an Eachréidh.”

    Céard is fiú airgead a chur amú (atá gann cheana féin) ar phleananna teanga in áiteanna nach bhfuil aon Ghaeilge fanta iontu?! Nárbh fhearr an t-airgead sin a chaitheamh sna codanna atá fágtha den Ghaeltacht ina bhfuil ar a laghad beagáinín Gaeilge fós á labhairt?

  • Aedraen Ó Dubhghaill

    Cur amú airigid atá i gcuid mhaith de na ceantair seo….níl an Ghaeilge ina teanga labhartha i gcuid mhaith de na ceantair seo.
    Cén fáth, nach ndíreofaidís ar na háiteanna ina bhfuil an Ghaeilge fós á labhairt iontu.