Oidhreacht thruacánta thábhachtach Savita Halappanavar cíortha go tomhaiste tuisceanach

D’fhág bás tragóideach, truamhéalach Savita Halappanavar lorg mór ar Éirinn 

Oidhreacht thruacánta thábhachtach Savita Halappanavar cíortha go tomhaiste tuisceanach

Nuair a cailleadh an fiaclóir óg Savita Halappanavar de bharr seipsis i ndeireadh mhí Dheireadh Fómhair 2012 níor thuig éinne an chonspóid, an briseadh croí a leanfadh agus an lorg sollúnta a d’fhágfaí ar Éirinn.

Mar go raibh an oiread toisí difriúla ag baint leis an scéal seo chinn meitheal Scannal (RTÉ1, Dé Máirt) dhá chlár a dhéanamh faoi agus iad a scaoileadh chugainn dhá sheachtain i ndiaidh a chéile.

Dhírigh an chéad chlár ar an tréimhse a chaith Savita san ospidéal agus na heachtraí a d’fhág nár éirigh leis an ospidéal breith ar an ionfhabhtú a bhí ag cur as di agus déileáil leis. Go deimhin thug fiosrúchán le fios ina dhiaidh sin go raibh trí dheis déag ann nár tapaíodh. Ag an am céanna ní raibh foirceannadh toirchis mar rogha mar go raibh buille croí féatais le brath agus measadh nach raibh beatha na máthar i mbaol. Le Caoimhe Ní Laighin mar láithreoir againn tugadh sinn go tomhaiste, pointeáilte tríd na laethanta fada a chaith sí i bpian san ospidéal agus fios aici ná mairfeadh a leanbh.

Ba náireach agus truamhéalach an scéal é. Chuir aíonna amhail Kitty Holland, údar

leabhair faoin tragóid, Bernie Ní Chuinn, Méabh Ní Thuathaláin, an Dr. Máire Treasa Ní Cheallaigh agus an Dr. Síle Ní Chríodáin suaiteacht agus éiginnteacht na laethanta úd abhaile orainn. Bhí míreanna cartlainne ann d’fhear céile Savita, Praveen, ag caint go mothúchánach faoi bhás a chéile.

Ceann de an téamaí a tháinig chun cinn ná an easpa soiléireachta faoi na cúinsí ina bhféadfaí ginmhilleadh a chur ar fáil do mháthair; rud a d’fhág laincis agus ceangal ar dhochtúirí agus iad ag iarraidh cúram a dhéanamh do mhná a bhí ag iompar. Bhí fiche bliain caite ó chás míchlúiteach, tragóideach an chailín X ach níor thug aon rialtas aghaidh ar an anachain. Bhí sé ina néal os cionn lucht leighis go bhféadfaí an dlí a chur orthu, agus téarma príosúnachta 14 bliain a ghearradh orthu, dá dtabharfaí ginmhilleadh i gcúinsí míchuí.

Chuir an dara clár fearg agus uafás an phobail inár láthair. Bhí an scéal sna ceannlínte ar fud an domhain agus an mhéar á síneadh i dtreo na ndlíthe ginmhillte. Cuireadh fiosrúcháin éagsúla  ar siúl agus gríosaíodh lucht feachtais leis an dlí a athrú.  Cuireadh Comhthionól na Saoránach ar bun leis an gceist chigilteach a phlé agus reáchtáladh reifreann leis an ochtú leasú ar an mBunreacht a aisghairm. D’éirigh leis an reifreann sin agus 67% ag vótáil i bhfabhar na haisghairme. B’fhada agus b’achrannach an bóthar é agus bhí an dá chlár ag teastáil leis an scéal cráite a reic.

Seoladh ré nua isteach. Tá cearta ban ó thaobh toirchis mar oidhreacht ag Savita. Cuid den oidhreacht sin gurbh éigean di bás a fháil le hathruithe a chur sa tsiúl. Lena bás rinne sí rud ná féadfadh sí, ná aon bhean eile, a bhaint amach lena mbeo.

Fág freagra ar 'Oidhreacht thruacánta thábhachtach Savita Halappanavar cíortha go tomhaiste tuisceanach'

  • Che

    is ábhar buartha é an laghdú mór ar ár rátaí beireachais agus tá na dlithe nua a tugadh isteach ag cur go mór leis sin. Ceist íogair seo ar ndó – ba chóir cothrom na Féinne a thabhairt di.
    An raibh an ceart déanta?