Oíche mhór sa Bhruiséil ag Club Fódla agus Leabhar Breac

Is annamh a eagraítear seoladh leabhair Gaeilge taobh amuigh d'Éirinn – ach seoladh dhá cheann acu sa Bhruiséil le déanaí

Oíche mhór sa Bhruiséil ag Club Fódla agus Leabhar Breac

Bhí breis is dhá scór i láthair ag ócáid seolta leabhar a d’eagraigh Club Fódla i gcomhar leis an fhoilsitheoir Leabhar Breac sa Bhruiséil le déanaí. In Se M’ami, siopa leabhar agus bialann, ar Rue de Namur a reáchtáladh an ócáid. Deir an lucht eagraithe gur díoladh gach uile leabhar taobh istigh de leathuair.

Is annamh a eagraítear a leithéid seo d’ócáid taobh amuigh d’Éirinn. Agus ba é seo an chéad uair, go bhfios dom, a tháinig foilsitheoir as Éirinn chun na Bruiséile le bheith i láthair ag ócáid seolta.

Más annamh, ní hiontach. Áit ar leith an Bhruiséil anois i dtaca le Gaeilge de, arae tá dlús maith Gaeilgeoirí sa chathair agus tá formhór na nGaeilgeoirí sin ag saothrú na Gaeilge i ngairm an aistriúcháin nó an dlí, nó sna gairmeacha eile atá riachtanach ag an Aontas Eorpach le seirbhís ina dteanga náisiúnta féin a chur ar fáil do phobal na hÉireann. Ó tharla pobal measartha mór de ghairmithe teanga sa chathair, ní hiontas ar bith go raibh slua maith i láthair agus gan leisce orthu airgead a chaitheamh ar leabhair.

Is é a dúirt Darach Ó Scolaí agus é ag déanamh píosa cainte thar ceann Leabhar Breac ag an seoladh Déardaoin seo caite, go bhfuil rud ag tarlú anois nár tharla, b’fhéidir, le ceithre chéad bliain: thagair sé do Shomhairle Mac Domhnaill, saighdiúir as Éirinn a bhí ar seirbhís in arm na Spáinne in ‘Ísiltír na Spáinne’ (áit a bhfuil an Bheilg inniu) i dtús an seachtú céad déag; rinne an Somhairle sin obair mhór ag saothrú na Gaeilge agus ba é a chuir Duanaire Finn (1627) agus saothair eile á dtiomsú agus á scríobh. Bhain Somhairle Mac Domhnaill leis an rabharta imirceach as Éirinn a chuaigh i seirbhís mhíleata ar an Mhór-Roinn san am sin.

Arsa Darach Ó Scolaí:

Is cosúil ‘imirce na naistritheoirí’ sa lá atá inniu ann le himirce na saighdiúirí san am atá caite; agus ach oiread leis na saighdiúirí úd, ní móide go bhfuil na haistritheoirí ag ligean a gcuid maidí le sruth.

Ag tagairt a bhí sé, ar ndóigh, d’údair na leabhar a seoladh, d’Fheargal Ó Béarra, údar An Tromdhámh, agus do Dhiarmuid Johnson, údar Tuatha Dé Danann, beirt atá ina n-aistritheoirí sna hinstitiúidí Eorpacha agus ina gcónaí sa Bhruiséil.

Léigh an bheirt údar sleachta as a saothar nua, agus labhair siad faoin chur chuige a bhí acu agus iad i mbun na scríbhneoireachta. Ní raibh deifir abhaile ar dhaoine i ndiaidh an tseolta, agus caitheadh páirt mhór den oíche ag comhrá agus ag caibidil, agus ag ithe agus ag ól go subhach suáilceach.

Agus is cúis áthais dúinn a chluinstin ó Dharach Ó Scolaí go bhfuil tuilleadh leabhar “ar na bacáin aige” le scríbhneoirí atá ina gcónaí ar an Mhór-Roinn.

Dúirt mé thuas nach raibh dada iontach faoin tseoladh leabhar seo! Ach tá rud amháin faoi atá iontach: baisc speisialta de An Tromdhámh a tugadh chun an Bruiséile, baisc a chuir Clódóirí Lurgan ar fáil le tréan caoithiúlachta le go mbeadh an leabhar ar fáil oíche an tseolta sa Bhruiséil. Níl sí le fáil in Éirinn go fóill! Beidh ar phobal léitheoirí na hÉireann fanacht tamall beag eile léi. Ach is fiú fanacht le rud maith. Ach oiread le Tuatha Dé Danann leabhar na bliana, dar le colúnaí de chuid Tuairisc.ie – is breá agus is an-bhreá an saothar é An Tromdhámh.

Fág freagra ar 'Oíche mhór sa Bhruiséil ag Club Fódla agus Leabhar Breac'

  • Murchadh

    Comhghairdeas libh agus leo.

  • Bart

    ‘Tromdhámh Guaire’, ‘Conall Mór’, ‘Tuatha Dé Danann’, is iontach an rud é go bhfuil ár n-oidhreacht liteartha á tabhairt i láthair i bhfriotal atá intuigthe do Ghaeil na linne seo. Ceard faoi….Cad faoi ‘Aisling Mhic Conglinne’ anois? Johson nó Ó Béarra?

  • An spreoitín

    Bearrfa an béarrach an claimhreach de mhac Seáin mura bplófa an bhruiséil a chuid geasrógaíochta.