O’Donovan ‘dóchasach’ faoi thoghchán an Údaráis agus an scéal le plé leis an Taoiseach

Bhí Aire Stáit na Gaeltachta níos dearfaí ina chuid cainte faoi thoghchán Údarás na Gaeltachta inné agus é dóchasach go dtabharfar an toghchán ar ais an lá céanna leis na toghcháin Eorpacha agus áitiúla

O’Donovan ‘dóchasach’ faoi thoghchán an Údaráis agus an scéal le plé leis an Taoiseach

Beidh cruinniú Aire Stáit na Gaeltachta leis an Taoiseach go luath agus beidh ceist thoghchán Údarás na Gaeltachta ar an gclár.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta ag cruinniú coiste i dTeach Laighean inné go raibh “dóchasach” go bhféadfaí toghchán Údarás na Gaeltachta a rith ar an lá céanna leis na toghcháin Eorpacha agus áitiúla, an 7 Meitheamh seo chugainn.

Bhí sé i gceist ag an Rialtas toghchán an Údaráis a reáchtáil an lá sin, ach tá amhras mór ann le tamall an dtarlódh sin nó an dtarlódh sé an samhradh seo fiú.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan féin an mhí seo caite go raibh gá an dréachtreachtaíocht nua don toghchán a leasú agus cinn nua a ullmhú chun ceisteanna áirithe a réiteach, go háirithe ceist faoi chothromaíocht inscne I measc na gcomhaltaí boird.

Dúirt an tAire Stáit an uair sin go mbeadh an toghchán ar siúl “a luaithe” agus ab fhéidir, ach nach bhféadfadh sé dáta a thabhairt.

Bhí an tAire Stáit níos dearfaí ina chuid cainte ag cruinniú de Roghchoiste na Gaeilge i dTeach Laighean inné, agus lorg sé tacaíocht thraspháirtí ó Chathaoirleach an choiste chun go bhféadfaí toghchán an Údaráis a thabhairt ar ais ar an 7 Meitheamh.

Dúirt O’Donovan go raibh sé ag obair le hoifigigh a Roinne agus Aire Sinsearach na Gaeltachta, Catherine Martin, ar chinn nua don bhille, agus go raibh cruinniú socraithe leis an Taoiseach, Leo Varadkar, chun an scéal a phlé nuair a bheadh bailchríoch curtha ar an obair sin.

Dúirt sé go mbeadh sé “deacair” a bheith ullamh don 7 Meitheamh, ach go raibh sé “dóchasach” go bhféadfaí an beart a dhéanamh. Bheadh cabhair ó Choiste Oireachtais na Gaeilge ag teastáil chuige sin, a dúirt an tAire Stáit.

Dúirt sé gur mó seans a bheadh ann go dtarlódh an toghchán an lá céanna leis na toghcháin Eorpacha agus áitiúla dá mbeadh an coiste sásta cinn nua an bhille a phlé go neamhoifigiúil.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Aengus Ó Snodaigh, go mbeifí sásta sin a dhéanamh agus go dtabharfadh an coiste aon chabhair ab fhéidir lena chinntiú nach mbeadh “moill leis an bpróiseas” agus go mbainfí an sprioc amach.

Pléadh ag cruinniú an lae inné na meastacháin do Roinn na Gaeltachta do 2024.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, go raibh “cuma an-bheag” ar sciar chiste na Gaeilge agus na Gaeltachta de mhaoiniú na Roinne i gcomparáid le cúrsaí ealaíne. 8% de mhaoiniú  na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a bhí curtha ar leataobh don Ghaeilge, I gcomparáid le 31% de chúrsaí ealaíne.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt an tAire Stáit go raibh méadú 70% tagtha ar mhaoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta idir 2019-2024, nach raibh i gceist do chúrsaí turasóireacht ach ardú 35% sa tréimhse chéanna agus nár tháining ach ardú 60% ar mhaoiniú an spóirt.

“Swings and roundabouts,” a dúirt an tAire Stáit.

Cuireadh deireadh le toghchán Bhord Údarás na Gaeltachta in 2012.

Meastar go gcosnóidh an toghchán do Bhord Údarás na Gaeltachta thart ar €600,000 ar fad, ach níl aon airgead curtha ar leataobh dó i meastacháin Roinn na Gaeltachta do 2024, cúis eile go bhfuil amhras ar dhaoine faoi cad atá i ndán don toghchán.

Bord 16 comhalta a bheadh i gceist de réir phlean an Rialtais, seachas 12 mar atá faoi láthair, agus dhéanfadh an pobal deichniúr ball a thoghadh. Roghnófaí an seisear eile a bheidh ar an mbord trí chomórtas poiblí.

Fág freagra ar 'O’Donovan ‘dóchasach’ faoi thoghchán an Údaráis agus an scéal le plé leis an Taoiseach'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Ach an rud maith é go mbeadh toghchán an Údaráis ar bun an lá céanna le toghcháin áitiúla agus toghchán na hEorpa? Ní dóigh liom é. Séard atá ó na páirtithe polaitíochta, ar ndóigh. Má bhíonn siad ar siúl ar lá astu féin, bheadh aird náisiúnta orthu agus ar ghéarchéim na Gaeilge sa nGaeltacht, rud nach mbeidh má bhíonn siad ar siúl ar an lá céanna leis na toghcháin áitiúla etc.