Obair na gcapall déanta scéal cráite a thabhairt chun solais

Tá saothar eile ó mheitheal imscrúdaithe RTÉ tar éis stangadh a bhaint as an bpobal

Obair na gcapall déanta scéal cráite a thabhairt chun solais

Is go rímhinic a dheineann meitheal imscrúdaithe RTÉ saothair a sholáthar a gcaitear féachaint orthu. Bhíodar chugainn arís an tseachtain seo le RTÉ Investigates: Horses – Making a Killing (RTÉ1, Dé Céadaoin), clár eile a bhain stangadh as an bpobal mar aon le conspóid a chur sa tsiúl agus piobar a chur faoi eireabaill na n-údarás.  Scéal cráite, casta, conspóideach na gcapall a bhí idir chamáin an tseachtain seo.

Is cuid de dhlúth agus d’inneach na tíre seo iad na capaill; capaill ráis, capaill spraoi agus, tráth dá raibh, capaill oibre. Tá luach €2.5 billiún ag baint le tionscal na gcapall ráis in Éirinn agus tá billiún eile ag baint leis na capaill spóirt eile, gach trácht ar an airgead a bhaineann leis na haontaí áitiúla.

Beirtear tuairim is 20,000 searrach gach bliain le freastal ar an tionscal mór millteach seo. An cheist a dhéanann an clár seo a chíoradh ná cad a tharlaíonn do na capaill seo nuair atá a ráiseanna rite. Cuirfidh an freagra alltacht agus déistin ort. Taibhsíodh dom gur comhshaothar é seo a ghabhann le clár ón meitheal imscrúdaithe anuraidh faoin tionscal déiríochta.

Ach oiread leis an gclár sin, téitear ar fud na hÉireann agus na hEorpa leis an scéal a fhiosrú, baintear úsáid as ceamaraí ceilte agus téitear ag póirseáil go pointeáilte, tomhaiste, cáiréiseach. Léiríonn a leithéid seo do chlár an dua, an t-am agus an t-airgead a bhaineann leis an saothar imscrúdaithe ach léiríonn sé chomh maith an tionchar is féidir a bheith aige.

Cuireadh abhaile orainn ana-thapaidh ar fad nach bhfuil, in ainneoin an dlí, córas inrianaitheachta na gcapall oiriúnach don fheidhm atá leis, is ceap magaidh é. Na mílte capall ag imeacht as radharc agus gan éinne ag tabhairt aon rud faoi deara.

Fágann sin gur féidir le daoine cúbláil a dhéanamh. Téann capaill gan tásc ná tuairisc agus amhail Jason Bourne tagann siad chugainn arís le pas nua acu. Micrishlis i ngach capall agus pas ag dul leis; cuma na maitheasa air sin ach an rud faoi is féidir leat féin micrishlis a fháil ar líne agus é a chur isteach tú féin. Ní fhéadfá a leithéid a chumadh.

Fágann sin gur féidir le bithiúnaigh capaill a dhíol ar phraghas níos ísle (mar go bhfuilid ag rá go bhfuil na capaill níos óige) agus gur féidir le capaill sleamhnú isteach sa chóras bia go mídhlisteanach. Tá an ceann deireanach acu sin scanrúil óir go bhfuil capaill áirithe, capaill ráis ach go háirithe, nár cheart a bheith sa chóras bia óir go bhfuil drugaí éagsúla tógtha acu.

Níl aon téagar in aon chor ag baint leis an gcóras monatóireachta. Tháinig cúrsaí go cnámh na huillinne nuair a tugadh léargas ar sheamlas i gCill Dara, an t-aon cheann capall in Éirinn. Cruálacht, neamhaird agus cleachtais a bhfuil cuma mhídhleathach orthu. Ba chruálach í an chríoch a bhí i ndán do na capaill seo nuair a bhí a rás rite. Níl rás an scéil seo rite, áfach, níl ná baol air.

Fág freagra ar 'Obair na gcapall déanta scéal cráite a thabhairt chun solais'

  • JP

    Tháinig casadh aigne, náire shaolta agus fiúnach orm is mé ag féachaint ar an gclár seo.
    A rá go mbíonn sciúirseáil mar sin ar siúl im thír féin.
    Ba dheacair cruálacht den sórt sin a shamhlú…rás á rith ag capall seachtain amháin os comhair an phobail agus é a leadradh go míthrócaireach timpeall ar a cheann istigh i seamlas seachtain ina dhiaidh sin.
    Cad é mar shaghas daoine sinn?
    Fear amháin a bhí ag gabháil de mhaide pvc le fuinneamh agus le fórsa ar cheann an chapaill (ball fíor-éislinneach) agus ba rí-léir gur thaitin an cúram ar fad leis
    .i. psycho ag léimt as a chraiceann le sásamh.
    Maide rámha kayak á oibriú ag fear eile…i gcúntais Dé.
    Agus an dtabharfar éinne acu chun cuntais, meas tú?
    Aon diabhal duine acu?
    Nó an túisce a thitfidh an spéir ar an dtalamh?
    Bhí droch-amhras orm i gcónaí faoi thionscal seo na gcapall.
    An úsáid a bhaineann marcaigh as an bhfuip le linn ráiseanna, cuir i gcás.
    Níor chuala mise riamh faoi aon mharcach a bheith á chúiseamh as ró-lascadh a thabhairt do chapall bíodh go bhfuil rialacha ann ina thaobh seo. Bristear na rialacha sin i ngach uile rás beo d’réir mar thuigimse iad.
    Bíonn ráflaí forleathan ann i dtaobh drugaí chomh maith.
    Bhí marcach iomráiteach amháin ann agus é de mhaíomh aige go bhféadfadh sé muineál an chapaill ‘a thachtadh’ lena dhá ghlúin d’fhonn é a sporadh chun cinn.
    Tá saibhreas agus gáifeacht fite fuaite le tionscal seo na gcapall agus piardaí móra an domhain mhóir sáite ann.
    Agus ‘nolle me tangere’ an airgid mar sciath chosanta atá acu.
    Mo náire sinn mar thír.