Obair bhaile le déanamh ag polaiteoirí le linn an tsamhraidh agus leasuithe ar bhille Údarás na Gaeltachta le moladh

Dúirt Teachtaí Dála an fhreasúra nach mór d’aon ghuth nach raibh an bille sách láidir in áiteanna áirithe, go háirithe i dtaobh cúrsaí tithíochta

Obair bhaile le déanamh ag polaiteoirí le linn an tsamhraidh agus leasuithe ar bhille Údarás na Gaeltachta le moladh

Bhí an Bille um Údarás na Gaeltachta ar cheann de na píosaí reachtaíochta deireanacha a pléadh sa Dáil sula ndeachaigh sí ar scor don samhradh ach beidh neart cainte agus díospóireachta fós le déanamh air nuair a fhillfidh polaiteoirí sa bhfómhar.

Dúirt Teachtaí Dála an fhreasúra nach mór d’aon ghuth nach raibh an bille sách láidir in áiteanna áirithe, go háirithe i dtaobh cúrsaí tithíochta.

Cé go bhfuil leasú á dhéanamh ar an mbille, go príomha chun toghcháin Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais, tá an ghéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht agus an tionchar a d’fhéadfadh an tÚdarás a imirt lárnach sa phlé anois chomh maith.

Faoin mBille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024, a d’fhoilsigh an Rialtas an tseachtain seo caite, bheadh cead ag Údarás na Gaeltachta talamh a dhíol, nó a thabhairt ar lámh ar shlí eile, le comhlacht tithíochta ceadaithe nó le húdarás tithíochta ar mhaithe le tithíocht a sholáthar sa Ghaeltacht.

Bhí urlabhraí Gaeltachta Shinn Féin, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, ina measc siúd a dúirt gur cheart aitheantas mar Chomhlacht Ceadaithe Tithíochta, nó AHB, a bhaint amach don Údarás chun go mbeadh an eagraíocht in ann tithíocht a thógáil ar an talamh atá ina seilbh cheana féin agus na háitribh sin a chur ar cíos.

“Ba chóir go mbeadh muid ag féachaint an féidir linn AHB a dhéanamh den Údarás ionas go mbeadh sé in ann smacht a choimeád ar thithe a bheadh ar cíos nó ar léas aige,” a dúirt Ó Snodaigh. “Ní hamháin go mbeadh an tÚdarás in ann talamh a dhíol, mar atá leagtha amach sa reachtaíocht seo, ach ba cheart go mbeadh sé a in ann talamh a cheannach freisin.”

Bhí an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly agus an t-iar-aire Gaeltachta ó Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív, orthusan a mheas go raibh an fhoráil maidir le tithíocht sa reachtaíocht atá molta rótheoranta.

“Is rud maith é den chéad uair go mbeidh, ar a laghad, cumhacht ag an Údarás díriú isteach ar chúrsaí tithíochta ach is i mbealach thar a bheith srianta atá an chumhacht seo á ceadú,” a dúirt Connolly.

“Tá neart talaimh agus neart foirgneamh ann agus tá siad ábalta talamh eile a cheannach. Níl muid ag tabhairt aon chumhacht dóibh é sin a dhéanamh. Beidh muid ag breathnú air sin ar an gcomhchoiste.”

Dúirt an Éamon Ó Cuív go mbeadh roinnt léitheoireachta le déanamh ag polaiteoirí i rith an tsamhraidh chun fáil amach céard iad na cumhachtaí agus na feidhmeanna atá ag Údarás na Gaeltachta i láthair na huaire agus céard is féidir leo a dhéanamh agus céard nach féidir.

“Is ceann de na ceisteanna atá agam ná an bhféadfaidh an tÚdarás AHB Gaeltachta a bhunú agus a bheith páirteach ann? Mura mbeidh deis acu a leithéid a dhéanamh, bheadh faitíos orm faoin toradh a bheadh air seo.

“Mar shampla, níl a fhios agam an mbeadh na comhlachtaí móra nó AHBs seo ag teacht isteach chun na Gaeltachta. An mbeadh an tuiscint acu ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta? Dá mbeadh sé rite ag dreamanna beaga deonacha, an mbeadh an téagar agus na hacmhainní cuí, idir acmhainní daonna agus acmhainní airgid, iontu?

“Mar sin, is dóigh liom go bhfuil gá le tuilleadh plé praiticiúil air seo le go mbainfimid amach an sprioc atáimid ag iarraidh a bhaint amach.

“Is dóigh liom gurb é an rud atáimid ag iarraidh a bhaint amach ná go mbeidh tithe sóisialta, tithe inacmhainne agus tithe eile ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht, go mórmhór sna Gaeltachtaí sin ina bhfuil sé deacair cead pleanála a fháil i láthair na huaire.”

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Thomas Byrne nach í an tithíocht príomhaidhm na reachtaíochta ach dúirt sé gur “céim bheag ach céim shuntasach” a bhí sa mholadh atá déanta ag an Rialtas sa bhille. Dúirt sé, áfach, go raibh sé sásta tuilleadh leasuithe ar an gceist a phlé.

“Más féidir liom níos mó a bhaint amach ina leith seo de réir mar a leanann an próiseas reachtach ar aghaidh sa Dáil agus sa Seanad, déanfaidh mé mo dhícheall éisteacht leis na baill agus é sin a dhéanamh.

“Tá sé seo tábhachtach. Ag an am céanna, táim ag iarraidh an Bille seo a chur tríd an Dáil agus tríd an Seanad chomh luath agus is féidir. Níl mé ag iarraidh moill a chur air.”

Bhí líon na gcomhaltaí a bheadh ar Bhord Údarás na Gaeltachta agus an ionadaíocht a bheadh ag Gaeltachtaí beaga i measc na n-ábhar eile is mó a ndearnadh plé orthu le linn na díospóireachta ar an reachtaíocht atá molta.

Tá sé beartaithe ag an Rialtas go mbeidh 16 ball ar an mbord, seachas 12 mar atá faoi láthair, agus go dtoghfaidh pobail na Gaeltachta deichniúr acu siúd. Roghnófar an seisear eile a bheidh ar an mbord trí chomórtas poiblí.

Mar chuid den ghrinnscrúdú réamhreachtach a rinneadh ar an mbille, mhol Coiste Gaeilge an Oireachtais anuraidh gur tofa a bheadh baill uile Bhord Údarás na Gaeltachta ach níor glacadh leis an moladh sin ná le cuid mhaith de na moltaí eile a rinne an coiste ina dtuarascáil.

Tá molta ag Sinn Féin freisin nach mbeadh aon chomhalta ainmnithe ar an mbord agus go mbeadh 26 comhalta ar fad ann chun guth a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta. Bhí Mairéad Farrell ó Ghaillimh, Rose Conway-Walsh ó Mhaigh Eo, Pa Daly ó Chiarraí agus Johnny Guirke ó chontae na Mí ar na Teachtaí ó Shinn Féin a léirigh imní faoi líon na gcomhaltaí ar an mbord a bheadh ag teacht óna gcontaetha féin.

Bhí Bríd Smith (Pobal Roimh Bhrabús), Ruairí Ó Murchú (Sinn Féin), Matt Shanahan (Neamhspleách), agus Thomas Pringle (Neamhspleách) ar na Teachtaí eile a labhair faoin reachtaíocht sa Dáil an tseachtain seo caite.

Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go raibh súil aige go mbeadh an reachtaíocht rite agus na chéad toghcháin reáchtáilte faoin am a dtiocfaidh deireadh le téarma an Rialtais seo mí Feabhra seo chugainn.

Dúirt sé go raibh an ceangal idir an pobal agus an tÚdarás caillte nuair a cuireadh deireadh leis na toghcháin in 2012 agus gur imigh “cuid den splanc agus den nuálaíocht” a bhí san Údarás freisin.

Fág freagra ar 'Obair bhaile le déanamh ag polaiteoirí le linn an tsamhraidh agus leasuithe ar bhille Údarás na Gaeltachta le moladh'