Reáchtáladh inné an chéad chruinniú den Choiste Logainmneacha nua a bunaíodh faoin reachtaíocht teanga.
Is é an tOllamh Liam Mac Mathúna, Ollamh Emeritus le Gaeilge i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus iarbhall den Choimisiún Logainmneacha atá ceaptha ina chathaoirleach ar an gcoiste nua.
Cathaoirleach agus deichniúr gnáthchomhaltaí atá ceaptha ar an gCoiste Logainmneacha, a bhfuil téarma trí bliana le bheith aige, go mí an Mheithimh 2027.
Is iad na comhaltaí eile ná an Dr Úna Bhreathnach ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath; Dónall Mac Giolla Easpaig, IarPhríomhoifigeach Logainmneacha sa Bhrainse Logainmneacha; Maura Lynskey ó Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge; an Dr Patrick McKay, saineolaí ar logainmneacha Thuaisceart Éireann; Máire Feiritéar, saineolaí ar Ghaeilge Chonamara; Donnchadh Ó Baoill, saineolaí ar logainmneacha iarthar Thír Chonaill; Nóilín Nic Bhloscaidh ó Ollscoil Uladh; an Dr Aengus Ó Fionnagáin ó Ollscoil Luimnigh; Caoimhe Ní Shúilleabháin, IarOifigeach Logainmneacha sa Bhrainse Logainmneacha; agus an Dr Liam Ó hAisibéil: ó Ollscoil na Gaillimhe.
Is é príomhchúram an Choiste Logainmneacha ná comhairle a chur ar an Aire maidir le leaganacha Gaeilge de logainmneacha na hÉireann a dhearbhú faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá comhairle seo an Choiste bunaithe ar scrúdú a dhéanamh ar thaighde an Bhrainse Logainmneacha – rannóg taighde de chuid Roinn na Gaeltachta.
Feidhmíonn baill an Choiste Logainmneacha go deonach, agus is tréimhse trí bliana atá ag an gCoiste.
Beidh cruinniú amháin ag an gCoiste in aghaidh na ráithe. Is é an Príomhoifigeach Logainmneacha sa Bhrainse Logainmneacha sa Roinn atá ina rúnaí ar an gCoiste.
Tá an Coiste úr ag díriú ar chéimeanna chun go ndéanfar orduithe logainmneacha de na dréachtorduithe logainmneacha do roinnt contaetha. Leanfaidh an Brainse Logainmneacha sa Roinn Turasóireachta, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ar aghaidh le taighde ar son an Choiste ar ainmneacha na mbailte fearainn sna contaetha nach bhfuil ordú nó dréachtordú logainmneacha ann dóibh cheana féin.
Chuir Aire na Gaeltachta, Catherine Martin fáilte roimh bhunú an choiste nua.
“Tá an-áthas orm go bhfuil Coiste Logainmneacha thar a bheith oilte le bheith ag obair faoi scáth mo Roinne ar an réimse tábhachtach seo dár gcuid oibre – an obair luachmhar a bhaineann le logainmneacha Gaeilge na tíre seo. Is breá an rud é go bhfuil daoine ó chúlraí éagsúla a bhfuil saineolas agus spéis acu i réimse na logainmneacha sásta feidhmiú ar an gCoiste as seo go ceann trí bliana agus a gcuid ama agus saineolais a roinnt go fial.”
Sheol an Rialtas inné freisin Gréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí, líonra a thabharfaidh deis do dhaoine san earnáil phoiblí an Ghaeilge a úsáid nó a fhoghlaim.
Tá sé i gceist go gcabhróidh an gréasán, a d’fhorbair Oireachtas na Gaeilge, leis an gcaighdeán seirbhísí a chuireann an earnáil phoiblí ar fáil trí Ghaeilge a neartú agus go gcuideoidh sé leis an sprioc atá leagtha amach san acht teanga a bhaint amach, sé sin go mbeadh 20% d’earcaigh nua chuig an earnáil phoiblí inniúil i nGaeilge faoi dheireadh 2030.
JP
Tá obair iontach déanta ag Logainm.ie agus tréasluím leo í. Is trí mheán na Gaeilge a d’fhoghlaimíos féin Geograif ar scoil.
Seo leanas roinnt bheag samplaí de na háitainmneacha a thug sé dúinn:
Brí Chualann, Iúr Cinn Trá, Nás na Rí,
Dúrlas Éile. ‘
Bré, An tIúr, Nás agus Dúrlas a thugtar anois orthu.