Baile álainn timpeallaithe ag an bhfarraige mhór. Go slachtmhar atá cur síos déanta ar Chloch na Rón in iarthar Chonamara ag Fáilte Éireann i bpoiblíocht atá scaipthe acu go hidirnáisiúnta: ‘The pretty ocean-fringed village of Roundstone’.
Baineann an phoiblíocht seo le Slí an Atlantaigh Fhiáin. Go deimhin, tugadh an teideal ‘Ireland’s Most Picturesque Village’ do Chloch na Rón i bhfoilseachán náisiúnta anuraidh. Ach ní áilleacht uilig é. Cé go bhfuil scéal na háilleachta fíor agus follasach níl Cloch na Rón slán ó mhairg; tá an daonra ag ísliú as éadan, tá líon na ngasúr scoile tite go tubaisteach. Ní dea-phictiúr é. Ar bhealach, beag beann ar an moladh agus an áilleacht, tá an ród atá roimh Chloch na Rón níos casta ná a bhí sé le 200 bliain.
Ach is tráth ceiliúrtha anois é sa mbaile is áille sa tír.
In 1824 a leagadh na chéad chlocha i mbunsraith bhaile Chloch na Rón. Táthar dá cheiliúradh sin i mbliana. Dhá chéad bliain ag pobal tuaithe ar imeall an Atlantaigh.
Ach chomh maith leis an gceiliúradh ar bhunú an bhaile, is tráth é freisin a bhfuiltear ag tarraingt airde ar obair an innealtóra chumasaigh, an tAlbanach Alexander Nimmo. Ar bhealaí go leor ba é Nimmo a d’oscail na doirse isteach agus amach as Conamara den chéad uair.
Leag Alexander Nimmo cos i gConamara i dtosach in 1811. Bhí sé ceaptha ina chigire ar phortaigh an uair sin. Bhí eagar agus draenáil na bportach i measc na gcúraimí a leag rialtas na Breataine air. Shocraigh sé nárbh fhiú a dhul ag draenáil phortaigh Chloch na Rón tar éis dó 143 loch a chomhaireamh sa réimse sléibhe ar a dtugtar Coimpléasc Phortach Chloch na Rón anois sa bhfoclóir timpeallachta. Sin píosa mór criathraigh ó thuaidh de Chloch na Rón atá ag síneadh siar go Baile Conaola agus amach don Chlochán.
D’fhill Nimmo ar Chloch na Rón in 1822 tar éis dó a bheith ceaptha ina Innealtóir do Réigiún an Iarthair faoi stiúir na Roinne Iascaigh agus na heagraíochta carthanacha, an Mansion House Committee. Bhí gorta sa tír, go háirithe san iarthar – gorta nach mbíonn mórán tráchta air anois – san am sin. Bhí dualgas leagtha ar Nimmo go réiteodh sé an bealach le haghaidh obair forbartha ar chéibheanna nua a thabharfadh saothrú do dhaoine in am an ghátair.
Ní raibh aon mhoill ar Nimmo bualadh faoin obair sin agus bhí sé ag leagan na bunchloiche do Chloch na Rón san am céanna.
Fuair Nimmo léas ar an talamh ar ar bunaíodh Cloch na Rón ó Thomas Martin, an Tiarna Talún a bhí i mBaile na hInse san am sin.
Ní raibh i gCloch na Rón sa gcéad aimsir ach trí fhoirgneamh feiceálach. Thug Alexander Nimmo a dheartháireacha, John agus George, agus a dheirfiúr nó a neacht (tá éiginnteacht fúithi sin) Mary go Cloch na Rón. D’fhanadar ansin. Níor shocraigh Alexander síos ar an mbaile. Faoin am ar leag sé béim ar fhorbairt Chloch na Rón bhí teach aige féin ar Shráid Mhaoilbhríde i mBaile Átha Cliath agus thóg sé teach freisin ar an Teach Dóite i gConamara ar ar tugadh Corrib Lodge.
Níl cur síos ná inseacht scéil ar an gcumas agus an díocas a bhain le Alexander Nimmo. Faoin am ar fhág sé iarthair na tíre bhí os cionn 240 míle bóthair forbartha, agus dá bhforbairt, de bharr a chuid gníomhaíochta. I gConamara agus i leithinis an Mhuirthead i Maigh Eo is mó a bhí na bóithre sin.
Leag sé béim ar bhóthar amach le cósta Chonamara agus rinne sé an phleanáil ar chuid mhaith céibheanna. Is beag céibh ar chor ar bith a bhí i gConamara roimhe sin. Ní bheadh aon mhéadú mór ar líon chéibheanna Nimmo nó gur bunaíodh Bord na gCeantar Cúng i ndeireadh an naoú céad déag.
Dúirt Kathleen Villiers-Tuthill, an staraí as an gClochán a scríobh leabhar faoi obair Alexander Nimmo, go raibh Nimmo fadbhreathnaitheach ach é fiorphraiticiúil san am céanna. Bhí sé ina intinn gur theastaigh ceangal idir na céibheanna agus na bóithre i gConamara ar mhaithe le cumarsáid agus deiseanna easpórtála. Leag sé an bhunchloch ar an gcaoi sin. Bhí glaoch air ar fud na hÉireann, agus sa mBreatain, agus rinne sé obair ar Mhór-Roinn na hEorpa freisin.
Ní bhfuair Alexander Nimmo mórán saoil. Ní raibh sé ach 49 bliain d’aois nuair a bhásaigh sé. “Silim ón méid a chuala mé agus a d’fhiosraigh mé faoi”, a deir Kathleen Villiers-Tuthill “go bhfuil sé chomh dóigh céanna gur mharaigh sé é féin leis an obair.”
Beidh Kathleen Villiers-Tuthill ag labhairt ag ócáid atá dá heagrú ag Comhairle Chontae na Gaillimhe i gCloch na Rón ar an 24ú lá den mhí seo. Is cuid é seo den cheiliúradh ar bhunú Chloch na Rón agus obair Alexander Nimmo atá faoi stiúir fhochoiste de Chomhairle Pobail an cheantair sin.
Tá ceangal ag Seó Chapaillíní Chonamara i gCloch na Rón (Dé Domhnaigh seo chugainn an 15ú Iúil) leis an gceiliúradh freisin. Tarlaíonn sé gur i gCloch na Rón a bhí an chéad Seó ag Cumann nua-bhunaithe Lucht Chapaillíní Chonamara i Lúnasa 1924 – sin 100 bliain go ham seo.
Ceiliúradh na gcéadta bliain i gCloch na Rón, agus b’fhéidir gur am tráthúil é le súil a chaitheamh chun cinn, mar tá dúshláin mhóra roimh an mbaile is áille in Éirinn sna blianta amach romhainn.
Fág freagra ar 'Alexander Nimmo, bunú Chloch na Rón 200 bliain ó shin agus oscailt an dorais go Conamara'