“Ba cheart go mbeinn marbh,” a deir Donald Trump i ndiaidh dó teacht slán ón iarracht a rinneadh é a fheallmharú ag slógadh in Pennsylvania Dé Sathairn.
Dúirt iar-uachtarán Mheiriceá gur aitheasc “an-éagsúil” ón gceann a bhí beartaithe aige a thabharfadh sé ag comhdháil na bPoblachtánach an tseachtain seo. Bhí óráid “den scoth” ullmhaithe aige, a dúirt sé, ach ag díriú ar Mheiriceá a thabhairt le chéile i ndiaidh an ionsaithe a bheadh sé ina chuid cainte anois seachas ar pholasaithe Joe Biden.
Inniu an chéad lá den chomhdháil in Milwaukee, áit a n-ainmneofar Trump go hoifigiúil mar iarrthóir an pháirtí don toghchán uachtaránachta.
D’impigh an tUachtarán Joe Biden ar dhaoine fanacht socair síochánta.
Táthar fós ag cuardach leideanna faoin iarracht ar fheallmharú a thabharfadh le fios cén bhunchúis a bhí leis.
Lámhachadh agus maraíodh Thomas Crooks, an fear 20 bliain d’aois a rinne iarracht Trump a mharú.
Dúirt an tUachtarán Joe Biden nach bhféadfaí glacadh lena leithéid d’fhoréigean.
“Níor chóir dúinn, ní féidir linn dul síos an bóthar seo i Meiriceá,” arsa Biden. “Níl aon áit d’fhoréigean mar seo i Meiriceá, d’aon chineál foréigin riamh. Lán-stad. Gan eisceacht. Ní féidir ligean don fhoréigean seo a bheith ina ghnáthrud againn.”
Rinne an tSeirbhís Rúnda cosaint ar an láimhseáil a rinne siad ar an eachtra agus é curtha ina leith go raibh siad faillíoch. Gheall Poblachtánaigh de chuid na Comhdhála go mbunófaí fiosrúchán faoin ionsaí inar deineadh gránú ar cheann Trump le piléar, ionsaí inar maraíodh duine a bhí ag freastal ar an slógadh agus inar gortaíodh go dona beirt eile.
“Óráid den scoth a bhí sa cheann a bhí le tabhairt Déradaoin,” arsa Trump. Mhaígh sé go mbeadh sí ar cheann de na hóráidí ab iontaí riamh ach go raibh píosa cainte nua beartaithe aige i bhfianaise na hiarrachta é a mharú.
“Seo seans an tír go léir a thabhairt le chéile, an domhan go léir a thabhairt le chéile fiú. Óráid an-difriúil a bheidh anseo ón gceann a bheadh tugtha dhá lá ó shin.”
Maraíodh san eachtra lámhaigh fear caoga bliain d’aois, Corey Comperatore, fear a bhfuiltear ag caitheamh leis mar a bheadh laoch ann ó tharla go bhfuair sé bás agus é ag iarraidh a iníonacha a chosaint ó na piléir.
Tharla an t-ionsaí tráth a bhfuil Stáit Aontaithe Mheiriceá deighilte go smior ó thaobh na polaitíochta agus na hidé-eolaíochta agus tá sé ina imní gurb amhlaidh gur in olcas a rachaidh an scoilt sin de bharr na heachtra is déanaí seo.
WTF
Beidh sé ag maíomh gur duine beannaithe anois é freisin t’réis dó na cosa a thabhairt leis.