€13.6 milliún á lorg ag TG4 chun ‘athshamhlú’ a dhéanamh ar chúrsaí nuachta

Ghlac an Rialtas dhá bhliain ó shin le moladh ón gCoimisiún um Thodhchaí na Meán go mbeadh ‘ceannas neamhspleách eagarthóireachta’ ag TG4 ar a sholáthar nuachta chun seirbhís níos fearr a chur ar fáil dá lucht féachana

€13.6 milliún á lorg ag TG4 chun ‘athshamhlú’ a dhéanamh ar chúrsaí nuachta

Tá €13.625 milliún breise sa bhliain á lorg ag TG4 chun “smacht eagarthóireachta Nuacht TG4 a aistriú ó RTÉ go dtí TG4”.

Déantar an t-éileamh ar an maoiniú in aighneacht bhuiséid atá curtha faoi bhráid an rialtais ag an stáisiún.

Deirtear go gcaithfí an maoiniú ar acmhainní nuachta agus cúrsaí reatha TG4 “a fhorbairt” agus ar athbhrandáil a dhéanamh ar Nuacht TG4.

Maítear go ndéanfaí an nuacht agus cúrsaí reatha a “athshamlú” faoi bhranda TG4 agus go bhforbrófaí seirbhís nuachta ilardáin.

Ghlac an Rialtas dhá bhliain ó shin le moladh ón gCoimisiún um Thodhchaí na Meán go mbeadh “ceannas neamhspleách eagarthóireachta” ag TG4 ar a sholáthar nuachta chun seirbhís níos fearr a chur ar fáil dá lucht féachana.

Tá cuid mhaith cainte faoi sheirbhís nuachta TG4 ó glacadh leis an moladh go mbeadh an stáisiún neamhspleách ó RTÉ i dtaobh cúrsaí nuachta agus cúrsaí reatha.

Faoi láthair, is é RTÉ a chuireann Nuacht TG4 agus 7Lá ar fáil do TG4. Déantar sin mar chuid den dualgas reachtúil atá ar RTÉ 365 uair an chloig de chláir a chur ar fáil do TG4.

Léirigh baill foirne Nuacht TG4 imní agus fearg anuraidh faoi phlean an stáisiúin go mbeadh a seirbhís nuachta neamhspleách go hiomlán ó RTÉ feasta.

Cháin baill foirne an easpa cumarsáide agus an éiginnteacht, dar leo, a bhain le cur chuige TG4 i leith na nuachta.

Fág freagra ar '€13.6 milliún á lorg ag TG4 chun ‘athshamhlú’ a dhéanamh ar chúrsaí nuachta'