Dea-chaidreamh á chothú idir rialtas na hÉireann agus rialtas nua na Breataine agus céimeanna á dtógáil chun páirtnéireacht Angla-Éireannach mar a bhí i réim nuair a rinneadh Comhaontú Aoine an Chéasta a athbheochan.
Is é athshocrú an focal faire don gcaidreamh idir an dá rialtas atá ag súil go mbeidh séasúr na máirseála ciúin mar a bhí le tamall de bhlianta. Má theastaigh fianaise ón dá rialtas faoin easpa athmhuintearais sé bliana fichead tar éis Chomhaontú Aoine an Chéasta bhí sí le feiceáil ag dornán de thinte cnámh an aonú oíche dhéag. Cuirtear tús le mórcheiliúradh bliantúil na nOráisteach oíche an 11 Iúil leis na céadta tinte cnámh roimh na máirseálacha lá arna mhárach.
Mar is gnách bhí taispeántais fuatha agus seicteachais ag cuid de na tinte. D’fhógair an PSNI go raibh póstaeir a bhagair go scaoilfí Colum Eastwood, ceannaire an SDLP, á fhiosrú mar choir fuatha. Loisceadh póstaeir Michelle O’Neill, Sinn Féin, agus Claire Hanna, an SDLP, ar cheann eile agus caitheadh bratach na hÉireann agus bratach na Palaistíne ar roinnt mhaith tinte.
I ndiaidh drochthoghchán d’aontachtaithe tá míshuaimhneas le brath i measc roinnt dílseoirí agus an aicme pholaitiúil trína chéile. Ní cheaptar go bhfuil na hinstitiúidí polaitiúla in Stormont i mbaol ach ní féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh siad rathúil. Gnó don dá rialtas é sin.
Dearfach agus tairbheach an cur síos a bhí ag an dá thaobh ar an gcéad chruinniú oifigiúil idir an Tánaiste Micheál Martin agus Státrúnaí an Tuaiscirt, Hilary Benn i gCaisleán Chroimlinne oíche Déardaoin. Ma bhí daoine ag súil le fógra ina dhiaidh go raibh an tAcht Oidhreachta conspóideach a chuir cosc ar fhiosruithe faoi eachtraí le linn na dTrioblóidí curtha ar ceal cheana féin nó go raibh maoiniú á cheadú do Pháirc Mhic Easmuinn bhí thiar orthu.
Pléadh na ceisteanna sin agus beifear ag súil le soiléire fúthu gan mhoill. Beidh siad ar an gclár oibre don chéad chruinniú idir an Taoiseach Simon Harris agus an Príomh-Aire Keir Starmer in Chequers an tseachtain seo chugainn. I ráiteas a d’eisigh Oifig Thuaisceart Éireann i ndiaidh an chruinnithe d’fháiltigh an Státrúnaí Benn roimh chinneadh rialtas na hÉireann comhoibriú leis an bhfiosrú faoi bhuamáil na hÓmaí.
Ar an 15 Lúnasa 1998, ráithe tar éis Chomhaontú Aoine an Chéasta mharaigh easaontóirí poblachtacha an Fíor-IRA naonúr is fiche agus beirt leanaí gan bhreith in ionsaí buamála inar gortaíodh breis is dhá chéad. Gheall an rialtas d’íobartaigh go gcomhoibreodh siad le fiosrú nua a bunaíodh i mí Feabhra. Dé Máirt seo caite chinn cruinniú rialtais go nglacfaí le cuireadh ó chathaoirleach an fhiosraithe, Lord Alan Turnbull, a bheith páirteach i réamhéisteacht ar an 30 Iúil, próiseas casta, a dúradh, toisc gur dlínse eile atá i gceist.
Comhartha dearfach é an cinneadh sin, an t-aon ghníomh a bhí feicthe mar fhianaise ar an gcaidreamh feabhsaithe faoin am a bhuail na comhchathaoirligh ar an gComhaontú le chéile Déardaoin. Go dtí seo is ar ‘athshocrú’ an chaidrimh is mó a bhí béim, é glan soiléir nár mhór iarracht shonrach chun an nimh a chuir Breatimeacht na gCaomhach sa chorcán a ghlanadh.
Is léir gur mian le rialtas Keir Starmer an caidreamh leis an Aontas Eorpach a fheabhsú. Chuige sin bheadh siad ag cuimilt meala le hÉirinn ar aon nós ach thairis sin tá dúil acu nach raibh ag na Tóraithe i bhforbairt phróiseas síochána/polaitíochta abhus. Ní hiontas sin. Airíonn an Lucht Oibre gur mhaise orthu féin é an Comhaontú. Leag an Tánaiste agus an Státrúnaí béim ar an tábhacht atá le comhoibriú eatarthu ar mhaithe le Tuaisceart Éireann agus le rath an dá oileáin. Níl ré Starmer ach ina tús ach beifear ag súil le fianaise nithiúil ar an dea-thoil go luath.
Fág freagra ar '‘Athshocrú’ polaitiúil agus sean-nósanna seicteacha'